Ó Néill agus Ó Dómhnaill
Na Taoisigh sa Róimh
Turas Ráth Chairn
Feabhra 2010
Ar an 13 Feabhra 2010, thug Cór Eaglasta Ráth Chairn agus Ceoltóirí Thlachtga, 55 duine ar fad aghaidh ar an Róimh. Bhí Aifreann speisialta i gcuimhne na hUaisle Gaelacha atá curtha i San Pietro in Montorio ar an 14 Feabhra ar a 2.45 tráthnóna. Ba é an tAthair John Kennedy an ceiliúraí. I láthair bhí Noel Fahy, Ambasadóir na hÉireann i ndáil leis an Suí Naofa agus a Bhean Chéile, An Moinsíneoir Bergin, Uachtrán Choláiste na nGael sa Róimh chomh maith le hÉireannaigh eile a bhfuil cónaí orthu sa Róimh, muintir Uí Eallaithe as Mhúscraí ina measc.
Le linn an tsearmanais, chas Éanna Ó Cróinín Caoineadh Uí Néill ar na Píopaí Uilleann agus chas Ódhrán Ó Casaide Caoineadh Uí Dhomhnaill ar an veidhlín.
Bhronn muintir na Gaeltachta Crois Bhríde ar an gCeiliuraí, An tAthair Kennedy, ar an Sagart Paróiste An tAthair Anicento Gomez agus ar an mBráthar Chris Kierans, a chabhraigh go mór linn chun tabhairt faoin dturas seo.
I ndiaidh an Aifrinn, bhí cuireadh uaidh Ambasadóir Noel Fahy don slua ar fad dul chuig Fáiltiú sa Villa Spada, Teach na hAmbasáide. Bhronn Muintir na Gaeltachta Crois Bhríde ar an Ambasadóir. Cuireadh coirm cheoil i láthair don tslua 'is ní raibh ríl ná jig na hornpipe nach raibh an oíche úd casta.'
Ár mbuíochas chomh maith leis an tAthair Claudio Arevalos as Paragua a bhfuil cónaí air sa Róimh a chabhraigh go mór linn ó thaobh lóistín de. Agus ar mbuíochas ó chroí do Chiarán Michael Durkin, fear óg as Chontae na Mí a bhfuil cónaí air sa Róimh a chabhraigh go mór maidir le cúrsaí turasóireachta agus taistil sa gcathair. |

Aodh Mór Ó Néill

|
Iolar an Tuaiscirt

Fuadach Aodha Rua
''Ó triallaigh liom ar bhord na loinge” arsa an captain béilbhinn bréagach........... |
Is é Liam Mc Cóil a chur an t-eolas stairiúil seo le chéile dúinn i Feabhra na bliana 2010.
Cé tá curtha i San Pietro?
Is iad atá curtha faoi urlár na heaglaise, in San Pietro in Montorio:
Ó Dónaill, is é sin Ruairí Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill (†28 Iúil 1608) a fuair an teideal ar bhás a dhearthár, Aodh Rua (†9 Meán Fómhair 1602), sa Spáinn
Cafarr Ó Dónaill, deartháir óg le hAodh Rua agus Ruairí a fuair bás agus é 25 bliain d’aois ((†15 Meán Fómhair 1608)
Aodh Ó Néill, mac le hÓ Néill a fuair bás agus é 24 bliain d’aois (†23 Meán Fómhair 1609)
Ó Néill, is é sin Aodh Mór Ó Néill, Iarla Thír Eoghain (†20 Iúil 1616)
D’fhéadfadh sé go bhfuil daoine eile nó daoine eile dá muintir curtha ann.
An Cogadh Naoi mBliana
Ba iad Ó Néill agus Ó Dónaill (Aodh Rua) a bhí i gceannas sa chogadh i gcoinne riail na Sasanach ar feadh naoi mbliana idir na blianta 1594 agus 1603. Bhí buanna mór acu, go háirithe ag Béal an Átha Buí i 1598. Ach ní raibh ar a gcumas cathracha agus bailte móra a ghabháil agus bhí a fhios acu nach n‑éireodh leo deireadh a chur le riail Shasana in Éirinn gan chúnamh na Spáinne. Gheall siad dílseacht do Rí na Spáinne, Pilib II, ach ainneoin iomad geallúintí uaidh, roimh an gcogadh agus lena linn, nuair a tháinig cúnamh ón Spáinn sa deireadh, bhí sé róbheag agus tháinig sé go dtí an áit mhícheart: Cionn tSáile i ndeisceart Chúige Mumhan. Bhí an bua ag na Sasanaigh i gCath Chionn tSáile i dtús na bliana 1602 agus sa bhliain 1603 rinne Ó Néill agus Ó Dónaill síocháin na Mainistreach Móire (le Rí nua Shasana, Séamas, mar a tharla ach nach raibh a fhios acu sin ag an am).
An Ciapadh i ndiaidh na Síochána
Thug coinníolla na síochána, cothrom na Féinne d’Ó Néill agus d’Ó Dónaill agus do na taoisigh eile a bhí páirteach leo. Tugadh pardún an Rí do gach duine a bhí sa chogadh. Tugadh a gcuid talún ar ais dóibh. Ach ba rud amháin na coinníollacha a bhí scríofa ar pháipéar, ba rud eile ar fad é arm Shasana agus dearcadh an rialtais i mBaile Átha Cliath. Lean na ceannairí airm Shasana orthu ag ciapadh Uí Néill agus Uí Dhónaill, ag imirt foréigin ar a muintir, ag marú, ag éigniú, ag milleadh. Bhí na ceannairí airm beag beann ar na cúirteanna, agus ar an dlí a bhí siad féin ceaptha a chur i bhfeidhm. San am céanna bhí tuilleadh talún á bhaint de na taoisigh agus gan aon chosaint á fáil acu ón dlí ná ó na cúirteanna, ach an rialtas, ionadaí an Rí, Chichester, go háirithe, á maslú agus ag spreagadh tiarnaí áitiúla le cur ina n‑aghaidh. Ba namhaid cruthanta dóibh Ionadaí an Rí agus rinne sé gach ab fhéidir leis chun baint dá n‑údarás, dá seasamh, is dá stádas i measc a muintire féin.
Imeacht chun na Róimhe 1607-08
Dar le Ruairí Ó Dónaill, a tháinig i gcomharbacht ar Aodh Rua, ní raibh aon réiteach air ach Éire a fhágáil, dul chun na Spáinne agus arm a fháil ansin agus teacht ar ais go hÉirinn agus cogadh a chur ar na Sasanaigh arís. Ag an nóiméad deireanach, d’aontaigh Ó Néill leis. Ar an ábhar sin, sa bhliain 1607 d’imigh na taoisigh Ó Néill, Ó Dónaill, agus Mag Uidhir ar bord loinge le slua mór dá lucht leanúna – suas le céad duine ar fad. Bhí súil acu an Spáinn a bhaint amach ach de bharr drochaimsire b’éigean dóibh dul i dtír i dtuaisceart na Fraince. Uaidh sin chuaigh siad go dtí na hÍsiltíortha, síos trí Lorráin agus an Eilbhéis, go dtí Milano i dtuaisceart na hIodáile agus uaidh sin go dtí an Róimh, áit ar fhan siad agus áit a bhfuair go leor acu bás.
Mór an lucht arthraigh Éire
Scríobh Fearghal Mac an Bhaird dán faoi Imeacht na dTaoiseach. Dar leis gur mór an t‑ualach loinge (‘arthrach’) Éire. Is é sin b’ionann agus Éire féin a bheith ag imeacht na taoisigh a bheith ag dul thar sáile. Ag an am a scríobh sé an dán shíl Mac an Bhaird gur ag dul chun na Spáinne a bhí siad. Seo cúpla rann.
Mór an lucht arthraigh Éire;
siar tar sleasaibh seinBhéirre
do-chuaidh an tonnbhán tráichtte
uainn i n-urlár éinbháirce. |
[Mór an lucht loinge í Éire;
ag dul siar taobh le Béarra ársa
chuaigh na huaisle leis na cosa bána
uainn ar urlár aon bháid amháin.] |
Do ghad a hanam aisde
Éire na gcuan gciomhaiste
dá éan uachtair chuaine Chuinn
do ruachtain uain-ne i n-aonluing. |
[Do ghoid sé an t‑anam aisti,
Éire na gcuan le ciumhaiseanna,
dhá éan ó thuaisceart na tíre
a bheith ag imeacht uainn in aon bhád.] |
Ó Néill, Ó Domhnaill díon sgol
Ó Domhnaill, Ó Néill neartmhar,
glóir Banbha i mbáirc na deise;
tráicht fhalmha dá inneise. |
[Ó Néill agus Ó Domhnaill a thug cosaint do na filí,
Ó Domhnaill agus Ó Néill láidir,
glóir na hÉireann i mbád na beirte sin;
tránna folmha a insíonn an scéal.] |
An long-sa do imdhigh uann
cluinnsin a heachtra n-ionnfhuar
tug a bhríogh im churp do chlódh;
a lucht fa-ríor is rómhór. |
[An long seo a d’imigh uainn
an eachtra fionnfhuar a bhaineann léi a chloistéail
bhain sin an bhrí as mo chorp;
a uallach, faraor, tá sé rómhór.] |
An Cluiche Idirnáisiúnta
Nuair a shocraigh na taoisigh cúnamh a iarraidh ar Philib II na Spáinne, is é sin, ar Rí Caitliceach Rómhánach é a bhí ag troid i n‑aghaidh na Sasanach Protastúnach, chuaigh siad i bhfostó i bpolaitíocht idirnáisiúnta nach raibh aon smacht acu uirthi. Níor thug Pilib II na Spáinne an cúnamh dóibh a theastaigh uathu, ná a mhac Pilib III, ach an oiread, a tháinig i gcomharbacht air sa bhliain 1598. Mar a chéile bhí an Pápa Clemens VIII a bhí ina Phápa ó 1592 go 1605, ní raibh sé ag iarraidh olc a chur ar Henri IV na Fraince a raibh sé tar éis teacht ar shocrú leis. Mar sin níor theastaigh uaidh an iomarca tacaíochta a thabhairt don Spáinn trí thacaíocht do na taoisigh Éireannacha. Ansin nuair a tháinig Séamas VI, Rí Alban, i gcoróin i Sasana, rinne an Spáinn síocháin leis sa bhliain 1604. Le Sasana a thabhairt ar thaobh na síochána, níor bhrúigh na Spáinnigh éilimh na nGael chun tosaigh agus níor cuireadh san áireamh iad mar chuid den tsíocháin. Mar a chéile an Pápa, ba thábhachtaí leis-sean sábháilteacht, seasamh agus teacht chun cinn na hEaglaise Caitlicí i Sasana ná cás na nGael Caitliceach in Éirinn.
An Truamhéala
Tá truamhéala ag baint le cás na nGael sa Róimh. Thug an Pápa a tháinig i ndiaidh Clemens VII, Pól V, gradam agus onóir do na taoisigh agus dá lucht leanúna sa Róimh. Tugadh tús áite d’Ó Néill ag an searmanas nuair a rinne an Pápa naomh de Francesca Romana i mBaisleac mór Naomh Peadar, 29 Bealtaine, 1608 – agus dá bharr sin tá pictiúr againn d’Ó Néill agus é i láthair ag an searmanas céanna, é gar don Phápa in aice le hAmbasadóir na Spáinne. Ar an gcaoi chéanna d’iompar na taoisigh forscáth (nó ‘canabaí’ mar a deir Tadhg Ó Cianáin) an Phápa i mórshiúl Chorpus Christi, 5 Meitheamh 1608. Ach ní raibh aon substaint sa tacaíocht sin. Níor thacaigh an Pápa, ná Rí na Spáinne, le hiarrachtaí Uí Néill arm a chruinniú agus filleadh ar Éirinn chun troid i gcoinne na Sasanach, fiú nuair a bhí éirí amach tosaithe cheana féin, ag Ó Dochartaigh in Inis Eoghain agus ag Mac Domhnaill in Albain. Chuir an Pápa teach ar fáil do na prionsaí mar a tugadh orthu – bhí siad ina gcónaí in Palazzo dei Penitenzieri – ach níor chuir sé aon troscán ar fáil dóibh. De réir tuairisce amháin bhí orthu codladh ar an urlár. D’íoc Rí na Spáinne as a gcostais laethúla ach bhí an méid a chuir ar fáil (700 nó 800 ducati in aghaidh na míosa) i bhfad níos lú ná an liúntas pearsanta – an bhreab – a bhí sé ag tabhairt do thiarnaí áirithe ar Chomhairle an Rí Séamas i Sasana.
Bás na nUaisle
Fuair Ó Dónaill bás 28 Iúil 1608. An tseachtain ina dhiaidh sin fuair Muiris, buachaill freastail Uí Néill, bás. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin arís d’imigh na taoisigh Mag Uidhir agus Séamas Mac Mathúna go Genova agus fuair siad bás ansin ar an lá céanna, 12 Lúnasa, d’fhiabhras. Fuair Cafarr Uí Dhónaill bás mí ina dhiaidh sin, 15 Meán Fómhair 1608. Bhí mac Uí Néill, Aodh, go dona tinn freisin ach d’fhan sé ina bheatha go ceann bliana eile agus fuair bás 23 Meán Fómhair 1609. Leag Tadhg Ó Cianáin locht ar aer urchóideach Ostia – áit ar ar thug cuid den na huaisle cuairt is lár an tsamhraidh 1608 – agus aer nimheanta na Róimhe. Deirtear go mb’fhéidir gur tholg siad maláire. Seo mar a scríobh Ó Cianáin faoi bhás Aodha mhic Aodha Uí Néill i Meán Fómhair 1609.
Faraoir géar! Tá scéala dearfa againne ó urchóid aer na Róimhe!
Inné, 24 Meán Fómhair, 1609, adhlacadh mac agus oidhre dílis diongbhála Uí Néill – Aodh Ó Néill, Barún Dhún Geanainn, agus ábhar tiarna Chineál Eoghain agus an taobh ó thuaidh d’Éirinn gan imreasain gan freasúra.
Och! Och! Chráigh agus threaghd bás Aodha ár gcroí!
Mo chreach Aodh!
Tadhg Ó Cianáin
Ba de theaghlach ársa léannta é Tadhg Ó Cianáin. Bhí siad mar sheanchaithe ag Mag Uidhir ar feadh na gcéadta bliain agus mar airchinnigh i bparóiste Chlaoninse ar Loch Éirne. Scríobh sé cuntas ar imeacht na nIarlaí agus is mar gheall air sin go bhfuil a fhios againn oiread sin fúthu – a dturas farraige, an t‑aistear tríd an Eoraip, agus a ndearna siad agus iad sa Róimh. Tá cuntas aige ar na daoine a casadh orthu, ar na séipéil ar thug siad cuairt orthu. Leag Ó Cianáin béim faoi leith ar na heaglaisí agus ar thaisí na naomh mar ba chosúil go raibh Ó Néill ag iarraidh é féin a thaispeáint mar phrionsa Caitliceach Rómhánach an uair a bhí an Eoraip á scoilt go dearfa diongbháilte ina dhá champa mhóra idirnáisiúnta, Caitlicigh agus Protastúnaigh. Tá cur síos breá aige ar pharáideanna móra agus tinte ealaíne, i meas nithe eile. Ar 1 Lúnasa 1608 thug Ó Néill cuairt ar San Pietro in Vincoli agus chonaic dealbh Mhaois le Michelangelo. ‘Taispeánadh dó,’ arsa Ó Cianáin, ‘pictiúr Mhaois, mac Amram, arna tharraingt go hintleachtúil fíneálta i marmar.’ Fuair Ó Cianáin bás sa bhliain 1612.
Leac Uí Dhónaill
os comhair na haltóra in San Pietro in Montorio
D.O.M.
Don Phrionsa Ruairí Ó Dónaill,
Iarla Thír Chonaill in Éirinn;
Ar son an chreidimh Chaitlicigh
tháinig sé trí chontúirtí móra;
I gcogadh agus i síocháin araon
ba é taca agus cosantóir ródhílis
an chreidimh Aspalda Rómhánach é.
Chun an creideamh a chosaint agus a chaomhnú
d’fág sé a thír dhúchais
agus thug cuairt ar phríomhionaid na naomh sa Bheilg, sa Fhrainc, agus san Iodáil,
áit ar fháiltigh an prionsaí Críostaí roimhe
le grá agus onóir thar cuimse,
agus an Tiarna Athar Rónaofa Pól V, Pápa,
le gean athairiúil,
Agus de-ghuí na gCaitliceach aige go bhfillfeadh sé go slán,
chuir sé tromchiach ar a ghaolta
agus léan ar gach saghas duine sa chathair seo
lean bhás anabaí. D’éag sé 29 Iúil,
bliain an tSlánaithe 1608, in aois 33.
Ar an bhóthar céanna go luath ina dhiaidh sin,
– chun go mbeadh an t‑aoibhneas céanna aige in éineacht leis –
lean a dheartháir Cafarr é,
a chomrádaí i gcontúirt agus i ndeoraíocht,
le lándóchas agus súil ar na flaithis.
De bharr uaisleacht a anama,
agus í maisithe lena shuáilce agus a dhea-thréithe,
d’fhág sé cuma agus buaireamh ar a chomhdheoraithe
ar 14 Meán Fómhair díreach ina dhiaidh sin
sa 25ú bliain dá aois.
Roimh an bheirt eile in aois agus in ord a bháis,
tháinig an deartháir ba shine,
An Prionsa Aodh;
nuair a bhí beartas naofa Caitliceach ar siúl aige
ar son a chreidimh agus a thíre,
d’fháiltigh Pilib III, Rí na Spáinne,
go grámhar roimhe ina bheo,
agus ar éag dó i mbláth na hóige
ghlac sé cúram air féin
go n‑adhlacfaí go honórach é
i Valladolid sa Spáinn, an 10 Meán Fómhair,
aois an tSlánaithe 1602.
Leac Aodha, mac Uí Néill
D.O.M.
Do Aodh, Barún Dhún Geanainn,
an mac ba shine don Phrionsa, Aodh Mór Ó Néill,
Iarla Thír Eoghain;
De bharr a dhílseachta neamhchoitianta
do Dhia agus dá thuisnitheoirí
lean sé a athair,
agus Ruairí, Iarla Thír Chonaill, a uncail
a d’fhág a gcuid eastát dá ndeoin féin
agus a chuaigh ar deoraíocht
chuig cathair na Róimhe,
dídean coitianta na gCaitliceach,
ar son an chreidimh Chaitlicigh
a bhi siad tar éis a chosaint go láidir
ar feadh mórán blianta
in aghaidh na n‑eiriceach in Éirinn;
Scrios a bhás anabaí
an dóchas a bhí curtha ann ag cách
de bharr a shárthréithe anama agus coirp,
go gcuirfeadh sé, lá éigin,
an creideamh Caitliceach faoi bhláth athuair
sa tír sin;
nascadh sa bhás é
le Ruairí thuasluaite, a uncail,
a bhí sciobtha ag an bhás mar an gcéanna;
D’éag sé faoi olagón a ghaolta agus na cúirte go léir,
23 Meán Fómhair, 1609,
in aois 24.
Leac Uí Néill
Níor tháinig leac Uí Néill slán. Is é is dócha gur scriosadh é nuair a chuir na Francaigh an Róimh faoi léigear sa bhliain 1849 mar chuid den fheachtas acu ar son an Phápa i gcoinne lucht an Risorgimento, Mazzini agus Garibaldi, a bhí i bhfeighil na cathrach. Scrios caortha tine na Francaigh cuid den eaglais agus seans go ndeachaigh leac Uí Néill amú san atógáil. Ach rinne Gasparo Alveri taifead a leacracha na heaglaise agus foilsíodh a leabhar, Della Roma in ogni stato, sa bhliain 16in 1664. Seo a bhí ar an leac dar leisean:.
D.O.M.
HUGONIS PRINCIPIS ONELLI
OSSA
Is é sin: (Don Dia is fearr agus is mó) Cnámha Aodha Prionsa Uí Néill.
Caoineadh na dTaoiseach
Ceann de na caointe is cumhachtaí agus is uaisle sa Ghaeilge Chlasaiceach is é Eoghan Rua Mac an Bhaird, a scríobh. Do Nuala Ní Dhomhnaill, deirfiúr Ruairí agus Chafairr a scríobh sé é agus is éard atá ann caoineadh ar Ó Domhnaill, ar a dheartháir, Cafarr agus ar Aodh mac Uí Néill, agus sin déanta mar is cuí d’fhile Uí Dhomhnaill. Ina lár tá caithréim thraidisiúnta aige a rianann cuid de phríomhimeachtaí an Chogaidh Naoi mBliain. Feiceann an file Nuala ina haonair os cionn uaigheanna an triúir gan aon duine léi a dhéanfadh comhbhá léi nó a thabharfadh sólás di, murab ionann agus an chaoi a mbeadh cúrsaí dá mbeadh sí fós in Éirinn agus go dtiocfadh na sluaite as chuile chearn den tír ar an tsochraid. Sin é atá i gceist le faill a fháil ar an bhfeart – deis a fháil asat féin os cionn na huaighe. Ní deacair Nuala a fheiceáil in eaglais San Pietro in Montorio, í ina haonair, ag caoineadh a beirte dearthár. Tá 39 rann sa dán agus seo cúpla ceann as.
A bhean fuair faill ar an bhfeart,
truagh liom a bhfaghthaoi d’éisdeacht;
dá mbeath fian Ghaoidheal ad ghar
do bhiadh gud chaoineadh congnamh. |
[A bhean a fuair deis a bheith os cionn na huaighe
is trua liom a bhfuil ann le héisteacht leat;
dá mbeadh fianna Gael in aice leat
bheadh cúnamh ag do chaoineadh.] |
As fada go bhfuighthi an fhaill
dá mbeath thiar a dTír Chonaill;
láimh re sluagh mBoirche dá mbeath,
ní foighthe an uagh go huaigneach. |
[Is fada go bhfaighfí an deis
dá mbeadh thiar i dTír Chonaill;
dá mbeadh gar do shlua Boirche,
ní bhfaighfeá an uaigh go huaigneach] |
A nDoire, a nDruim Chliabh na gcros,
a nArd Mhacha as mór cádhos,
ní foighthe lá an feart ar faill
gan mhná do theachd fa thuairim. |
[I nDoire, i nDroim Chliabh na gcros,
in Ard Mhacha ar mór a naofachta,
ní bhfaighfeá aon lá an uaigh tréigthe
gan mná ag teacht timpeall uirthi] |
Tiocfadh an bhean ón Mháigh mhoill,
ó Bhearbha, ó Shiúir, ó Shionainn;
an bhean ó Chruachuin na gcath,
’sa bhean ó Thuathaibh Theamhrach |
[Thiocfadh an bhean ón Mháigh mhall
ón mBearbha, ón tSiúir, ón tSionainn;
an bhean ó Chruachain na gcath,
agus bean ó Thuatha na Teamhrach.] |
Do hísléaghtha ó ingnibh sgor
an cnoc ’nar crochadh Peador;
ní bhiadh an teach gan gháir nguil
dá mbeath láimh re Fiadh bhFionntuin. |
[D’ísleodh crúba na gcapall
an cnoc ar ar crochadh Peadar;
ní bheadh teach gan scread agus gol
dá mbeadh sé in aice le Fiodh Fionntain.] |
Dá mhac ríogh don fhréimhsin Chuinn
atá ar gach ttaobh d’Ú Dhomhnuill;
na trí cuirp ré a síneann sibh –
fírearr ar n‑uilc a n‑oighidh! |
[Dhá mhac rí de fhréamh Choinn
atá ar gach taobh de Ó Domhnaill;
an trí chorp a bhfuil tú sínte leo –
barr oilc dúinne a mbás.] |
An dá chloichsin ósa gcionn
dá bhfaicdís ógbhuidh Éirionn,
ar aoi a líneadh do léaghadh
caoi ar míleadh do mhoisgéaladh. |
[An dá chloch sin atá os a gcionn
dá bhfeicfeadh ógánaigh na Éireann iad,
tar éis dóibh na línte a léamh
chuirfeadh sé na saighdiúirí ag caoineadh.] |
Dias don triursoin tarla asttigh
clann Aodha, ardfhlaith Sligigh;
ua don Aodhsoin duine díobh,
cuire d’aostoigh na n‑airdríogh. |
[Beirt den triú atá istigh
clann Aodha iad, ardtaoiseach Shligigh;
ua don Aodh sin duine eile
dream as teach ársa na n-ardríthe.] |
Cia an Gaoidheal nach guilfeadh libh
bláth fréimhe maicne Mílidh?
bhar n‑oire cia ar nach cuirfeadh?
cia an croidhe nach criothnuighfeadh? |
[Cén Gael nach ngolfadh leat
mar gheall bhláth fhréamh chlann Mhíle?
Cé nach n-aireodh d’uallach air?
Cén croí nach mbeadh ag crith?] |
Díbir ar Dhia an dtuirsi dtruim
uait a Inghean Í Dhomhnaill;
gearr go dtéighe ar séad mar soin,
féag na céime fad’ chomhair. |
[Ar son Dé, díbir an brón trom seo
uait a Iníon Uí Dhomhnaill;
gearr go rachaidh tusa an bealach céanna,
féach na céimeanna os do chomhair.] |
A ríoghan fhréimhe Dáluigh
tánuig ón tuinn iombádhuigh,
nach rabh ní as sia a fherg ret’ fhuil
fagh ó Dhia, an Ceard rod chruthuigh. |
[A bhanríon de fhréamh Dálaigh
a tháinig thar an bhfarraige bháiteach
le nach mbeadh a fhearg le do ghaolta níos mó
faigh ó Dhia an Ceardaí a chruthaigh tú.] |
Do shaoileamar, do shaoil sibh
dál cabhra ag clannuibh Mílidh
tréasan dtriar tarla san uaigh,
ag triall o Bhanbha bheannfhuair. |
[Shíl muide, mar a shíl tusa,
cabhair a bheith ag clanna Mhíle
tríd an triúr atá san uaigh,
agus muid ag teacht ó Bhanbha na mbeann fuar.] |
Ceann Aodha Óig Uí Néill
Ar chúis éigin, seacht mbliana tar éis é a bheith curtha, is é sin sa bhliain 1623 nó 1624, ardaíodh corp Uí Néill as an uaigh. Seans gur ar an ócáid chéanna sin a thángthas ar chorp a mhic, Aodh Rua Ó Néill. Scríobh Aodh Mac Aingil, a bhí mar oide ag Aodh Óg nó Aodh Rua mar a tugadh air, tráth, dán faoi, ‘Ceann Aodha Í Néill’. Seo cúpla rann as.
A fhir fhéachas uait an cnámh,
ná fiafraigh do chách cé hé;
ná bí in ainbhfeas ach druid leam:
is mise ceann Aodh Í Néill.
Do bhéar duit gearrléigheann glan:
an saoghal ná car go bráth;
dá lucht chogaidh, ní ghén díth
’s is cealgach bhíos dá aois ghráidh.
Iomaí gealladh nach mbíonn fíor;
iomaí líon lé ngabhann inn;
fírinneach, dar leat, atá
’s is bréag do ghnáth do-ní linn.
Do gheall halla, caisleán, cúirt,
grianán álainn go múr mbláith:
thug dhamh uamhaidh gcumhaing gcriadh
is biad inti go dtí an bráth.
Do gheall teaghlach, muinntear mhór,
óg-ghasraidh fá lór do shluagh;
im aonar fa chriaidh atáim
is biad amhlaidh go lá an Luain.
Cuimhnigh an bhreith rugadh orm –
leanfaidh sibhse ár lorg is ár ré:
níl do dhifir san súd
ach sibhse inniu is sinne inné.
Thug an saoghal dhamhsa a rún;
guidhim sibhse – scrúd mo chás,
gabh múnadh an leomhain uaim,
a fhir fhéachas uait an cnáimh.
Roinnt áiteanna a bhfuil baint acu leis na Taoisigh
Níl anseo ach cuid bheag de na háiteanna sa Róimh a bhfuil baint acu leis na taoisigh. Thug siad cuairt ar go leor eaglaisí agus séipéal agus sna míonna tosaigh, go cinnte, bhí siad i láthair ag go leor ócáidí solúnta.
Palazzo dei Penitenzieri
Dar le Tomás Ó Fiaich, Micheál Mac Craith agus scoláirí eile, seo é an teach a chuir an Pápa ar fáil do na taoisigh agus is ann a bhí cónaí orthu. Is é uimhir 33 é ar an via della Conciliazione sa Rione di Borgo, ní ró-fhada ó bhaisleac Naomh Peadar. An Cairdinéal Domenico della Rovere a thóg é sa bhliain 1480.
San Pietro in Montorio
An áit a bhfuil ar a laghad ceathrar de na huaisle curtha. Ba leis na Proinsiasaigh an séipéal agus an mhainistir in aice láimhe. Sa chúigiú haois déag a tógadh an eaglais ar ordú ó Isabella agus Fernando na Spáinne. Deirtear gur ar an láthair a céasadh Naomh Peadar ar an gcrois. Sa chlós ar an taobh dheis tá an Tempietto a thóg Donato Bramante i bhfíorthosach na séú haoise déag.
Baisleac Naomh Peadar
Bhí an ardeaglais atá anois ann a dhear Michaelangelo tógtha faoin am a tháinig na taoisigh – bhí sé á tógáil i rith na séú haoise déag agus cuireadh an cruinneachán mór uirthi i 1590. Ach ní raibh sí baileach criochnaithe ar fad – ní raibh díon agus colúin chasta na haltór ann, mar shampla – níor chríochnaigh Bernini é sin go dtí 1633. Is anseo a bhi Ó Néill agus Ó Domhnaill i láthair nuair a rinneadh naomh de Francesca Romana, agus gradam mór faighte acu ón bPápa ar an ócáid sin.
San Giacomo Scossa Cavalli
Is é atá ráite ag Tomás Ó Fiaich faoin uair a d’iompair na taoisigh ‘canabaí’ an Phápa i mórshiúl Chorpus Christi: ‘ Tá Eaglais San Giacomo Scossa Cavalli suite sa Piazza Scossacavalli, giota beag isteach ar dheis agus tú ag siúl suas an Via della Conciliazione i dtreo Eaglais Pheadair. Bhí sí in aice leis an phálás a raibh Ó Néill ina chónaí ann mar sin ní raibh eatarthu ach na mionsráideanna cúnga a glanadh ar shiúl cúig bliana agus fiche ó shin chun an Via dela Conciliazione a dhéanamh.’ Is fiú cuid de chuntas Uí Chianáin a thabhairt.
‘Déardaoin Chorp Chríost tháinig ordú ón Athair Naofa gus na maithe seo ionas go rachadh ina bpearsana féín ochtar de rogha a ndea-dhaoine a iompar canabaí a bhí os an tSacraimint Naofa is í i lá—ha an Phápa, á hiompar go honórach i modh mórshiúil ó Phríomhtheampall Pheadair sa Vatacáin go Teampall San Séamas i Borgo Vecchio, agus as sin arís go Teampall Pheadair.
Chuaigh siadsan i láthair Naofacht an Phápa, agus d’iompair siad an canabaí os an tSaicrimint Naofa agus os an bPápa. Ní bhfuair Éireannaigh riamh a chomparáid sin d’onóir agus d’oirmhinn....
B’onórach oirmhinneach aoibhinn an mórshiúl, óir bhí formhór oird rialta agus uile ord agus chomhthionól phríomheaglaisí cathartha na Róimhe ann, le hiomad prionsaí agus diúc agus mórthiarnaí. Níor lú leo ná míle lóchrann lasúil céireach. Bhí seisear ar fhichid, idir ardeaspaig agus fho-easpaig, ina ndiaidh sin, agus sé chairdinéal déag ar fhichid as a haithle. Bhí an Pápa ag iompar na Sacraiminte, agus na tiarnaí Éireannacha agus na daoine uaisle – ochtar a gcomhlíon – faoin gcanabaí.
Bhí a gharda saighdiúirí Eilvéiseacha i mórthimpeall an Phápa, agus ar gach taobh de agus ina dhiaidh a dhá thrúpa mhór marclaigh. Bhí na sráideanna comhlíonta le daoine as a haithle, agus ba shamhalta le cách nár lú ná céad míle a bhí siad.’
San Pietro in Vincoli
Thug Ó Néill cuairt ar an eaglais seo 1 Lúnasa 1608. Is ann atá na slabhraí a cheangail Naomh Peadar agus dealbh Maois le Michelangelo. Tá sé gar do stáisiún metro V. Cavour.
Piazza di Montecitorio
‘Bhí an Barún agus mac Uí Dhónaill ina luí san fhiabhras leis an ré aimsire sin go huile. Tochuireadh, de réir theagasc na ndochtúirí, iad go pálás onórach i Monte Citorio, a ghlacadh athrach aeir...’ Sin a dúirt Ó Cianáin. Is ann a fuair Cafarr Ó Dónaill bás, i bpálás mór a bhain leis an gCuria. Ní cosúil go bhfuil sé ann níos mó. An Palazzo di Montecitorio atá ann anois (Dáil na hIodáile) níor thóg Bernini é go dtí lár na seachtú haoise déag.
Foinsí an eolais
David Edwards ‘The plight of the earls: Tyrone and Tyconnell’s “Grievances” and Crown coercion in Ulster, 1603-07’ in Thomas O’Connor agus Mary Ann Lyons eag. The Ulster Earls and Baroque Europe (Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2010).
Dioghluim Dána eag. Lámhbheartach Mac Cionnaith (Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair) lgh 363-7.
Hiram Morgan ‘Policy and propaganda in Hugh O’Néill’s c0nncection with Europ’ in O’Connor agus Lyons eag. The Ulster Earls and Baroque Europe lch 43.
Morgan ‘Policy and propaganda’ lch 49.
‘Tugann an Pápa teach dóibh ach gan slis troscáin ann agus níl cathaoireacha ná leapacha acu,’ a dúirt Ambasadóir na Spáinne i litir chuig Rí na Spáinne – aistrithe agam ó Bhéarla Micheline Kerney Walsh An Exile of Ireland: Hugh O Neill Prince of Ulster (Baile átha Cliath: Four Courts Press, 1996) lch 82; tugtha freisin ag Morgan lch 50
Imeacht na nIarlaí [Cuntas Thaidhg Uí Chianáin] eag. Pádraig de Bara agus Tomás Ó Fiaich (Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1972) lgh 139-140, 141-3, 294, 297, 300-3, 304-5
Imeacht na nIarlaí lch 181.
Imeacht na nIarlaí lch 163; Micheál Mac Craith ‘Early modern Catholic self-fashioning: Tadhg Ó Cianáin, the Ulster earls and Santa Francesca Romana (1608)’ in O’Connor agus Lyons eag. The Ulster Earls and Baroque Europe lgh 242-61; agus aiste Joseph Bergin sa leabhar céanna, ‘The Europe that the earls encountered’ lgh 5-10.
An Laidin sa dá chás aistrithe ag Tomás Ó Fiaich Imeacht na nIarlaí lgh 316, 329.
Tá an chéad dá aistriúcháin ar an Laidin le fáil in Imeacht na nIarlaí lgh316, 329.
An dán ar fad curtha in eagar ag Eleanor Knott in Celtica 5, lgh 161-171.
‘Ceann Aodha Í Néill’ in Cuthbert Mhág Craith Dán na mBráthar Mionúr cuid 1 (Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1967) lgh 171-7; tráchtaireacht in cuid 2 (1980) lgh 193-9.
Imeacht na nIarlaí lgh 304-5.
Imeacht na nIarlaí lgh 142-3
|