|
|
|
||||||
|
Áth Buí le Gaeilge |
|||||||
|
Nuachtlitir Chraobh Uí Ghramhnaigh |
Mí na Samhna 2007 |
||||||
|
San eagrán seo: Oíche Shamhna ar Chnoc Thleachta Ranganna Gaeilge in Áth Buí Ideas for Developing Bilingualism in Voluntary and Community Organisations Measúnú ar Líne / Online Assessment
|
|||||||
|
Tlachtga |
|||||||
|
|
|||||||
| Tá
Tlachtga suite idir Bhaile Átha Buí agus Gaeltacht Ráth Cairn i
gContae na Mí. Tá an Cnoc ainmnithe i ndiaidh Bandia darbh ainm
Tlachtga, Bandia de chuid treibhe na Fir Boilge. Deirtear gur ón
Oirthear tháinig sí. B’iníon í le Mog Roith (Cráifeach an rotha ná
Dia an Rotha) agus Dron. Léiríonn an rotha an ghrian, saolré na
bliana agus na séasúir a bhí an-tábhachtach dár sinsear. Níl mórán
eolas ag daoine ar an gCnoc inniu i gcomparáid le Teamhair na Rí,
ach na millte bliain ó shin bhí sé chomh tábhachtach céanna. Ba
anseo a lastaí an chéad tine chun ceiliúradh a dhéanamh ar Fhéile na
Samhna, Féile na Marbh, ceann de na Féilte ba thábhachtaí sa bhliain
Ceilteach. Bhí ceiliúradh Féile na Samhna ag deireadh an bhliain Ceilteach. Lasadh tine in onóir do Dhia na Tine, Donn Sofheicthe ar Chnoc Thlachtga mar Mog Roith. Tá sé ráite sna sean leabhair go gcaithfeadh gach tine sa tír a bheith múchta ar oíche Shamhna, an 31ú Deireadh Fómhair agus nach bhféadfaí iad a lasadh arís ach ón Tine ar Thlachtga. Fiú ní raibh cead an tine ar Theamhair a lasadh ach ón tine ar Thlachtga, taispeánann sé sin cé chomh tábhachtach agus a bhí an suíomh seo. Ar oíche Shamhna fágadh na tinte ar lasadh agus fágadh bia amuigh do na spioraid a chreid siad a thagadh ar chuairt i rith na hoíche. Deirtear sa bhéaloideas gurbh é an mhíniú atá le Tlachtga na Tlacht (Cré) agus Ga (Sleá) dá bhrí sin d’fhéadfá a rá gurb é an míniú atá le Tlachtga ná Sleá Chré. Bandia na Torthúlachta (fertility) ab í Tlachtga agus bhí a cultus lonnaithe ar an gCnoc. Laghdaigh an Eaglais Chaitliceach go Asarlaí (Sorcerer) í nuair a scríobh na manaigh na sean scéalta. I scéal ón na meán aoiseanna deirtear gur rinne triúr mac le Simon Magus éigniú uirthi agus go bhfuair sí bás ar an gCnoc ag breith a trí mac Doirb, Cumma agus Muach. Deirtear freisin fhad is atá ainmneacha a mic ar eolas ag muintir na hÉireann nach dtabharfaidh daoine díoltasacha cuairt ar an Tír. Bhí go leor tobair beannaithe timpeall ar Thlachtga ainmnithe i ndiaidh na Naoimh ach bhí tobar amháin ar an gCnoc nach raibh, sin Tobar na nDraoithe. Tá tobar fós ar an gCnoc, Tobar Chofaigh ach níl daoine cinnte an é seo Tobar na nDraoithe nó nach é? Deirtear nach raibh cead Críostaí a bhaist le huisce ó Thobar na nDraoithe mar gur uisce beannaithe a bhain le na Draoithe a bhí ann. Ghlacadh an tArd Rí páirt i searmanas bliantúil in onóir na talún agus mar atá le feiceáil ón bhéarsa seo is ón tobar ar Thlachtga thagadh an t-uisce. Iasc ón mBóinn, Fiafheoil ó Luibhneach, Fraoch ó Brí-Lieth, Biolar ó Bhrosna, Uisce ón Tobar ar Thlachtga, Milrad ó Uas. Tá sean mhainistreach, 'Teampall Chuimhneacháin Pádraig' agus sean reilig ar Thlachtga. Tá scéal sa bhéaloideas go dtugann taibhse aire don suíomh seo agus gur féidir é a fheiceáil ag siúl timpeall teorann na reilige ar oícheanta áirithe. Le cúpla bliain anuas tá níos mó suim ag muintir an cheantair máguaird i stair Thlachtga agus ar an 31 Deireadh Fómhair bíonn ceiliúradh ar an gCnoc eagraithe ag Cumann Oidhreachta Átha Buí. Bíonn an tine a lastar ar Thlachtga le feiceáil arís ar Chnoc Theamhair, díreach mar a bhí na milte bliain ó shin. Máirín Ní Churraoin Nollaig 2002 |
|||||||
| Cnoc/Hill
Bándia/Goddess Oirthear/East Craifeach/Devotee Torthúlacht/Fertility Asarlaí/Sorcerer Aithne/recognition Comparáid/comparision Teamhair na Rí/Tara Tábhachtach/important ceiliúradh/celebrate Féile na Marbh/Feast of the Dead mbealoideas/mythology Tlacht/Earth Ga/Ray Cultus/Cult |
Draoí/Druidmeán
Mannai/Monks aois/mediaeval
Eigniú/rape bás/death Breith/birth trí mhac/3 sons Slea Cré/Earth spear Fiafheoil/venison Fraoch/Heather Bioler/Cress Ceiliúradh/celebration reilig/graveyard Oidhreacht/Heritage sofheicthe/manifesting |
||||||
|
|
|
||||||
|
Tlachtga where the Great
Fire Festival at Samhain was celebrated Féach ar / See http://www.knowth.com/hill-of-ward.htm |
|||||||
|
|
|||||||
|
Radharc ar Abhainn
na Bóinne in Áth Troim - Mí na Samhna 2007
|
|||||||
| Ranganna Gaeilge in Áth Buí | Irish classes in Áthboy. | ||||||
|
|
|||||||
|
Seo cuid de na daoine atá ar chúrsa Gaeilge in Áth Buí faoi láthair. Tá 26 ar fad ar an gcúrsa. Tá na ranganna bunaithe ar shiollabas Theastas Eorpach na Gaeilge. www.teg.ie |
|||||||
|
Ideas for Developing Bilingualism in Voluntary and Community Organisations |
|||||||
|
|||||||
|
Bliain / Year 1 |
|||||||
|
|
|||||||
|
Bliain / Year 2 |
|||||||
|
|
|||||||
|
Bliain / Year 3 |
|||||||
|
|
|||||||
|
Bliain / Year 4 |
|||||||
|
|
|||||||
|
Measúnú ar Líne / Online Assessment |
|
|
|
Tá fáilte romhat chuig Triail Socrúcháin Teanga Gaelchultúr. Tá 90 ceist ar fad sa triail agus tá sé tábhachtach go ndéanfá iad go léir a fhreagairt chun a chinntiú go mbeidh iontaofacht ag baint leis an scór a gheobhaidh tú. Tógfaidh sé idir 20 agus 30 nóiméad ort an triail ar fad a dhéanamh. Níl le déanamh agat i gcás gach ceiste ach freagra amháin, an ceann ceart, a roghnú. Nuair a bheas an triail déanta agat, gheobhaidh tú do scór láithreach. Welcome to Gaelchultúr's Language Placement Test. This is a total of 90 questions in the test and it is important that you answer all of them to ensure that the score you get is more reliable. It will take you between 20 and 30 minutes to do the test. All you have to do in the case of each question is to choose one answer, the correct one. When you have done the test, you will be given your score immediately.
|
|
http://www.gaelchultur.com/index.php?assess_me=true&page=online_assessment&lang=en&tid=4
|
|
Maidir le Gaelchultúr / About Gaelchultúr Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr Teoranta in 2004 agus é mar aidhm aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus dhamhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath. The company Gaelchultúr Limited was established in 2004 with the aim of promoting various aspects of Irish culture, including music, song, dance and language, in Dublin city.
|
|
Cathaoirleach: Antaine Ó Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De Faoite. Coiste: Máire Ní Dhonnchú, Nollaig Ó Maonaigh.
|