Dámh na Mí
Scéalaíocht, seanchas, stair, filíocht, amhráin, véarsaíocht – an litríocht bhéil agus an litríocht scríofa – oidhreacht an fhocail
 

Buail ar an doras
Féach isteach
Ardaigh an laiste,
Siúil isteach.
Suigh ar an stól,
Agus bí ag ól
Agus cén chaoi bhfuil tú ar maidin.

Picnic Filíochta i Ráth Chairn
Dé Domhnaigh 13 Meán Fómhair 2009
3.00 sa tráthnóna

An Pháirc Cuimhneacháin Ráth Chairn
Aoi speisialta - Áine Ní Ghlinn File

 

 

Tabhair leat do phicnic féin agus má tá an fonn ort na dánta is ansa leat
Beidh barbeque ar fáil
Is é sin déanfar fulacht ar an láthair
Fáilte roimh gach duine idir óg is aosta, cuma véarsa aige nó gan a bheith chuig barbeque na mbard, fulacht na bhfilí

 

Cuid de Dhámh na Mí a thug cuairt ar láithreán Chath na Bóinne le gairid.

Bhí fear ann fadó, ‘s fadó bhí
Cheannaigh sé laí ‘s ba dheas an laí í
Bhain sé spreaibín, is ba dheas an spreaibín í
Bhí neadín faoin spreaibín, Is ba dheas an neadín í
Bhí uibhín sa neadín, is ba dheas an t-uibhín í
Bhí éinín san uibhín‘s ba dheas an t-éinín é
Bhí rúbail ar an éinín
Chomh fada le mo mhéirín
Sin deireadh le mo scéalín
‘s nach deas an scéalín é !

Teagmháil: Áine Ní Dhonnchadha  046 9432381  rathcairn@eircom.net

 

 Siar