|
Clár don Deireadh
Seachtaine
|
Programme of events for
the weekend
|
|
Oíche Aoine:
|
Friday night:
|
|
Céilí Mór le Banna Céilí
Triskell i Halla Naomh Séamas
|
Céilí with The Triskell Céilí Band, St James’ Hall
|
|
Sathairn: |
Saturday:
|
|
Ceardlanna
10.30am–12.30in and 1.30in–3.30in.
Costas: E 20 daoine
fásta / E10 daoine óga
|
Workshops
10.30am–12.30pm and 1.30pm–3.30pm.
Cost: E 20
adults / E10 Children
|
|
 |
Damhsa ar an
sean-nós le Seosamh Ó Neachtain
Damhsóir ar an sean-nós den scoth a bhfuil cáil air
i bhfad is i gcéin. Tagann sé ó cheantar an Spidéil
i gConamara.
|
Sean-nós
dancing with Seosamh Ó Neachtain
Excellent sean-nós dancer from An Spidéal in
Conamara, well known in Ireland and abroad.
|
|
 |
Damhsa ar an
sean-nos le Sinéad Bray
Cailín áitiúil í Sinéad as Baile Róibín in aice le
Dún Doire. Bhuaigh sí Craobh Laighean anuraidh in
Átha Buí ag Fleadh Laighean. Is damhsóir den chéad
scoth í Sinéad. Bíonn ranganna ar siúil in Átha Buí
i rith na bliana aicí. |
Sean-nós
dancing with Sinéad Bray
Local girl Sinéad Bray hails from Robinstown,
Dunderry. She won the coveted Leinster title at last
year’s Fleadh Laighean which was held in Athboy and
conducts classes all over Ireland. She runs a weekly
class in Athboy.
|
|
 |
Amhránaíocht
Ghaeilge le Máirín Uí Chéide
As an Máimín, Leitir Móir do Mháirín ach tá cónaí
uirthi le fada an lá i mBostún. Bhuaigh Máirín Corn
Uí Riada agus bíonn sí le cloisteáil go minic ar
Radio na Gaeltachta. Tá sí ag taisteal ó Bhostún go
hÁth Buí go speisialta i gcomhair na Féile.
|
Traditional
Singing in Irish with Máirín Uí Chéide
Originally from Máimín, Leitir Móir, Máirín has been
living for many years in Boston. Winner of Corn Uí
Riada at the Oireachtas, she can be heard regularly
on Radio na Gaeltachta.
|
|
 |
Amhránaíocht
Bhéarla le Séamas Mac
Mathúna
Amhránaí agus fliúiteadóir den scoth ó Cho. An
Chláir. Tá aithne ar Shéamas ar fud an domhain
mhór agus go speisialta bíonn sé i láthair i gcónaí
ag Éigse Dharach Uí Chatháin i Ráth Chairn. Duine
agus amhránaí atá thar a bheith bríomhar.
|
Traditional
Singing in English with Séamas Mac Mathúna
Marvellous singer and flute player from Co.
Clare. Séamas is well-known all over the world and
especially in Ráth Chairn where he attends the Éigse
Darach Uí Chatháin festival every year. A most
lively and energetic entertainer.
|
|
Gig-Rig
|
Dé Sathairn
|
|
 |
Beidh Gig Rig i lár an Bhaile
Comórtas
Ceannais na hÉireann
Damhsa ar an Sean-nós
Ar
siúl ar an nGig Rig ag 3.35in
|
|
Gig Rig on Main
St. street during the day.
All Ireland Sean-nós Dancing Competition- Gig Rig
3.35pm.
|
|
Oíche Shathairn
|
Saturday Night
|
|
9.00in Coirim Cheoil agus Bronnadh
Gradaim in Óstán an Darnley
Cead Isteach E10 daoine fásta / E5
daoine óga
|
9.00pm Concert
and Gradam presentations, Old Darnley Lodge Hotel.
Admission E10 adults / E5 Children
|
|
Beidh na
daoine seo a leanas ag fáil Gradam ar an oíche
The following people are to
receive a Gradam on the night
|
|
 |
Maidhc
Stiofánín Seoighe
Is aréir
ag tíocht ón tórramh dhom, sé a dhearc mé stór mo
chroí……Rugadh
Maidhc ar an gCnoc i Leitir Mealláin i gConamara dhá
bhliain déag is ceithre scór bliain ó shin. Bhí sé
ocht mbliana déag nuair a d’aistrigh a chlann aniar
go dtí Cho. na Mí. Chaith sé tréimhsí dá shaol oibre
i Sasana agus i Meiriceá agus bhíodh tóir air mar
amhránaí i gcónaí. Tháinig sé abhaile go Ráth Chairn
i dtús na hochtóidí agus tá sé ag casadh amhráin go
rialta ó shin i leith. Blianta ó shin, rinneadh sé
téip dá chuid amhráin, téip atá fós in éileamh. Tá
sé thar am gradam a bhronnadh ar an bhfear uasal
seo.
|
|
Maidhc was born in Cnoc, Leitir
Mealláin, Conamara in 1918. His family moved to Co.
Meath when he was 18 years of age. He spent most of
his working life in England and was well known for
his singing during those years, returning to Ráth
Chairn in the early eighties. Maidhc made a tape of
his songs some years ago entitled Maidhc Stiofánín
which is still sought after. It is high time that
Maidhc received this recognition for his lifetime of
singing. |
|
 |
Máirtín Chóil
Nana Pháidín Mac Donncha
Ta na buanna go léir ag Máirtín. Is fonnadóir é; is
scéalaí é; is file é ach is mar gheall ar a chuid
damhsa ar an sean-nós is mó a bhfuil cáil air. Nuair
a bhí an cheird seo imithe go mór i léig, ba é Máirtín
a choinnigh beo é, roimhe laethanta TG4 agus an borradh
mór atá tagtha faoin dtraidisiún sin sa lá atá inniu
ann. Tá clú agus cáil air ar fud na tíre agus cairde
aige i ngach cearn den tír. Thug sé a chuid
steipeanna go fial flaithiúil d’aos óg na háite.
|
|
Máirtín without
doubt is a multi-talented man. He is a singer, a
storyteller and a poet. Above all these talents he
is best known for his sean-nós dancing. Máirtín is
one of the people who kept this great tradition
alive during years of decline, before the days of
TG4, and the great popularity that it has today.
He is well known all over Ireland and further afield
for his dancing and has passed on his steps to the
young generation of this area.
|
|
 |
Éamon Ó
Donnchadha
Cé gur tháinig Éamon as Baile Átha Cliath ó thús, tá
cónaí air sa gceantar seo ó thús na h-ochtóidí. Is
amhránaí ar an sean-nós den céad scoth é Éamon, a
bhfuil Corn Uí Riada buaite aige fá thrí - rud nach
bhfuil déanta ach ag fíor bheagán daoine. Tá clú
agus cáil air ar fud an domhain agus éileamh air
chun freastal ar na féiltí móra. Is fliúiteadóir
álainn é chomh maith agus é sásta a chuid cheoil a
roinnt go fonnmhar. Múineann sé an fheadóg go
háitiúil. Nach orainn atá an t-ádh gur shochraigh sé
síos inár measc. |
|
Originally from
Dublin, Éamon has been living in this area since the
early eighties. He is a brilliant sean-nós singer, a
three times winner of the Corn Uí Riada trophy at
the Oireachtas, a feat achieved by very very few. He
is famous for his singing around the world and is
sought after to attend many of the great traditional
festivals. He is also an excellent flute player and
teaches whistle and flute locally. We are indeed
lucky that he chose to live in this area.
|
 |
Banna Céilí Uí
Ghramhnaigh.
Bhuaigh an Banna Céilí seo Craobh na hÉireann ag an
Tóstal i nDroim an tSean Bhó i 1958. Ceoltóir
chairdín darbh ainm Michael Connell as Bhaile
Mháirtín a chur tús leis an mbanna le cúigear
ceoltóirí eile as Baile Átha Buí, Deasún De Faoite
ar an gcairdín chomh maith, Séamas Ó hAirt agus
Alfie McConnell ar veidhlíní, Des Doherty ar an
bpianó agus PJ Connell, nach maireann, ar na drumaí.
Tá cuid acu fós ag casadh agus is deas an rud é go
bhfuil muid in ann an Gradam seo a bhronnadh orthu
tar éis leath chéad bhliain.
|
This céilí band
from Athboy won the All-Ireland Championship at An
Toastal in Drumshanbo in 1958. Formed by Michael
Connell from Martinstown on accordion and 5 other
musicians from Athboy, namely Des White on second
accordion, Jim Harte and Alfie McConnell on fiddles,
Des Doherty on piano and the late PJ Connell on
drums. Some of the lads are still playing and we are
delighted to be able to give them due recognition
with this Gradam.
Tuilleadh Eolais faoin mbanna / for more information
on this band see -
http://www.athbui.com/Nuachtlitir%20Meitheamh%202008.htm
|
|
Maidin
Domhnaigh: |
Sunday
Morning:
|
|
11.00am "The way English
is spoken in Ireland"
Léacht le
Feargal Murphy in Óstán an Darnley.
Beidh lón eadtrom ar fáil le linn na
léachta.
|
11.00am "The way English
is spoken in Ireland"
Lecture by
Feargal Murphy in The Old Darnley Lodge Hotel.
Light lunch will be served during the lecture. |
|
Tráthnóna Domhnaigh |
Sunday Afternoon |
|
3.00in Céilí Mór ar Fhaiche an Aonaigh le Banna
Cheoil Brian Bóramha |
3.00pm
Céilí on the Fair Green with The
Brian Boru Céilí Band. |
|
Teagmháil / Contact:
maryjoneedham@gaelic.ie
087 2962320 (after 6pn)
|
Coiste: Padraic Ó Standún, Seán Ó Laoire,
Jacki Leavy, Antaine Ó Duinnshléibhe, Ena McKiernan,
Gerry Cooke agus Mary Jo Needham
|