
Iolar an Tuaiscirt hhhhhhh Fuadach Aodh Ruadh
“Ó triallaigh liom ar bhord na loinge” arsa an captain béilbhinn bréagach
Tá ár dtéad go teann faoi bhruach na mbeann ar ucht Loch Súilí céimigh.
Tá an bhroinn líonlán d’fhíon na Spáinn’, céad oigiséad mór is tuilleadh
Den digh is measúla i gcúirt an Rí, beoir chroíúil chaoin gan mhilleadh.”
“Agus ólfaimid an íocshláinte as coirn óir araon,
Beidh againn tamall cuideachta nach gcosnaíonn duitse pingin.”
Ó thaitin comhrá an bhithiúnaigh go hansa le hAodh Rua,
Agus chuaigh sé amach ar bhord na loinge, mo léan is mo mhíle trua.
Ba ghasta a shiúil na bomaití i measc imeartais is óil,
Le h-ollghairdeas is carthanas is mórán gléasra ceoil.
Cuireadh is freagraíodh ceisteanna os cionn na ngloiní lán’
Faoin bhuaireamh sa bhaile againn is gníomhartha thall sa Spáinn.
Tráchtadh ar Aodh Ó Néill, taoiseach mór Thír Eoghain,
Agus luadh fosta curadh Laighean, Fiach Mac Aodha Ó Broin.
Is na bristeacha fuilteacha a throidfí sula mbeadh duilliúr úr ar chrainn
Idir an bhanríon bhródúil Isibéal is an Spáinneach uasal sean.
Agus nuair a ba mhian lenár gceannfoirt óga a bheith ag dul abhaile a luí
chuala a gcluasa an tormán a bhain léimneach as a gcroí;
bloic agus rópaí callánacha ag cur seolta geala ar chrainn
agus garbhghuth na mairnéalach ag déanamh gealgháire is grinn.
Tá an long ina rith ar bharr na dtonn ag teitheadh roimh An tsíon,
Is ba domhain amach san fharraige í sular nocht aníos an ghrian.
Ba thiubh a threabh sí a bealach, thart timpeall Chontae An Dúin
Nó gur leag sí a hancaire tráthnóna trasna an chuain.
Tá ár maicín lag go h-uaigneach anocht i mBaile Átha Cliath,
Ar leaba lom na leacacha, gan bhiotáilte, gan bhia:
Ach ainneoin é bheith ceangailte le slabhraí fuara go teann,
Tá ár namhaid nimhneach lagchroíoch le h-eagla roimh a Lann
Ainneoin ballaí arda is bábhún, slabhraí fuara is glas lámh,
Is arm tréan an gharda dá fhaire oíche is lá.
Bhí cara i measc na namhad, lán carthanais is croí
A d’fhág Aodh is a chomrádaithe ina bhfir shaora ins an tslí.
Bhí ábhar bróin i nDún na nGall an oíche a fuadaíodh Aodh.
Ó Ráth Maoláin síos an Loch is amach thar ard Dún Rí,
Ach tá ábhar bróin inniu go fras ag Sasanaigh is ag a gclann
Nuair atá ár bprionsa óg sa bhaile arís ag cur faobhair ar a lann.
Is is moch amárach a chluinfear é ó mhullach cnoic is gleann’
Guth bródúil adharc Thír Chonaill ag cur cuireadh ar a clann,
Agus sin an cuireadh a fhreagrófar, mar freagraíodh an cuireadh riamh
Ó chladaigh chúil cois farraige, is amach ar ucht na sliabh.
Anoir as cnoic dhubha Inis Eoghain is ó ghaineamh bán na dTuath,
Ó thír chnapánach na mBaoilleach go bruach an Easa Rua,
Tháinig siad ina gcéadta, fir thréanmhar' riamh nár fheall,
Leis na sionnaigh agus na mic tíre a dhíbirt amach as Dún na nGall.
Mar scanraigh glam an iolair an éanlaith as na crainn,
Nó tafann toll na conairte an giorria sa bhinn,
Nó búireach leoin na hainmhithe as coillte coimhthíocha cúil,
Scanraigh Aodh na rógairí, is bhailigh leo chun siúil.
Le lámh lúfar thréanmhar láidir, is le h-eagna fíor gan locht,
Chuir sé buaireamh ar a namhaid, is chuir go léir faoi smacht.
Agus dá nglacfaí a chomhairle an oíche sin, roimh an bhriseadh bhrónach mhall,
Bheadh a athrach dlí inniu againn, ó Chionn tSáile go Dún na nGall
ar ais go dtí - Ó Néill agus Dómhnaill |