Back / Siar

Áth Buí le Gaeilge

Nuachtlitir Chraobh Uí Ghramhnaigh

An Nollaig 2007  

……..agus, ar dhul isteach sa mhainséar dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó.  Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil tabhartais dó, ór agus túis agus miorr…   

San eagrán seo:

·       Phrases in Irish for your Christmas Cards

·       Dánta Nollag  / Christmas Poems by

Máirtín Ó Direáin

Máire Mhac an tSaoi

Eoghan Ó Tuairisc    

·       Iomann Nollag / Christmas Hymns  

Oíche Chiúin

Dia do Bheatha ‘Naí anocht

Don Oíche Úd i mBeithil  

·       Sliocht ghearr as Soiscéal Naomh Lúcás 

 

Abairtí le haghaidh do Chartaí Nollag

To write your Christmas Cards 2007

Le gach Dea-Ghuí i gcomhair na Nollag 'is na hath bhliana

With every good wish for Christmas and the new year

Nollaig faoi shéan ‘is faoi mhaise duit.

Nollaig shona duit  (daoibh)      Happy Christmas to you   (ye) 

Síocháin na Nollag inár measc   May the peace of Christmas be among us

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise  Happy Christmas and a prosperous new year

Guímid Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise dár gcustaiméirí go léir.

We pray that you will have a happy Christmas and a prosperous new year to all our customers.

Beannachtaí na Féile oraibh   

 

 

     

Dánta Nollag

Cuireadh do Mhuire

An eol duit, a Mhuire,

Cá rachair i mbliana

Ag iarraidh foscaidh

Do do Leanbh Naofa,

Tráth a bhfuil gach doras

Dúnta ina éadan

Ag fuath is uabhar

An chine dhaonna?

 

Deonaigh glacadh

Le cuireadh uaimse 

Go hoileán mara

San Iarthar cianda:

Beidh coinnle geala

I ngach fuinneog lasta

Is tine mhóna

Ar theallach adhainte

Máirtin Ó Direáin  a scríobh ar Inis Mór, Oileán Árainn, i Mí na Nollag,  1940

 

An Invitation to Mary

Do you know Mary where you will go this year

Looking for shelter for your holy infant

A time when every door is closed in your face

By hate and pride

Of the human race

 

 Wanderer, accept

An invitation from me

To an island in the sea

Far away in the west

There will be bright candles

In every window lit

And a turf fire

Burning on the hearth

 

 

Written by Máirtín Ó Direáin on Inis Mór, Arran Islands, Christmas 1940

 

Oíche Nollag Christmas Eve
Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha,
Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc,
Adaigh an tine is téir chun na leapan,
Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht

Fágfaidh an doras ar leathadh ina coinne,
An mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,
Deonaigh do shuaimhneas a ligint, a Mhuire,
Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht

Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,
Cóiriú gan caoile, bia agus deoch,
Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda,
Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht


Máire Mhac an tSaoi
 

With candles of angels the sky is now dappled,
The frost on the wind from the hills has a bite,
Kindle the fire and go to your slumber
Jesus will lie in this household tonight.

Leave all the doors wide open before her,
The Virgin who comes with the child on her breast;
Grant that you'll stop here tonight, Holy Mary,
That Jesus tonight in this household may rest.

The lights were all lighting in that little hostel,
There were generous servings of victuals and wine
For merchants of silk, for merchants of woolens,
But Jesus will lie in this household tonight.
Oíche Nollag Christmas Eve

 

Dá mbeadh mileoidean agamsa

Ní bheadh Críost gan cheol anocht

Is é ag teacht ó áras bán a fhlaitheasa

Chuig an mainséar bocht

 

Do sheinnfinn ceol do chuirfeadh gliondar ar a chroí

Ceol nár chualathas riamh

Ag píobaire sí

Ceol ‘chuirfeadh na réaltaí ag rince i spéartha na hoích’

 

   Eoghan Ó Tuairisc 

 

If I had a melodeon,

Christ would not be

without music tonight

when going from his white heavenly house

 to the poor stable

 

I would play music for him

That would put happiness in his heart

Music that was never heard

By a fairy piper

Music that would make the stars

Dance in the night sky

 

Iomann Nollag

 Christmas Hymns  

 

Oíche Chiúin

Oíche chiúin, oíche Mhic Dé. Cách ‘na suan, dís araon,

Dís is dílse, ‘faire le spéis, naíon beag gnaoi gheal ceananntais caomh,

Críost ‘na chodladh go séimh, Críost ‘na chodladh go séimh.

 

Oíche Chiúin, Oíche Mhic Dé, aoirí ar dtús chuala ‘n scéal;

Alleluia aingeal ag glaoch, cantain suairc i ngar is i gcéin,

Críost ár Slánaitheoir féin, Críost ár Slánaitheoir féin.

 

Dia do bheatha ‘Naí anocht 

Dia do bheatha ‘Naí anocht,

Do ghabh i d’ Dhiagacht  daonnacht,

Dár saoradh , a Chnú  chroí,

A bhrú mhaoth-ghlan Maighdine.

 

Íseal ann do bhí ár bhFlaith

I gcró cumhang an asail;

Fáilte roimh a theacht dá thoil,

Nuair a d’fhág sé  neamh um Nollaig.

 

Tréna  thoil, a thrua ‘s a ghean,

Thug Dia a Mhac ‘na fhírfhear

 Dár gcosaint ó ghleann na gciach,

A Rí ,a Athair ,a Aon-Dia

 

Don Oíche Úd i mBeithil

Don oíche úd i mBeithil, beidh tagairt ar ghrian go brách,

Don oíche úd i mBeithil go dtáinig an Briathar slán;

Tá gríosgrua ar spéartha ‘s an talamh ‘na chlúdach bán;

Féach Iósagán sa chléibhín, ‘s an Mhaighdean a dhiúl le grá.

 

Ar leacain lom an tsléibhe go nglacann na h-aoirí scáth,

Nuair in oscailt gheal na spéire tá teachtaire Dé ar fail;

Céad glóire anois don Athair i bhFlaitheas thuas go h-ard!

Is feasta fós ar talamh d’fheara deá-mhéin ‘síocháin!

 

Sliocht as Soiscéal Naofa Íosa Críost de réir Lúcáis

Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir ag faireachán oíche i mbun a dtréada.  Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo…..Agus dúirt an t-aingeal leo, ‘Ná bíodh eagla oraibh; óir féach, tá dea-scéala agam daoibh inniu a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile; rugadh slánaitheoir daoibh- is é Críost an tiarna é – i gcathair Dhaibhí.  Agus is comhartha daoibh é seo; gheobhaidh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.’  Agus bhí go tobann, mar aon leis an Aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá ‘Glór do Dhia in uachtar neimhe agus síocháin ar talamh don mhuintir a bhfuil a ghnaoi’…..

…. Agus d’imíodar go deifreach agus fuaireadar Muire…. Agus Iósaf…agus an Naíonán ina luí sa mhainséar……..

Naomh Lúcás