Ag Obair leis an bPobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Aibreán 2010
San Eagrán seo /
In this issue:


Gradam d'Áth Buí le Gaeilge
Lá Fhéile Pádraig i mBaile Átha Buí
Deontas ar fáil do Shiopadóirí
Turas Chór agus Ceoltóirí Ráth Chairn chun na Róimhe ar Youtube
Ceiliúradh 75 Ghaeltacht Ráth Chairn
Gaelscéal



Award for Áth Buí le Gaeilge
Saint Patricks Day in Athboy
Grants available for Athboy Shop Fronts
Ráth Chairn Choir and Musicians tour to Rome on Youtube
12 April 1935 - 12 April 2010 75 years Gaeltacht Ráth Chairn
Gaelscéal

Gradam d'Áth Buí le Gaeilge
Award for Áth Buí le Gaeilge
Glor na nGaelBronnadh

Bhain Baile Átha Buí le Gaeilge duais amach i gComórtas Ghlór na nGael 2009 don chéad uair ariamh. Duais Chonradh na Gaeilge, luach €2000 a fuair an chraobh. Bhronn Éamonn Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (mar a bhí) an seic agus an plaic i Halla na Cathrach i mBéal Feirste ar an 20 Márta. Sa bpictúir chomh maith tá Julian d Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, agus an Dr. Íde Ní Uallacháin, Cathaoirleach Ghlór na nGael.
Is é An Droichead, Béal Feirste a bhuaigh an chéad áit i gcomórtas Ghlór na nGael 2009, luach €50,000 agus trófaí. Comhghairdeas mór leo:
http://www.androichead.com/  
Tá na coistí ar fad a bhain duais amach i mbliana le feiceáil ar shuíomh Ghlór na nGael:
http://www.glornangael.ie/default.asp?contentID=527

Baile Átha Buí le Gaeilge won the Conradh na Gaeilge prize of €2000 in the 2009 Glór na nGael Competition, the first time that Áth Buí has won a prize in this competition. The prize was presented in Belfast City Hall on the 20 March. In the picture is Éamonn Ó Cuív, former Minister for Rural Community and Gaeltacht Affairs, Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge and an Dr. Íde Ní Uallacháin, Chairperson of Glór na nGael.
Congratulations to An Droichead in Belfast, this years winners of the big prize of €50,000 and trophy.

See:- http://www.androichead.com/ 

Other winners in the competition can be seen on:- http://www.glornangael.ie/default.asp?contentID=527

 

Lá Fhéile Pádraig i mBaile Átha Buí
Saint Patricks Day in Athboy

Taibhse - saighdiúir ó Chogadh na Saoirse
A ghost from the Civil War on the Fair Green!


Ar ais arís, ar chara as Alban a thagann chuile bhliain
At the head of the parade again this year, our friend from Scotland.

Bantracht na Tuaithe
I.C.A.

CCÉ ach an bhfuil ceol ag Fred Flintstone??

Gach bhliain bíonn an-taispeántas go deo ag Cumann Éanadóireachta Átha Buí / A marvelllous display again this year from the Athboy Gun Club.

Easóga Éanadóireachta
Hunting ferrets on display

Bantracht na Tuaithe

Ógánaigh Chlann na nGael

Majorettes K&S


Banríon na Bóinne
Galway hooker made in Ráth Chairn

Scoil Rinnce Mrs. Cassells
Mrs. Cassells School of Dancing

Ráth Chairn - Breithlá 75
Ráth Chairn 75th birthday.
Deontas ar fáíl do na Siopadóirí
Grants available for Athboy Shopfronts


Scéim Comharthaíochta Dátheangaí 2010


Tá Foras na Gaeilge tiomanta chun tacú leis an Lucht Gnó an fheidhm phraiticiúil ghnó a bhaineann leis an Ghaeilge a iniúchadh agus a fhorbairt agus chuige sin cuirtear tacaíocht mhaoinithe de luach €3,000 / £1,750 ar fáil trínár scéimeanna ‘Scéim Chomharthaíochta Dátheangaí

Lean an nasc seo:-Scéim Comharthaíochta

Deontas

Bilingual Signage Scheme 2010 

Foras na Gaeilge is committed to supporting the Business Community in exploring and developing the practical business application of the Irish language and to this end financial assistance of €3,000 / £1,750 is provided through our ‘Bilingual Signage Scheme’

Follow this Link:- Bilingual Signage Scheme

Turas chun na Róimhe ar Youtube
Tour to Rome on Youtube
San Pietro in Montorio

Tá píosa den turas a thug Cór Ráth Chairn agus Ceoltóirí Thlachta go dtí an Róimh le feiceáil anois ar Youtube.
Tá an Cór 25 bliain ar an bhfód i mbliana. Chas siad ag Aifreann speisialta in Eaglais San Pietro in Montorio i gcuimhne ár dTaoisigh agus a gclanna atá curtha ann os comhair na h-altóra.
Googláil ar Youtube-

Ceol sa Villa ar Youtube
http://www.youtube.com/watch?v=HCKm13bHxOU
Gabhaim Molta Bhríde ar Youtube
http://www.youtube.com/watch?v=PCUssqPgmoo

Some of the tour undertaken by the Ráth Chairn Church Choir to Rome for their 25 anniversary can now be viewed on Youtube. They sang at a special mass in Irish in the church or San Pietro in Montorio for the Irish Princes and their families who are buried there on front of the alter.

Ceiliúradh 75 Ghaeltacht Ráth Chairn.
12 April 1935 - 12 April 2010 75 years Gaeltacht Ráth Chairn
Beidh Ceiliúradh Mór 75 bliain ó tháinig muintir na Gaeltachta go dtí Chontae na Mí ag siúl idir an 9-11 Aibreán san Áras Pobal i Ráth Chairn.
Beidh scéalta agus pictúirí againn anseo an Mhí seo chugainn.
Idir an dá linn féach ar shuíomh nua an Chomharchumann ar www.rathchairn.net

75 anniversary of the arrival of the Gaeltacht people to Co. Meath.

The celebrations will be held in the Áras Pobal in Ráth Chairn from the 9-11 April.

More infomation will soon be available on www.rathchairn.net

Gaelscéal
Beidh Gaelscéal, an nuachtán seachtainiúil Gaeilge is nuálaí, is bríomhaire agus is tráthúla dá bhfuil ann, ar fáil sna siopaí gach Aoine.
Beidh Gaelscéal ar fáil i dTigh Smith in Áth Buí
Gaelscéal, Ireland’s new, most vibrant and exciting weekly Irish language newspaper will be available in shops every Friday.
Gaelscéal will be on sale in Smith's in Athboy
Tabharfaidh sé spléachadh do léitheoirí fud fad oileán na hÉireann ar chúrsaí reatha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach; oideachas, spórt, cúrsaí saoil, caitheamh aimsire maraon le saol na Gaeilge & na Gaeltachta.

Is nuachtán ildaite, 32 leathanach i bhfoirm tablóideach atá ann a bheidh ar fáil ar fud na 32 condae agus ar shíntúis thar lear. Cuirfidh an suíomh idirlíon www.gaelsceal.ie áis idirghníomhach ar-líne ar fáil do Ghaeil chun iad féin a chur in iúl tré fís, fuaim & focal, chomh maith le caighdeán árd scríbhneoireachta an nuachtáin féin. Amach anseo, tabharfaidh fóraim agus blaganna deis do dhaoine gur suim leo, a dtuairimí a nochtadh ar iliomad ábhar. Beidh béim faoi leith ar úsáid na meáin dhigitigh chun ábhar oideachasúil agus eile a fhorbairt.

It will provide quality coverage of news – national, international and regional, current affairs, sport, lifestyle and education, as well as Gaeltacht & Irish language issues, for readers throughout the island of Ireland.

It’s a full colour, 32 page newspaper in a tabloid format which will be available throughout the 32 counties and abroad by subscription. Our website www.gaelsceal.ie will complement the material in the newspaper itself and will provide an interactive space for Irish speakers to express themselves in sound, word and vision. In future, we will be developing fora and blogs to allow those that wish to make their views on a variety of topics known to a wider audience. We will also be emphasising the use of digital media in the development of Educational Resources.

Coiste:  Cathaoirleach: Antaine Ó Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De Faoite.  Máire Ní Dhonnchú. Nollaig Ó Maonaigh. Alan Ó hEadhra.  Pádraig Ó Standúin.   info@athbui.com