Back / Siar

Nuachtlitir Craobh Uí Ghramhnaigh

Áth Buí

Mí Eanáir 2008

Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise daoibh go léir

Ciorcal Cainte in Áth Buí agus i Ráth Chairn

10ú Eanáir - Óstán an Darnley ag 9.00

24ú Eanáir - Áras Pobal Ráth Chairn ag 9.00. Beidh cupán tae ar fáil.

Beidh dhá ciorcal cainte in aghaidh na míosa sa bparóiste as seo go Bealtaine.

There will be two Ciorcal Cainte in the parish every month until next May.

Beidh Ciorcal cainte in Ostán an Darnley in Áth Buí, ar an dara Déardaoin de gach mhí ag tosú ar an 10ú Eanáir.

On the second Thursday of every month a Ciorcal Cainte will be held in the Darnley Lodge in Athboy.

Beidh ciorcal cainte ar siúl i Ráth Chairn ar an ceathrú Déardaoin ag tosú ar an 24ú Eanáir.

On the fourth Thursday of every month a Ciorcal Cainte will be held in the Áras Pobal in Ráth Chairn.

Beidh fáilte roimh gach duine.

ISBN: 09541038-1-5 

Beidh an leabhrán seo d'fhoghlaimeoirí ar díol ag na Ciorcal Cainte. Cosnaíonn sé E 10 an cóip. 

Suíomh Idirlíon Nua

http://www.rathcairn.com/

Comharchumann Ráthcairn

Suíomh nua / New website

Tá suíomh idirlíon nua ag Comharchumann Ráth Chairn. Tá gach eolas le fáil ann faoi -

Comharchumann Ráthcairn has a new bilingual website. Pay the site a visit, link opposite.  

Imeachtaí i Ráth Chairn
Stair Ráth Chairn
Cúrsaí Gaeilge do dhaltaí scoile agus do dhaoine fásta
Nuachtlitir
Ceol agus Físeáin

agus go leor eile

Grianstad an Gheimhridh ar YouTube






 

 

Bhí Grianstad an Gheimhridh i mBrú na Bóinne le feiceáil beo ar an idirlíon don chéad uair riamh i mbliana. Tá píosa de a mhaireann sé nóiméid le fáil ar YouTube.  An OPW a rinneadh an fiseán.  

For the first time ever, the 2007 Winter Solstice illumination of the passage and chamber at Newgrange was streamed live on the internet. A six minute compilation on YouTube of the one hour long OPW streamed video is now available.

Ar an 21ú Nollaig, d'oibrigh an teicneolaíocht ársa thar cionn agus thosaigh an ghrian ag lonrú tríd phasáiste Bhrú na Bóinne agus isteach sa seomra taobh istigh.

On the 21st of December the 5000 year old technology worked beautifully, with the winter solstice sunrise beam of golden light filling the Newgrange passage and chamber.

Ceaptar go mbeidh os cionn 300,000 ag féachaint ar an bhfíseán seo.

Expected number of viewers exceeded 300,000 

Tuilleadh Eolais / More information -

http://www.newgrange.com/webcast.htm

 

An Dreolín - Is mise rí na n-éan'.

http://google.rspb.org.uk/search?q=wren&site=default_collection&getfields=title.type.icon.description&client=rspb2&proxystylesheet=rspb2&output=xml_no_dtd&sort=date%3AD%3AL%3Ad1&spell=1&proxyreload=0&entqr=0&ud=1&oe=UTF-8&ie=UTF-8   

Éist le Rí na nÉan ag canadh. Brú an Nasc thuas.
Listen to the song of the King of the Birds – Click on the link above.
 

Finscéalta agus béaloideas faoin Dreolín

Cé gurbh é an dreoilín an t-éan is lú, tugtar `Rí na nÉan' air. De réir an bhéaloidis, tharla go raibh argóint ar siúl idir na héanacha fadó agus iad ag iarraidh a chur ina luí ar chéile cé acu a cheart a bheith ina Rí ar na héanacha ar fad. Shocraigh siad go mbeadh comórtas ann agus go nglacfadh siad mar rí leis an éan a d’éireodh leis eitilt níos airde ná ceann ar bith eile. Cheapfá nach mbeadh mórán seans ag an dreoilín ach, sular thosaigh an comórtas chuaigh an t-éinín i bhfolach faoi sciathán an iolair.
De réir a chéile, d'éirigh na héanacha tuirseach agus tháinig siad anuas go talamh go dtí nach raibh fágtha ach an t-iolar, dar leis. Gan aon éan eile le feiceáil, chreid an t-iolar go raibh an bua aige agus thosaigh sé ag teacht anuas arís. Ach ar an bpointe, léim an dreoilín as an áit ina raibh sé i bhfolach agus scairt sé amach, `Is mise rí na n-éan'. Is mise rí na n-éan'.

Tá scéal eile faoin dreoilín a chuireann síos ar an mbealach a rinne sé iarracht bob a bhualadh ar fheirmeoir fadó. Tharla go raibh an dreoilín i gcruachás i rith geimhridh ghairbh agus go ndeachaigh sé chuig an fheirmeoir ag iarraidh roinnt coirce a fháil ar iasacht uaidh. Bhí an feirmeoir sásta go leor an coirce a thabhairt dó a fhad is go bhfaigheadh sé a chuid ar ais sa tsamhraidh.
Nuair a tháinig an feirmeoir ar ais ag iarraidh a chuid, chuaigh an dreoilín i bhfolach i measc a mhac. Bhí dáréag mac ag an dreoilín céanna agus ní raibh an feirmeoir in ann an t-athair a aithint. Dúirt an feirmeoir, áfach, gurb é an t-athair an t-oibrí is fearr a bhí ina measc.
Bhuel, is éan bródúil an dreoilín agus nuair a chuala sé focail an fheirmeora, sheas an t-athair amach ós comhair a mhac le glacadh leis an mholadh. Leoga, bhí an feirmeoir in ann a chuid a iarraidh uaidh anois.


Creidtear freisin gur thréig sé arm na hÉireann i gcoinne saighdiúirí Cromwell. Oíche roimh chath idir an dá arm, thosaigh an dreoilín ag damhsa ar dhrumaí na Éireannaigh, rud a thug le fios d'arm Cromwell cén áit a raibh siad ag campáil agus d'ionsaigh siad ar an bpointe agus maraíodh arm na hÉireann ar fad.
 

Baile Átha Troim - Lá deireanach na Bliana 2007.

This 14th century tower was originally part off Trim’s Augustinian Abbey of St. Mary. It is aptly named because of the colour in the evening sunlight. The Yellow Steeple is one of the most prominent of the many ruins in Trim. It overlooks the town from a ridge directly opposite Trim Castle.

An Grian ag lonrú ar Chaisleán Átha Troim  

An Sean Droichead Normannach i lár Bhaile Átha Troim

Dul faoi na Gréine 2007   


 Back / Siar