Back / Siar

         

Nuachtlitir Craobh Uí Ghramhnaigh 

Baile Átha Buí

Bealtaine/May 2008

 

Eoghan Ó Gramhnaigh 

San Eagrán seo

In this issue:

COSÁN OIDHREACHTA ÁTHA BUÍ 

AISTRITHE AG ÁTH BUÍ LE GAEILGE DO MEATH TOURISM

ATHBOY HERITAGE TRAIL

TRANSLATED BY ÁTH BUÍ LE GAEILGE INTO IRISH FOR MEATH TOURISM 

Tá aistriúchán den sliocht seo a leanas ar a dtugtar Cosán Oidhreachta Átha Buí bronnta ag Áth Buí le Gaeilge ar Meath Tourism. 

 Fochomhlacht de Chomhairle Contae na Mí is ea Meath Tourism agus tá an fhaisnéis seo ar fáil ar an suíomh faoi Athboy Heritage Trail -http://www.meath.ie/Tourism/Heritage/HeritageTrails/

Tá an t-ábhar seo ar fáil i mBéarla amháin faoi láthair. Tá sé ar shuíomh idirlín Meath Tourism, tá cóipeanna crua de ar fáil agus tá plaiceanna deasa crochta ar fhoirgnimh stairiúla agus áiteanna spéisiúla ar fud an bhaile chomh maith.

Ta Áth Buí le Gaeilge i ndiaidh scríobh chuig Meath Tourism ag iarraidh orthu an t-aistriúchán seo a úsáid ar an suíomh idirlín, ar a gcuid bróisiúr agus freisin ar na plaiceanna atá mórthimpeall an bhaile.

A translation of Athboy Heritage Trail has been presented by Áth Buí le Gaeilge to Meath Tourism.  The Athboy Heritage Trail information appears on the Meath Tourism website. -http://www.meath.ie/Tourism/Heritage/HeritageTrails/

Meath Tourism is a part of Meath County Council. At present this material is only available in English on the web, in hard copy and on wall plaques on the historical buildings and places of interest around Athboy.

Áth Buí le Gaeilge have written to Meath Tourism asking them to use this translation on their website, brochures and on the wall plaques around the town. 

Athboy Heritage Trail / Cosán Oidhreachta Átha Buí

The town of Athboy began sometime during the sixth century A.D. as a settlement at the river crossing known as the Yellow Ford. The importance of the crossing meant that an established road network converging on the Yellow Ford had existed from early times. The town developed along these roadways. The earliest inhabitants of Athboy were Druids who had settlements at the nearby Hill of Ward.

Tógadh Baile Átha Buí ag an áth, áit a mbíodh daoine ag dul trasna na habhann, am éigin sa 6ú h-aois AD. Bhí tábhacht leis an áit trasnaithe seo mar go raibh córas bóithre ag díriú ar Áth Buí ar feadh na gcianta roimhe sin. Is ar na bóithre sin a d’fhás an baile.  Tá sé ráite go raibh cónaí ar dhraoithe timpeall Átha Buí i dtosach báire agus go raibh siad lonnaithe ar Chnoc Thlachta in aice láimhe.
In 1180 the Anglo-Norman invasion reached Athboy. As part of their plan to capture key towns and fortify them with a wall and castle, the Normans walled a square extending from the river to the Roman Catholic Church, and from Scarlet Park to the backs of the houses on the northwest side of Main Street. Athboy was granted a charter in 1497 by Henry VII of England, and was by 1500 the most westerly stronghold of the Pale.
Tháinig ionróirí na Normannach go hÁth Buí sa bhliain 1180. Ba é plean na Normannach ná caisleán agus ballaí móra a thógáil timpeall ar bhailte tábhachtacha. Thóg na Normannaigh ballaí cearnógacha ón abhainn siar chomh fada leis an tséipéal agus ó Pháirc ‘Scarlet’ go dtí cúl na dtithe atá ar thaobh iarthuaisceart na príomhshráide.  Bhronn Rí Shasana, Anraí VII cairt ar an mbaile sa bhliain 1497 agus faoin bhliain 1500 ba é an daingean Páile ba faide siar ag an am.   
During the 1641 Rebellion, the town was captured by Eoghan Rua O'Neill. With Cromwell and the collapse of the Rebellion, much of the land ownership passed to adventurers from England. John Bligh, a Londoner, acquired large estates in the Athboy area. The head of the Bligh Family was named Earl of Darnley in 1725.

Le linn Éirí Amach 1641, thóg Eoghan Rua Ó Néill seilbh ar an mbaile. Le linn aimsir Chromail agus briseadh an Éirí Amach, d’aistrigh úinéireacht formhór na dtailte mórthimpeall d'eachtrannaigh Shasanacha.  D’éirigh le John Bligh as Londain seilbh a ghlacadh ar thailte go leor i gceantar Átha Buí. Tugadh an teideal Iarla Darnley ar cheann clainne mhuintir Bhligh sa bhliain 1725.
In the late 18th and early 19th centuries, the Darnley Family planned and carried out the development of the town, giving it the form which prevails today. It wasn't until 1909, after the Wyndham Act of 1903 had finally broken the power of the landlords, that Francis Walter, Earl of Darnley, auctioned the town of Athboy. The Darnley estate office, now The Old Darnley Lodge Hotel, was finally closed in 1948.

Muintir Darnley a dhear an baile mar atá inniu agus a chuir forbairt an bhaile i gcrích san ochtó agus san naoú céad déag. I 1903, bhris Acht Wyndham cumhacht na dtiarnaí talún agus sa bhliain 1909, chuir Francis Walter, Iarla Darnley an Baile ar ceant. Dúnadh oifig an eastáit, an Old Darnley Lodge Hotel mar atá anois, sa bhliain 1948.
Take a few minutes to travel the Athboy heritage trail and experience some of the history and rich tradition which make the people at the Yellow Ford proud of their past and present, and confident in their future.
Siúil leat ar chosán oidhreachta Átha Buí go bhfeicfidh tú cuid den stair agus traidisiún saibhir atá ag muintir an bhaile seo atá suite ar mhachairí méithe na Mí. 
 

St James R.C. / Séipéal Naomh Shéamais  

Church Completed in 1845 at the time of the great famine, the building was constructed under the direction of Rev. Fr. Rickard, P.P., whose remains are interred in the church. Within the grounds stands a statue of Fr. Eugene O¹Growney, one of the founders of the Gaelic League. He had a major influence in arresting the decline of the Irish language. The statue was executed by Seamus de Paor and was unveiled by the then President of Ireland, Sean O¹Kelly, in 1956.

Críochnaíodh an séipéal seo sa bhliain 1845 ag tús an ghorta mhóir. Tógadh é faoi stiúir an Athar Rickard, S.P, atá curtha i gclós an tséipéil. Tá dealbh den Athar Ó Gramhnaigh, duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge, ar thalamh an tséipéil chomh maith.  Ba mhór a thábhacht maidir le cur chun cinn na teanga Gaeilge de ag an am. Séamus De Paor a rinne an dealbh agus Uachtarán na hÉireann, Seán T. Ó Ceallaigh a nocht é sa bhliain 1956. 

 

The Old Darnley Lodge Hotel 

This was the estate office for the Darnley Family who owned the town of Athboy and surrounding land from 1770. The family had an enormous influence on the development of Athboy until the power of the landlords was finally weakened by the Wyndham Act of 1903. They eventually sold the town in 1909.

Oifig eastáit mhuintir Darnley ar leo Baile Átha Buí agus na tailte mórthimpeall ón bhliain 1770 a bhí anseo.  Bhí tionchar mór ag an gclann seo ar fhorbairt Átha Buí nó gur bhris Acht Wyndam cumhacht na dtiarnaí talún sa bhliain 1903.  Sa deireadh dhíol sias an baile sa bhliain 1909.

 

The Church of Ireland Grounds / Tailte Eaglais na hÉireann  

The church was erected in 1772. The tower, from a previous church built by the Carmelites, was incorporated into the building and still stands. The house which was the residence of the church sexton is now the town library. Part of the old wall of Athboy can be seen at the end of the cemetery this was built by the Normans in the 11th century to protect the settlement.

Tógadh an séipéal seo sa bhliain 1772.  Baineann an túr le séipéal de chuid na gCairmilíteach a bhí ann roimhe sin agus tá sé fós ann mar chuid den séipéal nua.  Tá an leabharlann anois sa teach cónaithe ina mbíodh Sexton an tséipéil.  Tá roinnt de sheanbhallaí Átha Buí a thóg na Normannaigh san aonú céad déag chun an baile a chosaint le feiceáil fós ag bun na reilige.    

 

The Metal Footbridge / An Droichead Coise Miotail

This footbridge crosses the Yellow Ford the river from which Athboy derives its name. It was at this point that the original street of Athboy crossed the river leading to the Fair Green and the Hill of Ward (Tlachtga), an ancient Druidic settlement.

Trasnaíonn an droichead seo Abhainn an Átha Buí.  Is ag an bpointe seo a thrasnaigh an chéad sráid a bhí in Áth Buí, é ag dul i dtreo Faiche an Aonaigh agus Tlachta, seanáitreabh na nDraoithe.

 

The Engine House of the Railway Station / Teach an Innill sa Stáisiún Traenach

These fine stone buildings were part of the railway line which served Athboy for nearly one hundred years. Opened in 1864, the line ran from Athboy to Dublin. It was officially closed in 1957. The Midland and Great Western locomotives were particularly known for their very distinctive livery they were painted emerald green with vermillion colored nameplates. The station suffered severe damage from a bomb blast during the Civil War in 1923.

Baineann na foirgnimh bhreátha seo leis an tseirbhís iarnróid a d’fhreastal ar Áth Buí ar feadh beagnach céad bliain.  Osclaíodh an líne a chuaigh idir Baile Átha Cliath agus Áth Buí sa bhliain 1864. Dúnadh é go h-oifigiúil sa bhliain 1957.  B’fhurasta na h-innill traenach de chuid an Midland and Great Western a aithint de bharr an libhré shuntasach a raibh dath smaragaid-ghlas orthu agus an t-ainmchlár a raibh dath flanndearg air. Tharla go leor damáiste don stáisiún nuair a phléasc buama ann le linn chogadh na gcarad sa bhliain 1923.

 

The Fair Green /  Faiche an Aonaigh

This is probably the oldest habitation site in Athboy. Situated close to the Druidic settlement of Tlachgta (the Hill of Ward), it is here that the inhabitants held their sports and contests. The green was donated to the people of Athboy by Lord Darnley in 1909. It was used as a site for the monthly cattle fairs until these were discontinued in 1955. The green was developed as a public park in 1999.

Ceaptar gurbh é seo an láithreán cónaithe is sine in Áth Buí. Tá an fhaiche suite gar do Chnoc Thlachta, áit a mbíodh teampall na nDraoithe tráth.  Is ar an bhfaiche seo a mbíodh cluichí agus comórtais ag muintir na háite. Bhronn an Tiarna Darnley an fhaiche ar mhuintir Átha Buí i 1909. Is ann a bhíodh aonaigh mhíosúla na mbó go dtí gur tháinig deireadh leo sa bhliain 1999.  

 

The Mall  

It was here that soup was distributed to victims of the famine. The soup was prepared in a huge pot which could be wheeled over the fire. To the rear of the Mall are the Athboy lodge stables and yard. These were owned by the Dyas family who also owned Manifesto, the first horse to win the Aintree Grand National twice.

Anseo a tugadh an t-anraith do na daoine bochta aimsir an ghorta mhóir. Bhíodh an t-anraith á réiteach i bpota mór millteach a rollaítí isteach os cionn na tine. Ar chúl an 'Mall' tá stáblaí agus clós Lóiste Átha Buí.  Ba le muintir Dyas an áit seo agus ba leo an capall Manifesto chomh maith, an chéad chapall a bhuaigh Grand National Aintree.  

 

The Bridge / An Droichead

It was the erection of this bridge around 1400 which created the present line of the town. The river beneath the bridge was diverted to accommodate the operation of the water wheel for the nearby corn mill.

Ba é tógáil an droichid timpeall na bliana 1400 a chruthaigh treo an bhaile mar atá inniu.  Cuireadh sruth na habhann ar mhalairt treo chun roth a thógáil don mhuileann in aice láimhe. 

 

The Macra Hall / Halla Mhacra na Feirme 

Formerly the courthouse, Macra Hall was built in 1863 as part of a complex occupied by the R.I.C. (Royal Irish Constabulary). This comprised of a barracks (now the Bank of Ireland) and a jail. Meath County Council purchased the building and used it as a courthouse until it was sold again in 1964. The Hall was then thoroughly renovated and has since become a centre of youth activity in the area.

Bhíodh teach na cúirte anseo agus tógadh é sa bhliain 1863 mar chuid de bheairic an RIC (Royal Irish Constabulary).  Bhí an bheairic agus an príosún san áit a bhfuil Banc na hÉireann anois.   Cheannaigh Comhairle Contae na Mí an foirgneamh seo agus baineadh úsáid as mar theach cúirte nó gur díoladh é sa bhliain 1964. Tá an halla ar fad athchóirithe ó shin agus is ionad gníomhach d’óige an cheantair anois é. 

  

 

Athboy School / Scoil Átha Buí  

This fine stone building dating from 1885 was the primary school in the area until it was closed in 1949. It was then purchased by the Mercy Order who operated a secondary school there for another 13 years.

Bhíodh an bhunscoil sa bhfoirgneamh breá cloiche seo. Tógadh é sa bhliain 1885 agus dúnadh é sa bhliain 1949.  Cheannaigh Ord na Trócaire an uair sin é agus bhí meánscoil acu ann ar feadh 13 bliain ina dhiaidh sin.   

 

The Market House -Mc Elhinneys Bridal Boutique   

Teach an Mhargaidh – Búitíc Mhic Giolla Chainnigh

This was formerly the market house where farm produce was bought and sold for many years. The weekly market was held on Thursdays and had an official weigher for the weighing of grain, potatoes and vegetables. In season, wool would have also been bought and sold here.

  

Teach an mhargaidh a bhíodh anseo, áit a mbíodh torthaí na bhfeirmeacha mórthimpeall ar díol ar feadh na mblianta.  Is ar an Déardaoin a bhíodh an margadh go traidisiúnta anseo agus bhíodh duine oifigiúil ag meá an ghráin, prátaí agus glasraí. Cheannaítí agus dhíoltaí olann na gcaorach go séasúrach anseo chomh maith.

 

The Remains of Athboy Castle / Fothracha Chaisleán Átha Buí 

Beneath this house lie the ruins of Athboy Castle. The castle, built in 1180 by the Normans, guarded the approach to the town from the west. The lane to the side of the house is the original street of Athboy which ran at right angles to present-day Main Street.

Thíos faoin teach seo atá fothracha Chaisleán Átha Buí. Thóg na Normannaigh an chaisleán sa bhliain 1180 agus thug sé cosaint d’iarthar an bhaile. Bhí an lána atá ar thaobh an chaisleáin mar phríomhshráid an bhaile tráth, agus bhí sé ar a mhalairt de threo i gcomparáid leis an phríomhshráid mar atá anois.  

 

The Waxies Dargle

This was once an inn known as The Ludwidge Arms. It was a coaching inn with stable accommodations where horses were changed on the Dublin/Connaught run which ran via Killeshandra. Descendants of the Ludwidge family still live in the locality.

Thugtaí an Ludwidge Arms ar an tábhairne seo fadó.  Teach tábhairne le stáblaí le haghaidh coistí ab ea é, áit ar athraítí na capaill ar an tslí ó Bhaile Átha Cliath go Connacht.  Théadh an bóthar seo trí Cill na Seanrátha.  Tá cónaí ar shliocht Ludwidge sa gceantar go fóill.   
 
Áth Buí le Gaeilge:  Cathaoirleach: Antaine Ó Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De Faoite. Coiste: Máire Ní Dhonnchú, Nollaig Ó Maonaigh

Back / Siar