Ag Obair leis an bPobal chun an Ghaeilge a chur chun
cinn
Bealtaine 2010 San Eagrán seo / In this issue:
Seanchas Bhealtaine
Deontais don chomharthaíocht ar Shiopaí
Ráth Chairn 75 - pictiúir agus fiseáin
Ag doras na Coirceoige
May Folklore
Grants for shopfront signage
Ráth Chairn 75 - Pics and Video
At the Entrance of the Beehive
Seanchas Bhealtaine May Folklore
THUGAMAR FÉIN AN SAMHRADH LINN
Bábóg na Bealtaine maighdean an tSamhraidh,
Suas gach cnoc is síos gach gleann.
Cailíní maiseacha bán-gheala gléasta,
Thugamar féin an Samhradh linn.
Curfá
Samhradh, samhradh bainne na ngamhna,
Thugamar féin an Samhradh linn.
Samhradh buí na neóinín gléigheal
Thugamar féin an Samhradh linn.
Thugamar linn é ón gcoill chraobhaigh
Thugamar féin an Samhradh linn.
Samhradh buí ó luí na gréine,
Thugamar féin an Samhradh linn.
Tá'n fhuiseóg ag seinim 'sag luascadh 'sna
spéarthaibh
Beacha 's cuileóga is blátha ar na crainn
Tá an chuach is na héanlaith ag seimin le pléisiúr
Thugamar féin an Samhradh linn.
Thugamar féin an samhradh linn,
Thugamar féin an samhradh linn,
Thugamar linn é is cé bhainfeadh dínn é?
Thugamar féin an samhradh linn.
The Mayday doll maiden of the summer
Up every hill down every glen
Graceful girls all dressed in white
We brought the summer with us
Summer milk for the calves
We brought the summer with us
Yellow Summer and bright daisies
We brought the summer with us.
We brought the branch with us
We brought the summer with us
Summer golden in the setting of the sun
We brought the summer with us.
The lark is singing and swinging in the skies
Bees and flies and flowers on the trees
The cookoo and birds are singing with pleasure
We brought the summer with us
We brought the summer with us,
We brought the summer with us;
We brought it with us, and who'd take it from us?
We brought the summer with us.
Tabhair cuairt ar an suíomh álainn seo agus léigí faoi sheanchas Bhealtaine Visit this beautiful site and read about the Folklore associated with May
Deontais don chomharthaíocht ar Shiopaí Grants for shopfront signage
Scéim na Comharthaíochta Dátheangaí
A Shiopadóirí
Tá Foras na Gaeilge ag cur maoiniú de 50% den chostas ar fáil do chomharthaíocht dhátheangach ar shiopaí agus gnólachtaí. Tá an scéim seo le haghaidh comharthaí taobh amuigh agus ar an taobh istigh. Féach www.gaeilge.ie
Tá Saorsheirbhís Aistriúcháin ag Baile Átha Buí le Gaeilge do lucht gnó Bhaile Átha Buí. info@athbui.com
To All Shopkeepers Bilingual Signage Scheme
Foras na Gaeilge are offering match funding to shops and businesses (SME’s) for new bilingual internal and external signs. This scheme includes both new and replacement signage on shops, vehicles and directional signs. Google www.gaeilge.ie and open Gnó Means Business (blue background) to find information and application form.
Áth Buí le Gaeilge provide a Free Community Translation Service for Local Business and Community Organisations in Athboy. We will be happy to assist with any translations you may need. Contact info@athbui.com
This service is provided by:
Foras na Gaeilge
01 6398404 or e-mail gno@forasnagaeilge.ie
Ráth Chairn 75 - pictiúir agus fiseáin Ráth Chairn 75 - Pics and Video
Coilín Ó Catháin i ngreim an laí, Maidhc Stiofáinín Seoighe agus an crann darach ina lámh aige agus Tony Mac Donnchadha (ar dheis), triúr den ochtar atá fágtha a bhfuil conaí orthu sa gceantar a tháinig as Conamara in Aibreán 1935. Tá Pádraic Mac Donncha (sa lár) ag rá cuplá focal ar an ocáid stairúil seo.
Coilín Ó Catháin with the spade (no bother to him), Maidhc Stiofánín Seoighe holding the tree and Tony Mac Donnchadha, three of the eight survivors living locally who came from Conamra in April 1935. Pádraic Mac Donncha saying a few words on this historic day. See youtube.
Chas Odhrán Ó Casaide fonn mall i gcuimhne na ndaoine a tháinig aniar agus atá imithe ar shlí na fírinne. Ina dhiaidh sin chas sé féin agus Colm Dubh Ó Mealóid sean phoirt agus ríleanna as Chonamra.
Ódhrán Ó Casaide played a slow air in memory of all who are now gone 'ar shlí na fírinne,' (on the way of truth). He was then joined by Colm Dubh Ó Mealóid and they played reels and jigs from Conamara.
Daoine óga na h-áite ag baint taithneamh as an ócáid.
Young people from Ráth Chairn enjoying the occasion.
Féach ar na fiseáin seo ar Youtube: See Youtube videos to get a better flavour of the day.
Ag doras na Coirceoige At the Entrance of the Beehive
An bhfuil suim agat i gcúrsaí Beacaireachta?
An bhliain seo chaite bhí go leor altanna againn faoi gharraíodóireacht ach i mbliana beidh béim ar na beacha.
An bhfuil a fhios agat nach bhfuil aon bheacha meala fágtha sa bhfiantas sa tír seo de bharr an paraisít Varroa, níl ann ach na beacha atá i seilbh beachairí iad féin. Go bhfíos dúinn tá triúr beachaire i bParóiste Átha Buí faoi láthair.
I rith an t-séasúir seo, cuirfidh muid fiseáin faoin mbeachaireacht ar Youtube chuile mhí. Déanfaimid cur síos speisialta gach mí ar obair an bheacaire: Mar shampla: an pailín á thabhairt isteach
an chuasnóg ag éirí níos láidre san earrach
an chráinbheach á mharcáil
saithí agus ag réiteach cuasnóigí nua
an barr meala
ag réiteach don gheimhreadh
Would you like to know more about Beekeeping?
Last year we had a lot of articles on gardening but this year we will show you about beekeeping. Did you know that there are no wild honey bees left in Ireland now because of the Varroa Parasite. To the best of our knowledge there are only three beekeepers in the parish of Athboy. Throughout the season we will put up short videos with commentary in Irish on Youtube which will show you the beekeeper's year, from: bringing in the pollen
spring build-up
marking the queen
the honey crop
swarming and making increase
preparing for winter The Royal County Beekeepers Association have a very interesting website, see: http://www.royalcountybeekeepers.com/
Ag doras na coiriceoige. Féach ar na fiseáin seo ar Youtube
Tá na beacha seo ag teacht agus ag imeacht ag doras na coirceoige. Tá cuid acu ag iompar pailin isteach, cuid acu ag iompar nectar nó uisce ina mbolg. Is beacha baineann iad seo ar fad. Níor rugadh na leadráin sa gcuasnóg seo go fóill (lár mhí Aibreáin). Níl an stoc seo ró-láidir. Is docha go bhfuil tuairim is 10,000 mbeach ann ach i lár an tsamhraidh, beidh suas le 70,000 + ann. Beireann an chráinbheach suas le 1200 ubh in aghaidh an lae i lár an tsamhraidh.
An mhí seo chugainn tá súil agam go mbeidh pic den chráinbheach againn daoibh. Idir an dá linn, bainigí taithneamh as físeáin seo.
Ceist againn ort?
Céard iad na trí rud nach féidir a thuiscint? Freagraí - info@athbui.com
These bees are coming and going at the entrance of the hive. Some are carrying orange dandelion pollen, yellow pollen from willow and grey/green pollen from sycamore. Others are carrying nectar and water in their stomachs. These are all female worker bees, the drones are not yet born in this hive (mid-April). This is not a very strong stock. It contains perhaps 10,000 bees but this will rise to 70,000 + by mid summer. The Queen Bee will be laying up to 1200 eggs a day by mid-summer.
Next month we will show you Her Majesty.
Coiste: Cathaoirleach: Antaine Ó Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De Faoite. Máire Ní Dhonnchú. Nollaig Ó Maonaigh. Alan Ó hEadhra. Pádraig Ó Standúin.info@athbui.com