|
 |
Nuachtlitir
Newsletter
Craobh
Uí Ghramhnaigh
Baile
Átha Buí
Feabhra
/ February 2009
|

Eoghan Ó Gramhnaigh
Laoch na Gaeilge
|
|
Ag Obair leis an bPobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn
Working with the Community to Promote the Irish Language |
|
San
Eagrán seo / In this issue: |
Anois Teacht an Earraigh
www.athbui.com 10,000 Cuairteoir
Cruinniú Cinn Bhliana
Siamsóir na Mí
Dámh na Mí ag Ionad Cuairtíochta Chath na Bóinne
Cór Soiscéalach na Tulaí Móire
Na Scéalta is Déanaí
|
Anois Teacht an Earraigh
10,000 hits for www.athbui.com
Annual General Meeting
Siamsóir na Mí
Visit by Dámh na Mí to the site of the Battle of the
Boyne
Tullamore Gospel Choir
What's new?
|
|
|
Anois Teacht an Earraigh
/ The famous poem of
spring by Antaine Ó Raifteirí |
|
Anois
teacht an Earraigh
beidh an lá dúl chun shíneadh,
Is tar eis na féil Bríde
ardóigh mé mo sheol.
Go Coillte Mach rachad
ní stopfaidh me choíche
Go seasfaidh mé síos
i lár Chondae Mhaigh Eo.
|

Antaine Ó Reachtabhra (1784-1835)
|
Fágaim le huacht é
go n-éiríonn mo chroí-se
Mar a éiréonn an ghaoth
nó mar a scaipeann an ceo
Nuair a smaoiním ar Cheara
nó ar Ghaileang taobh thíos de
Ar Sceathach an Mhíle
nó ar phlánaí Mhaigh Eo;
|
|
Cill
Aodáin an baile
a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara is subh craobh ann
is meas de gach sórt,
Is dá mbéinnse i mo sheasamh
i gceartlár mo dhaoine
D'imeodh an aois díom
is bheinn arís óg. |
Bíonn
cruithneach is coirce,
fás eorna is lín ann,
Seagal i gcaobh ann,
arán plúir agus feoil,
Lucht déanta poitín
gan licence á dhíol ann,
Móruaisle na tíre ann
ag imirt is ag ól. |
Tá cur
agus treabhadh
is leasú gan aoileach
Is iomaí sin ní ann
nár labhair me go fóill,
Aitheanna is muilte
ag obair gan scíth ann,
Deamhan caint ar phingin cíosa
na dada da shórt.
|
|
|
10,000 Cuairteoir chuig
www.athbui.com /
10,000 hits for
www.athbui.com |
|
 |
I Mí Eanáir na bliana seo, shroic hit-counter na
suíomha seo an 10,000. Ár mbuíochas daoibh uile a
bhfuil suim léirithe agaibh sa bhfiontar seo. |
The
hit-counter on this web-site passed the 10,000th
mark in January. Our thanks to all who have shown an
interest our work to promote Irish in the community.
|
|
|
Cruinniú Cinn Bhliana
Átha Bui le Gaeilge / Annual General
Meeting |
 |

Nollaig Ó Maonaigh, Antaine Ó Duinnshléibhe, Simon Ó
Cróinín, Alan Ó hEadhra, Máire Ní Dhonnchú, Deasún
de Faoite agus Pádraig Ó Standúin. |
Bhí cruinniú cinn bhliana Átha
Buí le Gaeilge ar siúl in Óstán an Darnley ar an 5ú
Feabhra. Seo a leanas an choiste
a toghadh: Cathaoirleach: Antaine Ó
Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De
Faoite. Máire Ní Dhonnchú. Nollaig Ó Maonaigh. Alan
Ó hEadhra. Pádraig Ó Standúin. |
| The Áth
Buí le Gaeilge A.G.M. took place in the Old Darnley
Lodge Hotel on the the 5th February. The following
are the newly elected committee.
Cathaoirleach: Antaine Ó
Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De
Faoite. Máire Ní Dhonnchú. Nollaig Ó Maonaigh. Alan
Ó hEadhra. Pádraig Ó Standúin. |
|
|
Siamsóir na Mí |
Bhí oíche mhór ceoil, amhráin
agus damhsa i mbliana ag comórtas Siamsóir
na Mí i Ráth Chairn ar an 17 Eanáir.
Comórtas bliantúil is ea Siamsóir na Mí i
gcuimhne ar an scéalaí áitiúil, Máirtín Ó
Conaire. Tá an cómórtas eagraithe ag
Comharchumann Ráth Chairn. Caithfidh na h-iomaitheoirí trí rud
a dhéanamh, mar shampla, scéal a insint,
damhsa, ceol a chasadh, dán a rá,
amhrán a chanadh srl. Is iomaí duine atá in ann
rud amháin nó dhá rud a dhéanamh, ach is
leis
an tríú rud is mo a bhíonn an spraoi. Trí
chomórtas ar fad atá ann, faoi 12, faoi 18
agus os cionn 18.
Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt.
Eatáin Ní Chonaire as Chill Bhríde a bhuaigh
faoi 12. Bláthnaid Ni Eochaidh (ar dheis) as Áth Buí
a bhuaigh faoi 18 agus Éanna Ó Cróinín as
Ráth Chairn a
bhuaigh an chomórtas os cionn 18. |
 |
The Siamsóir na Mí competition
was held in Ráth Chairn on
the 17th January. Siamsóir na Mí is a yearly
competition organised by Comharchumann Ráth Chairn in memory of the famous storyteller from
Ráth Chairn, Máirtín Ó Conaire. The competitors have
to do three different things, for example,
storytelling, dancing, play music, recite poetry,
singing srl. Many people can do two items well, the
fun is usually with the third. There are three
competitions, under 12, under 18 and over 18.
Congratulations to all who took part.
Eatáin Ní Chonaire from Cill Bhríde won the under
12. Bláthnaid Ni Eochaidh (right) from Athboy won under 18
and Éanna Ó Cróinín from Ráth Chairn won over 18.
|
|
|
|
Ionad Cuartaíochta Chath na Bóinne /
Battle of the Boyne Visitors Centre
|
|
   |
|
Dámh na Mí
|
Gunnaí Móra Rí
Shéamais |
Alan Ó hEadhra,
duine de mhuinteoirí Átha Buí le Gaeilge réidh chun troda.
|
|
Ar
an 1ú Feabhra, thug an ghrúpa ‘Dámh na Mí’
cuairt ar láithreán Chath na Bóinne i gCo.
na Mí. Lá gheal an-fhuar a bhí ann. Thosaigh
an turas ag campa Rí Liam ar Thulach Ailín,
síos tríd Ghleann Rí Liam go dtí bruach na
Bóinne, áit a ndeachaigh na Dutch Guards
agus Rí Liam trasna na habhann. Arm na
hÉireann agus na bhFrancach a bhí ar an
taobh ó dheas den abhainn. 36,000 míle fear
a bhí in airm Rí Liam, Danmhargaigh,
Ísiltírí, Sasanaigh agus Albanaigh Ulaidh
ina measc. Bhí 26,000 míle in arm Rí
Shéamais, 6000 Francach ina measc. Treoraí
darbh ainm Pádraig Mac Cárthaigh, staraí míleata a thug an
chaint. Rinne sé an-cur síos ar na h-eachtraí
a tharla ann. Mar shampla an gcreidfeá go
raibh 20,000 capall mar chuid d’arm Rí Liam
amháin, na céadta vaigíní agus pobail. Is
beag a cheapfá anois go bhfuair 1500 fear
bás anseo ar an 1ú Iúil 1690. Is fiú go mór
cuairt a thabhairt ar an ionad cuartaíochta
nua. Tá an scannán faoin gcath i
nGaeilge chomh maith le teangacha go
leor eile. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar:
http://www.battleoftheboyne.ie/thebattleoftheboyne/ |
|
Members of Dámh na Mí visited the site of
the battle of the Boyne on the 1st
February. It was a bitterly cold day. The
tour started at King Williams camp in
Tullyallen, down through King Williams Glen
to where the Dutch guards and William
crossed the river. The Irish and French
troops were on the south bank of the river.
There were 36,000 men in Williams army made
up of Dutch, Danes, English and Ulster
Scots. The Irish army of 26,000 included
6000 French troops. Our guide was a military
historian named Pádraig Mac Cárthaigh and he gave a
marvellous description of the events of that
day. For example, Williams army alone had
20,000 horses, hundreds of wagons and tents.
Its hard to imagine now that on the 1st July
1690, 1500 men lost their lives in this
place. The visitors centre is well worth a
visit. The audio-visual is available as
Gaeilge. Details on
http://www.battleoftheboyne.ie/thebattleoftheboyne/ |
|
|
|
Cór Soiscéalach na
Tulaí Móire ag teacht go dtí Óstán Ard na Bóinne
Tullamore Gospel Choir coming to the Ardboyne Hotel |
|
 |
 |
Beidh Cór Soiscéalach na Tulaí
Móire ag canadh in Óstán Ard na Bóinne san Uaimh ar
an 25ú Feabhra ag 8.00pm.
Tá an t-ócáid eagraithe ag Daltaí na hIdirbhliana i
Meánscoil Naomh Seosamh san Uaimh ar mhaithe le ‘Clár Lifestart Mazabuka’ na
Saimbia.
Bhunaigh an tSiúr Mary Cudden as an Obair i gCo. na Mí, an clár Lifestart cúig bhliana ó shin.
Is í an aidhm atá leis an gclár ná oideachas agus
tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí agus
curamóirí pháistí, ón uair a mbeirtear iad suas go
dtí cúig bhliana d’aois. Tá mná áitiúil ag fáil
oiliúint mar éascaitheoirí ionas go mairfidh an
tionscnamh sna blianta atá ag teacht.
Tá an chlár ‘Lifestart’ an-tábhachtach don phobal
seo atá scriosta ag bochtanas, SEIF agus easpa
oideachas bhunúsach.
Is fiú go mór tacú leis an gcúis seo agus is móra
dúinn do thacaíocht
Beidh an-oíche siamsaíochta ann le Cór Soiscéalach
na Tulaí Móire, bígí ann agus déanaigí dearmad ar an gcúlú
eacnamaíochta go fóill beag.
Tá ticéid ar fáil ó Mheánscoil Naomh Seosamh san
Uaimh nó ó Fiona Ní Ghaoithín, dalta Idirbhliana.
(087 2496663)
|
The
Tullamore Gospel Choir will perform in the Ardboyne
Hotel on Wednesday the 25th February at 8 pm. This
event is being organized by the Transition Year
students of St. Joseph’s Secondary School, Navan and
proceeds will go to the Mazabuka Lifestart
Programme, Zambia.
The Lifestart Programme was set up five years ago by
Sr. Mary Cudden, who is from Nobber, Co. Meath.
The aim of the programme is to educate and support
parents and guardians of children from newborn to
the age of five. Local women are being trained as
facilitators so that the initiative will be
self-sustaining in years to come.
The Lifestart Programme is of huge importance in a
community that is devastated by poverty, the AIDs
epidemic and poor availability of basic education.
This is a hugely worthwhile cause and your support
would be much appreciated.
The Tullamore Gospel Choir will provide a great
night’s entertainment, a perfect antidote to
recession and economic downturn.
Tickets are available from St. Joseph’s Secondary
School Navan or from Fiona Ní Ghaoithín, Transition
Year student. (087 2496663)
|
|
|
Na
Scéalta is Déanaí
/ What's New |
|
Ciorcal Comhrá i
gCeanannas |
|
Beidh ciorcal comhrá ar siúl in aice na
tine, gach oíche Luain in Óstán Headfort ag 7.30. Teagmháil:
Clár Ni Shionóid
046 9240076 |
|
An Druma Mór. Páipéir
Gaeilge ar-líne / Irish Language
on-line newspaper |
|
Féach:- An Druma Mór http://andrumamornuacht.blogspot.com/
- déantar an Druma Mór a uasdatú gach 4 uair a chloig agus
cuirtear Nuacht 24 amach uair amháin sa tseachtain. Thig
breathnú air ma théann tú isteach chuig an Druma Mór agus
bualadh faoi dhó ar banner Nuacht 24 . Bainigí sult as. Ádh mór
|
|
Téacs Vodafón /
Text in Irish with Vodafone
|
|
Tá Vodafone tar éis bogearra fóin a
fhorbairt chun teachtaireachtaí téacs a scríobh i nGaeilge
le cabhair tuarthéacs (predictive text). Tá an bogearra saor
in aisce (costas íoslódála níos lú ná €1.00) agus
feidhmíonn sé ar fhormhór na bhfón póca (Nokia, SonyEricsson
&rl).
Chun é a fháil, ní mór dul go roghchlár (menu) an fhóin agus
Web nó Browser a roghnú agus an seoladh
wap.teacs.ie a chur isteach.
Lean na treoracha agus nuair atá gach rud déanta, is féidir
úsáid a bhaint as trí dhul go roghchlár an fhóin arís agus
Applications a oscailt.
http://www.teacs.ie/
Tuilleadh eolais ar fáil ag
www.teacs.ie. Bainigí sult as!
|
|
Éigse an Spidéil |
|
 |
|
http://www.irishdictionary.org
Foclóir Nua / New on-line
Irish Dictionary |
|
Ár bhFoclóir ná "Irish Dictionary" agus
tá sé le fáil ag
http://www.irishdictionary.org
Foclóir comhoibritheach nua-aoiseach is ea é. / New and
modern.
|
|
Coiste:
Cathaoirleach: Antaine Ó
Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De
Faoite. Máire Ní Dhonnchú. Nollaig Ó Maonaigh. Alan
Ó hEadhra. Pádraig Ó Standúin.
info@athbui.com
|