 |
Mar a cheanglaítear an tseamróg le Naomh Pádraig, tá ainm Naomh Bríd ceangailte leis an chros bheag a dhéantar de luachair. Fuair sí bás i gCill Dara ach deirtear go bhfuil a cnámha anois curtha i nDún Pádraig i gcuideachta Phádraig agus Cholm Cille. |
Tá clú ar Bhríd i measc naoimh na hÉireann
agus is í an dara duine acu i ndiaidh Phádraig.
Rugadh í i lár an chúigiú céad agus chuaigh sí
leis an Chríostaíocht mar a chuaigh a máthair,
Brocessa. Ainneoin gur iníon í de Dhubhthach,
taoiseach páganach de chuid Chúige
Laighean, ba sclábhaí í a máthair. Bríd agus
na sclábhaithe a rinne obair uile an tí agus fuair
siad an-drochíde, ach bhí Bríd cineálta lena
comhsclábhaithe, agus leis na hainmhithe agus
na héin uile. Beidh cuimhne choíche uirthi as
a carthanacht mhór agus as a cineáltas le
daoine agus le hainmhithe.
Ar na scéalta a insítear ar charthanacht
Bhríde tá ráite gur bhronn sí an t-acra ab ansa
lena hathair, a chlaíomh, ar fhear bocht déirce.
Chuaigh a hathair le báiní ach ní ba mhoille
anonn bhí sé bródúil aisti agus thosaigh sé a
theacht i dtuiscint ar an charthanacht Chríostaí.
Ba í Bríd a thóg an chéad chlochar in Éirinn
taobh le crann mór millteanach darach agus tá
an t-ainm "Cill Darach" nó Cill Dara ar an áit go
dtí an lá atá inniu ann.
Agus í ag iarraidh Páis Chríost a mhíniú do
pháganach i bhí i mbéal báis, d'fhigh sí cros
d'fheaganna luachra a bhí scaipte faoin
urlár aige. Tá a hainm ceangailte le Cros
Bhríde ón lá sin anuas. Déantar ar fud na
hÉireann go fóill iad, agus fágtar faoi
fhrathacha na dtithe iad Lá Fhéile Bríde, 1
Feabhra, an lá a fuair sí bás faoin bhliain
524 A.D., agus deirtear gur chosaint don
teach í an chros ar olc agus ar ghátar.
|
Just as the shamrock is associated with St.
Patrick, so is the small cross made of rushes
linked to St. Brigid.
She died in Kildare but her bones
supposedly now rest with those of Patrick and
Colm Cille i Downpatrick.
Second only to St. Patrick, Brigid is
renowned among Ireland's heritage of saints.
During the mid-fifth century, she was born and
became a Christian like her mother, Brocessa.
Although she was the daughter of Dubhthach,
a Leinster pagan chieftain, her mother was a
slave. Brigid and the slaves did all the work of
the house and the slaves were cruelly treated
but Brigid was kind to her slave companions,
and all the animals and birds. She is always
remembered for her great charity and kindness
to people and animals.
Among the many legends handed down
about Brigid's charitable acts is the one where
she gave her father's most treasured
possession, his sword, to a poor beggar man.
Her father was furious, but later became proud
of her and began to understand Christian
charity.
Brigid built the first Irish convent beside a
giant oak tree and this place became known as
"The Church of the Oak" (Cill Dara) or Kildare
as it is known today.
While explaining the Passion to a dying
pagan, she wove a cross from the rushes
strewn about his floor. The St. Brigid's Cross
made from rushes is now always associated
with her. They are still made in Ireland
today, and placed in the rafters of cottages
on the feast of St. Brigid, 1 February, the
day on which she died, about 524 A.D., and
it is believed that this emblem protects the
home from evil and want.
Ár mbuíochas don 'Áisaonad.'
Our thanks to 'An tÁisaonad.'
|
Buíochas le Seosamh Ó Conluáin i mBaile Átha Buí as ucht na grianghraif d'Eoghan Ó Ghramhnaigh agus a chlann a bhronn sé ar Bhaile Átha Buí le Gaeilge le déanaí. Is dóigh gur tógadh na pictúir idir 1883 agus 1898/9, bliain a bháis ag aois a 36. Tá na pictúirí le feiceáil ach gliogáil anseo:- Eoghan Ó Gramhnaigh

|
Our thanks to Joe Conlon for the photographs of Eoghan Ó Gramhnaigh and his family he recently gave to Baile Átha Buí le Gaeilge.
These pictures were taken between 1883 and 1898/9, the year of his death at the young age of 36. The pictures and captions can be viewed on this link:- Eoghan Ó Gramhnaigh

|
Tá 'Imbolg' á cheilliúradh againn leis na mílte bliain. Titeann sé leath bhealach idir Grianstad an Gheimhridh agus Cónocht an Earraigh. Gach bliain bíonn sé idir an 2 Feabhra agus an 7 Feabhra. Beidh sé ar an 3 Feabhra i 2010.
Bainigí taithneamh as na griangrafanna seo de Ghrianstad an Gheimhridh a tógadh ag Brú na Bóinne ar an 22 Nollaig 2009.
Féach: - www.newgrange.com |
Imbolc has been celebrated since ancient times. It is a Cross Quarter Day, midpoint between the Winter Solstice and the Equinox, it can fall between the 2nd & 7th of February, in 2010 it falls on the 3rd of February.
Imbolc Newgrange.com
Michael Fox of Newgrange.com has compiled a chronological photographic essay from the Winter Solstice at Newgrange on the 22nd December 2009, enjoy.
Winter Solstace 2009 |