Back / Siar

Nuachtlitir   Newsletter

Craobh Uí Ghramhnaigh 

Baile Átha Buí

Lúnasa / August 2008

Eoghan Ó Gramhnaigh

Laoch na Gaeilge

Ag Obair leis an bPobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Working with the Community to Promote the Irish Language

San Eagrán seo / In this issue:

Éigse Uí Ghramhnaigh
Comhghairdeas le Liz
Abhainn an Átha Buí
Is féidir liom
Féile Bhaile Ghib
Get the Focal -Foclóir ar do fón póca
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta in Áth Buí
Éigse Uí Ghramhnaigh
Congratulations Liz
Athboy River
Is féidir liom - Irish course for beginners
Féile Bhaile Ghib
Get the Focal -Download English-Irish Dictionary for your mobile phone
Irish Classes for Adults in Athboy
Éigse Uí Ghramhnaigh 2008

     

 

29ú 30ú 31ú Lúnasa / August 2008

Clár don Deireadh Seachtaine   

Click here for -

Programme of events for the weekend

Comhghairdeas mór leat a Liz

Tréaslaíonn coiste Átha Buí le Gaeilge leis an gComhairleoir áitiúil Liz Mhic Cormaic as ucht a ceapacháin mar Chathaoirleach ar Chomhaile Contae na Mí don bhliain seo chugainn.  Tugann Liz an tacaíocht i gcónaí don Ghaeilge agus do dhul chun cinn na Gaeilge go háitiúil.   Comhghairdeachas a Liz.

Coiste Átha Buí le Gaeilge congratulates local Councillor Liz McCormack on her appointment as Chairperson of Meath County council for the next year.  Liz is always supportive of the Irish language and efforts to develop it locally.   Congratulations Liz.
Abhainn an Átha Buí

 

The Athboy River / Yellow Ford

Agallamh le Matt Nolan.

Cigire le Bord Iascaigh Réigiúnach na Sionainne

Interview with Matt Nolan, Fisheries Inspector, Shannon Regional Fisheries Board

Is as oirthir Chontae na Gaillimhe do Mhatt ach tá cónaí air le fada an lá sa Mhuileann gCearr. Tá suim an-mhór ag Matt sa ghrianghrafadóireacht agus bíonn grianghraif dá chuid le feiceáil go minic san Iris ‘Irelands Eye.’  Roinnt blianta ó shin chuir sé suim sa Ghaeilge agus d’éirigh leis í a fhoghlaim go maith taobh istigh de chúpla bliain.  Bíonn sé le cloisteáil ó am go chéile ar Radio na Gaeltachta agus Radio Shannonside. Tagann sé ar chuairt go minic go dtí Ráth Chairn.  San alt seo tá Áth Bui le Gaeilge ag cuir roinnt cheisteanna air faoin Abhainn in Áth Bui.

Matt is a native of East Galway but is living in Mullingar for many years. He is a very keen photographer and some of his pictures have appeared on the cover of the magazine 'Irelands Eye' from time to time. Some years age he became very interested in learning Irish and he succeeded within a few short years. He can be heard from time to time on Radio na Gaeltachta and Shannonside Radio.  He is a regular visitor to Ráth Chairn.  In this article, Áth Buí le Gaeilge ask him some questions about the Athboy River.

 

Cad iad na cineálacha éisc atá san abhainn?

Is é an speiceas ceannasach atá san abhainn ná an Breac Donn Fiáin, suas go dtí punt meachan amhain nó mar sin.  Tá roinnt éisc beaga eile ann chomh maith, ina measc, An Chailleach Rua agus an Garmachán nó an Pincín mar is fearr aithne air.

What fish species are to be found in the river?

The dominant species is Wild Brown Trout up to one pound in weigh. There are also small fish present such as stone loach and minnows, otherwise known as the Pincíní.

Breac Donn

An Chailleach Rua

Pincíní

 

Cad a itheann na héisc? : Tá neart bia le fáil ag na héisc san abhainn, idir fheithidí agus cuileoga. Is iad na cineálacha is coitianta atá ann ná na upwing flies, an chuill chloch, ciaróigí,  crustations agus seiscí.

What do the fish feed on? The Tremblestown contains an abundance of fish food in the form of bugs, insects and flies. The most abundant and prolific of these include upwing flies, stoneflies, flatwing flies, beetles, crustations and sedges.

Céard faoi fhiadhúlra eile?

Níl an oiread sin eolas agam maidir le na héin ach is dóigh liom go bhfuil na gnáth-éin bheaga abhainn le fáil ann, ina measc, An Corr Réisc, An Cruidín agus an Cearc Uisce. Ar ndóigh tá an Madra Uisce agus an Fiamhinc Mheiriceánach ann freisin.

What about other wildlife?

 I am not so hot on birds but it contains all the usual small river birds including The Heron, The Kingfisher and some coots and the usual numbers of otters and mink.  There ar several names for the Heron in Irish including An Corr Réisc, Máire Fhada and Síle na bPortach.  

An Corr Réisc

An Crúidín

An Chearc Uisce

An Madra Uisce

An Fhiamhinc

An gceapann tú go bhfuil an fiadhúlra ar an abhainn seo sláintiúil?  

Ceapaim go bhfuil. Tá an abhainn féin, na h-éisc agus an fiadhúlra reasúnta folláin agus sláintiúil.

Would you describe the wildlife on the river as being in a healthy state?

Yes the river and its fish and wildlife are in fairly good shape.

 

An bhfuil na h-éisc gann nó an bhfuil go leor acu ann?

Tá ard-mheas ag iascairí áitiúla agus cuairteoirí araon ar an abhainn seo.  Tagann roinnt mhaith iascairí ann chuile bhliain, Francaigh den chuid is mó. Cuirtear na h-éisc ar fad a mbeirtear orthu ar ais san abhainn ina mbeatha.

Are the fish scarce or plentiful?

 The River is well regarded by both local and visiting anglers and a good number of tourist fish the river each year, mostly French. All the fish are returned alive to the river.

An bhfuil aon ainmhí / éan / iasc / feithid ar an abhainn atá gann agus atá faoi chosaint?

Níl go bhfios domsa. Abhainn dheas breac donn atá ann, rud atá neamhchoitianta go maith in Éirinn sa lá atá inniu ann.  

Is there anything that is rare and protected on the river?

No, not that I am aware of. The river is just a nice small trout river which in Ireland nowadays is rare enough.   

 

An raibh níos mó cineálacha éisc san abhainn fadó, abraimis, céad bliain ó shin?

Níl freagra na ceiste sin agam ach déarfainn gur beag laghdú atá tagtha, más tada, ar an méad speicis atá san abhainn ó shin i leith.

Were there more species in the river in the past, say 100 years ago?

I don’t know the answer to that question but I would suggest that there was very little loss of species over the years.

 

An féidir cineálacha éisc eile nach bhfuil ann faoi láthair a chur isteach san abhainn? 

 Ní abhainn í seo atá oiriúnach i gcomhair cineálacha éisc eile a chur  isteach inti.  Abhainn fhiáin  í seo agus ní bhíonn inti ach éisc fiáine, gan aon éisc stocáilte inti ar chor ar bith. Tá aibhneacha mar í seo gann go maith in Éirinn anois agus cuireann na h-iascairí na h-éisc a bheireann siad orthu ar ais san abhainn chun an stoc fiáin seo a choinneáil slán.   

Could other species of fish that are not in the river at present be introduced to this river?

This is not the type of river for stocking or introducing other species. This is a wild river with just wild fish and no stocked fish at all. This is rare in rivers in Ireland and anglers return all fish to the water in order to keep up the wild stock of native wild fish.

An dtiocfaidh feabhas ar chaighdeán an uisce nuair a bheidh na hoibreacha móra séarachais atá ar bun faoi láthair críochnaithe?  

Cinnte, cuirfidh seo tuilleadh feabhais ar chaighdeán an uisce agus déanfaidh sé maitheas do gach cineál éisc atá san abhainn.

 

Will there be an improvement in the water quality when the new sewage plant is operational?

Yes this will improve the water quality further and will make a difference for all fish species.

 

Is Féidir Liom - A beginners’ course in Irish for Adults

 

 

Is féidir liom is a dictionary-based investigative course with CD support.

The Book and CD were written and produced by Seamus O'Neill and published by Navan Education Centre info@ecnavan.ie

The course also provides Free Teaching and Learning Materials on internet to supplement the Book and CD. More material will be added to this site in the autumn.  
http://www.isfeidirliom.ie

The book (61 pages) is available in Eason’s in Navan at a cost of €16.50.  Larger orders for classes can be bought from The Teachers Centre in Navan at a reduced price. 

Tá an leabhar ar fáil in Eason’s na hUaimhe ar €16.50 (61 leathanach).   Má tá beart acu ag teastáil le haghaidh rang do dhaoine fásta, tá siad ar fáil ar chnagphraghas in Ionad na Múinteoirí san Uaimh.   

Note for learners:

If you want to have a go at learning Irish, not be too ambitious, get yourself a copy of Is féidir liom. Its great value, buy a copy for a friend and work through the course together.

 Beidh 'Is féidir liom' á úsáid ag Áth Buí le Gaeilge sna ranganna do dhaoine fásta i mbliana.  

Is Féidir liom will be in use during the classes for adults organised by Áth Buí le Gaeilge in September.

Féile Bhaile Ghib

Aoine 8 Lúnasa
8in: Oscailt le Mick Lally & ceol leis an mbanna cáiliúil
Kíla
Satharn 9 Lúnasa 6in:
Aonach Tailteann. La clainne le BBQ, seo puipéad, fir grinn, péinteáíl aghaidh srl.
Domhnach 10 Lúnasa:
Seó hipnóise le Zak Powers. Baile Ghib ag dul faoi dhraíocht Zak, bí ann!
Ticéid agus eolas ag 046 943 2067 nó feilebg@gmail.com 
 


Fri 8 August 8pm:
Official festival opening with Mick Lally followed by the infamous
Kíla.
Sat 9 August 6pm:
Aonach Tailteann. Family Day Out with BBQ, puppet show, face painting, stilt walkers and much more!
Sun 10 August:
Hypnotist Zak Powers visits Baile Ghib with his national tour....but as Gaeilge this time!
Tickets agus info ag 046 943 2067 nó feilebg@gmail.com 
 

 

Get the Focal   

Sheoil an comhlacht T.E.  Maithú, in éineacht le Foras na Gaeilge, feidhmchlár nua  fón póca, as-líne ina bhfuil aistriúcháin de os cionn 12,000 focail agus frásaí ar fáil, saor in aisce.

Níl ort ach ‘Focal’ a sheoladh chuig 53503 ar chostas .30 cent ( 83222 ar chostas 25p i dtuaisceart na hÉireann) I gcomhair seal triallach de leath an fhoclóra. 

Ní chosnaíonn an fhoclóir Béarla-Gaeilge ach €5, C.B.L. san áireamh. Is cuma fón bille nó fón íoctar mar a úsáidtear a bheith agat.

Ní gá dul ar-líne chun an fhoclóir ar Get the Focal a úsáid. Níl aon costas breise ag baint leis agus is féidir é a chur ar gach saghas fóin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.getthefocal.com  

Tá sé seo thar a bheith úsáideach d’fhoghlaimeoirí, mic léinn, tuismitheoirí, stáit sheirbhísí agus gach duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge.  

 

Maithú, a west of Ireland based IT company and Foras na Gaeilge launched 'Get the Focal', a mobile phone application which provides over 12,000 English-Irish translations for off-line use.

By texting 'Focal' to 53503 (ROI, E0.30 inc. VAT) or 83222 (UK, £0.25 inc. VAT), 'Get the Focal', is available for a trial, free of charge with access to half of the dictionary.

The English-Irish dictionary with 12,000 translations can be fully downloaded for as little as E5 including VAT.  It works for bill phones and ready to go.

'Get the Focal' can be accessed from your mobile phone fast and free at any time with no internet usage. There are no more costs and it works on all mobile phones.

 More details are available on www.getthefocal.com

'Get the Focal' is ideal for Irish language learners, students, parents, teachers, civil servants or indeed anyone interested in the Irish language.

 

 Cúrsa Comhrá Gaeilge do Dhaoine Fásta
Irish Language Classes 2008 

Cúrsa Comhrá Gaeilge do Dhaoine Fásta i mBaile Átha Buí

Conversational Courses in Irish for Adults in Athboy


 Meán Fómhair / September2008

10 Consecutive Tuesday Nights
7.30pm- 9-30pm
European Certificate in Irish

Teastas Eorpach na Gaeilge
www.teg.ie        

Tá na ceachtanna ar taispeáint sa Leabharlann in Áth Buí.

Lesson Notes are on display in the Library in Athboy.

Teagmháil / Contact
Ríomhphost info@athbui.com  086 1533479

Coiste Átha Buí le Gaeilge:  Cathaoirleach: Antaine Ó Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De Faoite. Coiste: Máire Ní Dhonnchú, Nollaig Ó Maonaigh.   Teagmháil / Contact: info@athbui.com