Ag Obair leis an bPobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Beidh Nuachtlitir Speisialta na Nollag ar an suíomh againn ón 12 Nollaig ar aghaidh.
San Eagrán seo / In this issue:

Teresa Uí Dhochartaigh
Fáinní sa bparóiste
Féile na Mí
Suíomh nua Ráth Chairn www.rathcairn.com
Ainmneacha Sráideanna na hUaimhe
Good Night Ballivor
Ó Chósta go Cósta

Tá Foinse ar ais
An Béal Bocht –Grianstad na hUaimhe Dáta 4 Nollaig 8.00in

Teresa Uí Dhochartaigh
Fáinní sa bparóiste
Féile na Mí
Suíomh nua Ráth Chairn www.rathcairn.com
All new estates in Navan must have Irish names
Good Night Ballivor
Ó Chósta go Cósta
Foinse is Back

An Béal Bocht –Solstice 4 December 8.00pm

Teresa Uí Dhochartaigh
Theresa Doherty retires as Librarian in Athboy
Teresa

Tá Treasa Uí Dhochartaigh éirithe as mar leabharlannaí i mBaile Átha Buí. Tá labhairt na Gaeilge go han-mhaith ag Treasa agus tá sí ag obair le fada an lá chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Leabharlann in Áth Buí. Fuair sí go leor leabhar do pháistí bheaga i nGaeilge agus chur sí áit speisialta ar fáil sa leabharlann do na leabhair sin. Chuir sí Dlúthdhíoscaí foghlaim na Gaeilge ar fáil i gcónaí ann saor in aisce chomh maith leis an bpáipéar ‘Saol.’ Tá sí ag tabhairt faoi chúrsa ollscoile faoi láthair. Go n-éirí go geal léi amach anseo.
Teresa Doherty has retired as Librarian in Athboy. An Irish speaker, Teresa has always worked to promote Irish in the Library. She stocked the library with childrens books in Irish and created a special place in the library for these books. She kept Irish language CD's for lerners and had SAOL freely availabe to all. She is busy in her retirement doing a University course. Best of luck Teresa.
Agus Céad míle fáilte roimh Leabharlannaí nua Átha Buí, Ursula Uí Lionscaigh as an mBóthar Mín. Tá an t-ádh orainn go bhfuil Gaeilgeoir eile sa bpost tábhachtach seo. Go n-éirí léi sa bpost nua.

Bronnadh Suaitheantais 'Cúpla Focal' sa bParóiste
Presentation of Cúpla Focal badges in the Parish
Rang 1
Rang 2

Bhronn Áine Ní Dhonnchadha, Comharchumann Ráth Chairn, na suaitheantais Cúpla Focal ar na tuismitheoirí atá ag foghlaim Gaeilge san oíche Dé Máirt, 3ú Samhain i Ráth Chairn. Tá a gcuid páistí ar scoil nó sa naíonra i Ráth Chairn. Tá cónaí ar cheathrar díobh i mBaile Átha Buí. Is í Nóra Ní Mhealóid (ar dheis) atá á múineadh.
Bhronn Alan Ó hEadhra suaitheantais ‘Cúpla Focal’ ar ghrúpa daoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge in Áth Buí ar an 3ú Samhain. Tá cónaí ar gach duine sa ngrúpa seo i mBaile Átha Buí. Comhghairdeas leo ar fad agus ní fada uathu an Fáinne óir.
Cúpla Focal’ badges were presented to learners in Athboy and Ráth Chairn this month. Áine Ní Dhonnchadha presented the group learning in Ráth Chairn and Alan Ó hEadhra presennted the badges in Athboy. Best of luck to all. Next year it will be the Fáinne Oír.

Féile na Mí 2009 Féach www.rathcairn.com agus www.cnami.ie
Nasairin Jim gradaim

Nasairín Elsafty a bhuaigh an chéad duais i gComórtas Amhránaíochta ar an Sean Nós i Ráth Chairn.

Corn Mhairtín Kerrane le h-aghaidh casadh ar an mbodhrán buaite ag Séamas Mac Concoille. Ar chlé - Colm Dubh Ó Mealóid a rinne fear an tí, Jacqueline Ní Mhealóid agus a fear Pat a bhí i láthair ar son chairde Mhairtín san Astráíl. Dinéar Fhéile na Mí. Fuair Maolsheachlain Ó Caolaí (ar chlé chun tosaigh) Gradaim Uí Gramhnaigh agus fuair Bill Slattery Gradam Chultúrtha na Gaeltachta (ar dheis ar chúl).
Suíomh idirlíon nua do Ráth Chairn www.rathcairn.com New Website for Ráth Chairn
wwwRC

 

Féachaigí ar an suíomh idirlín nua atá ag Comharchumann Ráth Chairn. Beidh na himeachtaí ar fad atá san Áras Pobal ar fáil anseo chomh maith leis 'An Geaitín,' Nuachtlitir Chomharchumann Ráth Chairn.

www.rathcairn.com  

Have a look at Comharchumann Ráth Cairn’s new website. All activities in Ráth Chairn will be available on-line from now on see –Events. The monthly newsletter –An Geaitín’ will be posted on the site.

Ainmneacha Sráideanna na hUaimhe
All new estates in Navan must have Irish Names

Ainmneacha Sráideanna na hUaimhe
Meath Chronicle 11/09
All new estates in Navan must have Irish names
An Comhailleoir Peadar Toibín a mhol.

''All new residential housing estates being built in the Navan urban area for the next five years will have to have an Irish name, following a decision taken at a meeting of the local town council last week. Navan Sinn Féin councillor Peadar Tóibín said he was delighted with the support he received for an Irish language initiative at last week’s meeting of the council.''

An féidir linne an rud céanna a fháil ceadaithe do Bhaile Átha Buí, agus gach baile eile sa gContae chom maith céanna? An féidir linne feachtas a chur ar bun chun é seo a chinntiú? An gcabhróidh tusa linn?
Tosóidh muid ar an bhfeachtas seo i mí Eanair. Tabhair cúnamh dúinn más féidir.
Can we have the same for Athboy please, and all the towns in Meath as well? Can we begin a campaign to get this policy adopted throughout the county? Can you help?
This job of work will start in January. If you have ideas please contact us. info@athbui.com .

Good Night Ballivor Éigse Uí Ghramhnaigh 2009

Lón beag agus Léacht:

‘Ways of Knowing the World’ with John Quinn
(of good night Ballivor, I’ll sleep in Trim fame)

Agus ina dhiaidh sin
Oíche Shóisialta Traidisiúnta in Óstán an Darnley

Maidin Domhnaigh, 11.00am, 29th Samhain 2009

Goodnight

Brunch and Talk:

‘Ways of Knowing the World’ with John Quinn
(of good night Ballivor, I’ll sleep in Trim fame)


Followed by
Traditional Social in Old Darnley Lodge Hotel

Sunday morning, 11.00am, 29th November 2009 €12.00

féach www.veritas.ie
This book grew out of the radio documentary Goodnight Ballivor, I’ll Sleep in Trim. That expression, common to those who grew up in Ballivor, yet shrouded in mystery, was the obvious title to give to a radio memoir. The wonderful reaction to it surprised the author, but it shouldn’t have. It was the old story of the local being universal. Twelve years after the documentary was first broadcast, the author has finally acceded to the many requests to put this rich tapestry of his own memories, and those of his counterparts, into print.

Ó Chósta go Cósta

Brontannas álainn don Nollag ón údar
Frank Reidy

Ó Chósta go Cósta

Laoch de chuid na Maasai atá chlúdach an leabhair.

 

Seolann an t-údar i ndabha timpeall chósta thoir na Céinia, tugann sé cuairt ar sheanmháthair Bharack Obama, agus ríomhann sé stair chasta, thragóideach na tíre. Tugann sé faoi safari i bpáirc náisiúnta an Maasai Mara. Tugann sé cuairt ar Uganda go bhfeice sé an chabhair a thugann Rialtas na hÉireann don tír sin. Agus filleann sé ar Ruanda go bhfeice sé mar atá ag éirí leo sna blianta tar éis an chinedhíothaithe. Leabhar taistil, leabhar staire, leabhar eolais, leabhar polaitíochta – leabhar nach mór do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige san Afraic sa lá atá inniu ann é a bheith ina sheilbh.
Tagairt: ISBN 9781905560400 (Reference) 158 (Pages)
Praghas: Clúdach bog €15.00 (Price)
http://www.cic.ie/product.asp?idproduct=1294  

The author sails around the Kenyan coast in a traditional dhow, visits Barack Obama’s grandmother, and learns about the country’s complicated and tragic history. He goes on safari in the Maasai Mara national park. He visits Uganda to see how Irish Governmental aid has helped that country. And he returns to Rwanda to see how they are progressing in the years following genocide. This is a travel book, a history book, a source of information and a book of politics – it is a book that anyone with an interest in Africa will appreciate.
Tá Foinse ar ais
Foinse is Back
Foinse

Tá Foinse ar ais. Tá sé ar fáíl san Independent gach Ceadaoine as seo amach. Is socrú iontach é seo, anois beidh Foinse ar fáíl taobh istigh de phaipéar a dhíolann 150,000 cóip in aghaidh an lea. Ní shin amháín, ach tá ceachtanna Gaeilge ar chúl an phaipéar le haghaidh lucht Ardtéiste, Bunscoile agus Foghlaimeoirí fásta.

Are you learning Irish? Buy Foinse in the Irish Independent every Wednesday. The paper contains language lessons for Leaving Cert, Primary and Notes for Adult learners. 150,000 readers of the Independent will now receive Foinse every Wednesday.

An Béal Bocht –Grianstad na hUaimhe Dáta 4 Nollaig 8.00in
An Béal Bocht –Solstice 4 December 8.00pm
Beal Bocht

 

Dáta don Dialann

Tá an Béal Bocht ag teacht go dtí Grianstad na hUaimhe ar an 4 Nollaig ag 8.00in

Date for your Diary

An Béal Bocht –coming to the Solstice in Navan on the 4 December at 8.00pm

 


Coiste:  Cathaoirleach: Antaine Ó Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De Faoite.  Máire Ní Dhonnchú. Nollaig Ó Maonaigh. Alan Ó hEadhra.  Pádraig Ó Standúin.   info@athbui.com