Nuachtlitir   Newsletter

Craobh Uí Ghramhnaigh 

Baile Átha Buí

Márta / March 2009

Eoghan Ó Gramhnaigh

Laoch na Gaeilge

Ag Obair leis an bPobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Working with the Community to Promote the Irish Language

San Eagrán seo / In this issue:  

Lá Fhéile Pádraig
Comórtas Fuinneoga
Turas Binncheoil go Londain
An Leabharlann
Seachtain na Gaeilge
Grianstad an Earraigh
Teastas Eorpach na Gaeilge
Raidió Rí-Rá
Nuacht24
Éigse agus Eacnamaíocht
Saint Patrick's Day
Window Display Competition
 Binncheoil Tour to London
The Library - Free CD's for Learners
Seachtain na Gaeilge
Spring Equinox
European Certificate in Irish
Raidió Rí-Rá
Nuacht24
Poetry and Politics

Lá Fhéile Pádraig


Dóchas linn Naomh Pádraig
Aspal mór na hÉireann
'Ainm oirirc gléigeal
Solas mór an tsaoil é
'S é do chloígh na draoithe
Croíthe dúra gan aon mhaith
D'ísligh dream an díomais
Tré neart Dé ar dtréanfhlaith


Sléibhte gleannta maighe
's bailte mór' na hÉireann
Ghlan sé iad go deo dúinn
Míle glóir dár Naomh dhil
Iarraimid ort, a Phádraig
Guí orainne Gaela
Dia linn lá 'gus oíche
's Pádraig Aspal Éireann

 

 

Lúireach Phádraig.
Críost liom, Críost romham, Críost i mo dhiaidh
Críost istigh ionam, Críost liom, Críost fúm
Críost os mo chionn 
 
Críost i mo luí dom, Críost i mo shuí dom, Críost i ngach áit.
Críost ar mo láimh dheis, Críost ar mo láimh chlé,
Críost liom, Críost romham
 
Críost ó dheas, Críost ó thuaidh, Críost i ngach áit.
Críost i ngach súil a fheiceann orm
Críost i ngach cluas a éisteann liom

 

 Paráid na bliana seo chaite - Pádraic an ghreasaí bróig -
Last years parade - Pádraic singing the cobbler song.

COMÓRTAS  FUINNEOGA

WINDOW DISPLAY COMPETITION

Conradh na Gaeilge

For local Businesses-

is fearr a léiríonn úsáid na Gaeilge

who best use Irish in displays

BRONNFAR AN DUAIS OÍCHE PHÁDRAIG  IN

ÓSTÁN AN DARNLEY ag 8.30

THE PRIZE WILL BE PRESENTED AT 8.30 IN THE OLD DARNLEY LODGE HOTEL ON ST. PATRICK’S NIGHT

Is éarlamh na hÉireann é Naomh Pádraig. Rugadh sa Bhreatain Bheag é agus tháing sé go hÉireann chun an Chríostaíocht a scaipeadh. Deirtear gur usáid sé an seamróg chun an Trionóid a mhiniú. Inniú bíonn paráid i mbeagnach gach baile in Éirinn agus i gcatharacha móra ar fud an domhain. Caitheann daoine an seamróg. Chaith Pádraig trí bliana i Ríocht na Mí. Thug sé cuairt ar Theamhair agus ar Thailteann agus ceaptar gur thug sé cuairt ar Thleachta chomh maith. Tógadh an chéad séipéal in Áth Buí ar thaobh lár-ionad na ndraoithe ar Chnoc Thleachta. Teampaill Chuimhneacháin Pádraig a thugtar ar an séipéal atá ar an taobh thoir den chnoc. Le linn do Phádraig a bheith ar thuras, deirtear gur ann a chuimhnigh sé ar an áit ar fhága sé a chuid leabhair. Ba é an sean ainm a bhíodh air ná Teampall Cuimhne nó Cill Cuimhne.
 Saint Patrick is the Patron saint of Ireland. He was born in Wales and he came to Ireland to spread Christianity. It is said that he used the shamrock to explain the Trinity. Today there is a parade in almost every town in Ireland and around the world. People wear shamrock. St. Patrick spent three years in the Kingdom of Meath. He visited Tara and Tailteann and it is highly likely that he also visited Tlachtga. The first church in the Athboy area was on the periphery of the druidic centre of ‘Tlachtga’. The church on the eastern slopes of the Hill of Ward is called ‘Member or Remembrance Church’ from the story that it was here St. Patrick remembered where he left his books after one of his journeys. Its older name was Teampall Cuimhne or Kilcuimhne.
A Short History of Rathmore and Athboy’ by Noel E. French 

Turas Binncheoil go Londain / Binncheoil visit London

Ceoltóirí óga ó Londain agus Co. na Mí.

Éilis Keegan. Fidléar óg den scoth ó Áth Buí ag casadh sa teach ósta 'The Ram' i Hammersmith san oíche Dé Domhnaigh.

 

 

 

Máire Ní Mhealóid as Ráth Chairn a bhfuil cónaí uirthí i Londain a d'eagraigh an turas.
Seán Ó Laoire ó Chomhaltas Thleachta agus Breandán Mulkere as Cho. an Chláir ó thús, a rinne an cheardlann cheoil leis na daoine óga maidin Shathairn.

Turas Binncheoil go Londain

 Thaistil 33 déagóir agus daoine fásta ó cheantar Átha Buí agus Ráth Chairn chun a gcuid ceoil, damhsa agus amhránaíocht ar an sean nós a roinnt ar cheoltóirí agus phobal na hÉireann thall i Hammersmith i Londain. Tá an grúpa seo  páirteach i gCraobh Thlachtga de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.  Ena McKiernan, Cathaoirleach na Craoibhe, a bhí i gceannas ar an ngrúpa. Bhí an turas seo mar chomóradh ar bhunú na craoibhe  cúig bliain déág ó shin agus 20 bliain ó cuireadh tús leis an damhsa seite i Halla Dhún Doire.

Máire Ní Mhealóid as Ráth Chairn a bhfuil cónaí uirthi thall a tháinig aníos leis an smaoineamh ar dtús go dtabharfaidh na ceoltóirí agus damhsóirí go dtí an tIonad Cultúr Éireannach i Hammersmith.  http://www.irishculturalcentre.co.uk/  

 Bhí bainisteoir an Ionaid, Catherina Casey, Corcaíoch, thar a bheith cabhrach. Shocraigh sí ceardlann ceoil don tSathairn le Brendan Mulkere, an múinteoir ceoil cónaitheach atá san ionad.

I rith na deireadh seachtaine bhí, ceardlann damhsa seite agus Céilí san oíche Dé Sathairn le banna cheoil Seánie McDonagh as Chonamara. Tugadh na daoine óga ar thuras mheán oíche timpeall chathair Londain. 

 An tAthair de Brún as Tiobraid Árann a léigh a t-Aifreann dhátheangach san ionad maidin Dé Domhnaigh. 

Chuir na cuairteoirí as Cho. na Mí, coirm cheoil ar siúl san ionad tráthnóna Domhnaigh agus bhí lán an halla i láthair.  Bhí seisiúin cheoil iontach le ne ceoltóirí go léir as Co. na Mí agus Londain i dteach tábhairne darbh ainm ‘The Ram,’ agus bhí oíche den scoth ann.  

Craobh Thlachtga an t-ainm atá ar an gcraobh anois. Seo ainm an chnoic stairiúil atá i lár an cheantair, ceantar Átha Buí, Ráth Chairn agus Dún Doire. 

Tá 135 daoine óga ag foghlaim an cheoil ar oícheanta Luain agus Aoine i bPobal Scoil Átha Buí.  Bíonn ranganna seite do dhaoine fásta ar siúl i Halla Dhún Doire gach oíche Déardaoin agus bíonn ranganna damhsa ar an sean nós ar siúl i Halla Naomh Séamas gach oíche Mháirt. Bíonn céilí i Halla Dhún Doire ar an tríú Shathairn de gach mí. Beidh an chéad céilí eile ar siúl ar an 21ú Márta le banna cheoil Brian Bóramha.

Binncheoil visits London

A group of 33 teenagers and adults travelled from the Ráth Chairn Gaeltacht and Athboy in Co. Meath to share their music, dance and sean nos singing with other musicians and members of the Irish community in Hammersmith in London.  They are all part of Craobh Thlachtga of Comhaltas Ceoltóirí Éireann.
The group was led by Ena McKiernan - Cathaoirleach of the Branch. The trip was a celebration of the fifteenth anniversary of the branch and the twentieth anniversary of set dancing in Dunderry Hall.

It all started off with a suggestion from Máire Ní Mhealóid who is resident in London for a group of musicians, singers and dancers to do an exchange with the Irish Cultural Centre in Hammersmith.   http://www.irishculturalcentre.co.uk/    

The manager of the centre, Catherina Casey - who is a Cork woman, was most helpful.   She arranged with the resident music teacher in Hammersmith a Brendan Mulkere from Co. Clare that we would do a joint workshop with him and his group on Sat. morning.

On Sat. afternoon there was a set dancing workshop in the  Centre. On Sat. night there was a Céilí in centre with music by Seánie McDonagh from Conamara and his band.   The young people in the group were brought on a midnight tour of London .

Sunday morning Mass in Irish and English was celebrated in the Centre by Fr. Brown from Dundrum in Tipperary.

A concert displaying the talents of the visitors was given on Sunday afternoon to a full audience. This was followed by an impromptu session in a local hostelry.

The branch is now called Tlachtga, the name of the historic hill in the centre of the area.    It lies in the centre of our area which now incorporates Athboy, Dunderry and Ráth Cairn.

There are 135 young people learning music on Monday and Friday nights in Athboy Community school. Adult set dancing classes are held in Dunderry Hall on Thursday nights and a sean-nós dancing class in Athboy's St. James' Hall on Tuesday nights. A monthly Céilí is held in Dunderry Hall on the third Saturday of the month.  Next Céilí will be held on March 21st. with Brian Ború Céilí Band.

 

An Leabharlann / Free CD's for learners and Paper

Tá Cóipeanna  de Learn Irish with Liam Ó Maonlaí, Disc 1 agus 2 chomh maith le Saol ar fáil saor in aisce ag an deasc sa leabharlann in Áth Buí, a bhuíochas don leabharlannaí, Treasa Uí Dhochartaigh.    Copies of Learn Irish with Liam Ó Maonlaí, Disc 1 and 2  and the Irish Language monthly newspaper Saol are available free in the Library in Athboy thanks to librarian Treasa Uí Dhochartaigh. 

Seachtain na Gaeilge - Ciorcail Comhrá

Ciorcal Comhrá i Ráth Chairn

Ciorcail Comhrá in Átha Buí

Déardaoin 5ú Márta

ar cheal / cancelled

Déardaoin  12ú Márta

Grianstad an Earraigh i gCo. na Mí / Spring Equinox
Tá foireann Oifig na nOibreacha Poiblí ag súil go mór le Grianstad an Earraigh ar Shliabh na Caillighe i mbliana. Beidh siad ar an gcnoc ag breacadh an lae, Dé hAoine an 20ú Márta, Dé Sathairn an 21ú Márta agus Dé Domhnaigh an 22ú Márta idir 6.15am agus 7.30am. Ní mór cóta mór a thabhairt leat mar beidh sé an-fhuar ar bharr an chnoic an t-am seo den bhliain.
Tá taobhanna an chnoic sleamhain go maith, mar sin, b'fhearr duit buataisí maithe a chaitheamh. Ní thógann sé ach 10 nóiméad dul go barr an chnoic.
http://www.knowth.com/loughcrew-equinox-mar05.htm 
Radharcanna ó Shliabh na Caillighe
Grianstad an Earraigh 2005.
http://www.knowth.com/loughcrew-equinox-video.htm 
Físeán de Ghrianstad an Earraigh 2005.
Tá dlúthdhíosca nua faoi Bhrú na Boinne, Knowth agus Dowth seolta ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus tá sé ar fáil ó -
http://www.newgrange.com/newgrange-dvd.htm 
Looking forward to the Spring Equinox at Loughcrew, the team from the OPW (Office of Public Works) will be on site at dawn on Friday March 20th, Saturday March 21st and Sunday March 22nd from 6.15am until 7.30am. If can be very cold at the Equinox dawn so dress warmly with layers of clothing.
The 10 minute walk up the hill can be very slippery, boots with good grip are recommended.
http://www.knowth.com/loughcrew-equinox-mar05.htm  Images from Loughcrew
Spring Equinox 2005.
http://www.knowth.com/loughcrew-equinox-video.htm  Video from Loughcrew Spring Equinox 2005.
A new DVD about Newgrange, Knowth and Dowth (Brú na Boinne) has been
launched by OPW (Office of Public Works), for purchasing information
click:http://www.newgrange.com/newgrange-dvd.htm
Teastas Eorpach na Gaeilge 2009 www.teg.ie 
Beidh scrúduithe Teastas Eorpach na Gaeilge ar siúl ar dátaí seo. Teastas Eorpach na Gaeilge exams take place on the following dates:
 
A1                   18 Aibreán 2009       18 April 2009
A2                   25 Aibreán 2009       25 April 2009

B1                   9 Bealtaine 2009      9 May 2009
B2                   16 Bealtaine 2009    16 May 2009
 
Ionaid Scrúdaithe / Exam Centres
 
Beidh na scrúduithe ar siúl sna hionaid seo a leanas       The exams will take place in the following centres:
 
Ollscoil na hÉireann Má Nuad  (gach leibhéal)                              NUI Maynooth (All levels)
Gaoth Dobhair  (gach leibhéal)                                                       Gaoth Dobhair, Co. Donegal (All levels)
An Spidéal  (gach leibhéal)                                                             An Spidéal, Co. Galway (All levels)
Baile Bhuirne  (gach leibhéal)                                                         Baile Bhuirne, Co. Cork (All levels)
 
Páras (A1 & A2)                                                                               Paris (A1 & A2)
Prág (A1 amháin)                                                                             Prague (A1 only)
Nua Eabhrac (A1 amháin)                                                               New York (A1 only)
Cambridge (A1 amháin)                                                                  Cambridge (A1 only)
 
Spriocdhátaí d’iarratais / Deadline for applications
Is iad na spriocdhátaí d’iarratais ná:                Applications must be received on or before the following dates:
 
A1                   20 Márta 2009                                                           A1       20 March 2009
A2                   27 Márta 2009                                                           A2       27 March 2009
B1                   9 Aibreán 2009                                                         B1       9 April 2009
B2                   17 Aibreán 2009                                                       B2       17 April 2009
 
 
Tuilleadh eolais / Further information
Ta an fhoirm iarratais agus tuilleadh eolais maidir leis na scrúduithe ar fáil ag an nasc seo:
 The application form and other information pertaining to TEG exams are available at this link:
http://www.teg.ie/gaeilge/foirm_iarratais.htm
 
Cuir foirmeacha iarratais chuig an seoladh seo / Send applications to this address:
 
Ionad na dTeangacha,                      The Language Centre,
Ollscoil na hÉireann,                         National University of Ireland,
Má Nuad,                                           Maynooth,
Co. Chill Dara,                                   Co. Kildare,
Éire.                                                    Ireland.
 
Nó glaoigh ar / or call:  00353 (0)1   708 6417   /    708 3737.
 
Ionad na dTeangacha,
Ollscoil na hÉireann Má Nuad

Tá Raidió Rí-Rá ar an aer anois, ó 1-22 Márta ’09!

Pop Radio Station - Radio Rí-Rá

Tá Raidió Rí-Rá ar an aer anois, ó 1-22 Márta ’09!

Tá Raidió Rí-Rá ar an aer anois, ó 1-22 Márta ’09!

Éist léi ar FM nó ar-líne le seónna beo ó 7.30am go dtí 6pm agus seónna réamhthaifeadta tar éis 6pm.

   * BAILE ÁTHA CLIATH 100.3FM
   * CORCAIGH 106.7FM
   * GAILLIMH 99.1FM
   * LUIMNEACH 105.5
   * Nó Beo ar-líne ar fud an domhain ag www.raidiorira.ie

 

An Druma Mór / Nuacht24

Nuacht sheirbhís nua i nGaeilge leis an t-eolas is deireanaí. Bainigí triall as.
+
Irish nua.
http://andrumamornuacht.blogspot.com/  
New on-line news service in Irish, updated every four hours
+
Nuacht24 Irelands latest on-line 12 page news magazine as Gaeilge.
Click on http://andrumamornuacht.blogspot.com/ 

Éigse agus Eacnamaíocht/ Poetry and Politics
Siompóisiam á stiúradh ag an bhfile Nuala Ní Dhomhnaill, Scríbhneoir Cónaithe, i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Symposium directed by the poet Nuala Ní Dhomhnaill, Writer-in-Residence, in St Patrick’s College, Drumcondra


Dé Máirt 3 Márta/ 3 March Tuesday  6.00-8.00pm sa Seomra Caidrimh

Rannpháirteach sa Siompóisiam beidh:  /  Participating in the Symposium:

Na Scríbhneoirí/ The Writers:
Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile, Paula Meehan, Liam Mac Cóil, Biddy Jenkinson, Simon Ó Faoláin, Ríona Nic Congáil, Colm Breathnach, Ciarán Ó Coigligh, Theo Dorgan
Na hAmhránaithe/ The Singers: Máire Ní Choilm Katerina Garcia…agus aíonna eile/ and other guests

Ceisteanna a bheidh faoi chaibidil: Questions explored will include:
• Céard is cúis le géarchéimeanna na huaire (idir fhoréigean, chos ar bolg, chúlú eacnamaíoch agus chreimeadh timpeallachta)? Who or what is responsible for the current crises (violence, oppression, economic recession and environmental problems)?
• Céard is féidir a dhéanamh? What can be done?
• Cad é ról na n-ealaíon sna tionscnaimh tharrthála? What is the role of the arts in future development projects?
Fáilte roimh chách. All are welcome

Tuilleadh eolais: Nuala.nidhomhnaill@spd.dcu.ie 

Coiste:  Cathaoirleach: Antaine Ó Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De Faoite.  Máire Ní Dhonnchú. Nollaig Ó Maonaigh. Alan Ó hEadhra.  Pádraig Ó Standúin.   info@athbui.com 

Back / Siar