Nuachtlitir   Newsletter

Craobh Uí Ghramhnaigh 

Baile Átha Buí

Meitheamh / June 2009

Eoghan Ó Gramhnaigh

Laoch na Gaeilge

Ag Obair leis an bPobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Working with the Community to Promote the Irish Language

San Eagrán seo / In this issue:

Ní tír gan teanga
Fleadh na Mí
Aonach Dhún Doire
An Crann is Sinne in Éirinn
An Bhfuil do Ghairdín ag Fás?
Seanchas Mheithimh
Ranganna do dhaoine fásta
Comhluadar
Ranganna Gaeilge Raidió Fáilte
Ciorcal Comhrá
Ní tír gan teanga  
Fleadh na Mí
Dunderry Fair Day
The Oldest Tree in Ireland
Is your Garden Growing?
Midsummer Folklore  
Irish classes for adults
Comhluadar
Raidió Fáilte Irish Language Lessons
Ciorcal Comhrá

Ní tír gan teanga     قوّة الإنسان فى عقله و لسانه 
The strength of a person is in his intelligence and his tongue

''If you talk to a man in a language he understands, that goes to his head. If you talk to him in his language, that goes to his heart.''   

- Nelson Mandela

 

Cenedl heb iaith, cenedl heb galon. 
A nation without a language is a nation without a heart.
Welsh

 

Tá an Bhreatnais ag scaipeadh i gcónaí.

The Welsh language continues to grow.

 



 

Fleadh na Mí

 Craobh Thleachta
Torthaí Fleadh Cheoil na Mí
Meath Fleadh Results

Caoileann Ní Dhonnchadha agus Seán Ó Laoire í ngreim an trófaí. Ar an 17 Bealtaine bhuaigh Grúpa Cheoil ó Chraobh Thlachta an chéad áit i gComórtas an ghrúpa cheoil, Fleadh na Mí 2009 sa Seanchaisleán. 

Caoileann Ní Dhonnchadha and Seán Ó Laoire holding the Grúpa Cheoil Trophy at the Meath Fleadh in Oldcastle on the 17 May.

 

Aonach Dhún Doire
The Fair at the Fort in the Oak Wood 

Bhí spórt agus spraoi ar feadh an lae i nDún Doire arís i mbliana. Nach orthu a bhí an t-ádh leis an aimsir. Níl aon ainmhí faoin spéir nach raibh ar an tsráid. Bhí an bhó leis na hadharca is mó dá bhfaca tú riamh ann. Bhí matchmakers agus haymakers, gach saghas makers ach troublemakers.  Bhí tarraingt téide ann, lachain gus géanna, seantractors bheaga gus móra.  Bhí cearca gus bainbh ar díol ann agus dhamhsaigh siad seiteanna ar an tsráid ar feadh an tráthnóna.  Lá den scoth

Mark Swaine as an Ráth Mhór lena chuid cearca neamhghnácha

spraoi

Fun

an t-ádh

Luck

ainmhí faoin spéir

Animals under the sun

na hadharca is mó dá bhfaca tú riamh

The biggest horns you ever saw

tarraingt téide

Tug-of-war

lachain gus géanna

Geese and ducks

cearca gus bainbh

Hens and piglets

dhamhsaigh siad seiteanna

They danced sets

Lá den scoth

Marvellous day

 

 

 

Cá bhfuil an Crann is Sinne in Éirinn ? / Where is The Oldest Tree in Ireland ?

Féach ar an gcrann seo. Má fhéachann tú go géar isteach idir na géaga móra in íochtar, feicfidh tú go bhfuil bean ina seasamh ann. Féach cé chomh beag is atá sí le h-ais an chrann darach mór millteach seo. Ach cá bhfuil sé?

Tá sé in eastáit Charleville, in aice leis an Tulach Mhór i gCo. Uíbh Fháilí, céad slat taobh istigh de na geataí móire, ar bhóthar Bhiora.  Má bhíonn tú ag dul thairis, is fiú go mór dul isteach chun féachaint air. Ceaptar go bhfuil an chrann seo idir 700 agus 800 bliain d'aois.

Look closely at this tree, between the branches at the bottom of the picture. Can you see the woman standing with her back to you. Look how small she is compared to this huge oak tree. But, where is this tree?

It is in the Charleville Estate, just outside Tullamore on the Birr Road. If you ar passing by the gates, it is well worth a look. It is about 100 yards in from the gate. It is believed that this tree is between 700 and 800 years old.

An bhfuil do ghairdín ag fás? /  Is your garden growing?

An bhfuil do ghairdín ag fás?
Tá neart am fós ann chun rudaí a chur. Is féidir pónairí a chur anois.  Fásann siad seo go hard agus ní bhíonn mórán fadhb salachar leo.
Ba cheart go leor a chur mar tá sé an-easca iad a reoigh don gheimhridh.
Tá gach saghas plandaí ar fáil sna siopaí faoi láthair agus tá sé sách té anois chun gach rud a chur taobh amuigh. Cuir síolta Scalliún  agus Radish anois. Is féidir síol leitís a chur ach tá plandaí ar díol sna siopaí freisin. Cuir Beetroot agus Cairéidí bheaga chomh maith.

Tá go leor trátaí, cúirséid, agus cucumbers ar fáil sna siopaí faoi láthair agus is féidir iad a chuir taobh amuigh anois. Cuir mulch féir bainte ar an dtalamh. Beidh maidí tuairim is ceithre troigh ar airde ag teastáil ón cucumber agus ó na trátaí.  

Cuir don gheimhridh anois.
Cuimhnigh gur féidir rudaí a chur anois a fhanfaidh amuigh ar an talamh ar feadh an gheimhridh. Tá siad ar díol sna siopaí faoi láthair.  Is féidir síolta Swiss Chard agus Svaeideanna a chur anois.  Fanfaidh siad sa talamh ar feadh an gheimhridh ach beagán chosaint a thabhairt don Swiss Chard.

Ceannaígí plandaí anois: Tá plandaí Cabáiste Gheimhridh, Brocailí, Bachlóga Bruiséile, Cáil agus Cainneanna ar fáil sna siopaí garraíodóireachta faoi láthair.

Clúdach Talún – Oibríonn sé go han-mhaith.
Thosaigh muid ag cuir slug pellets timpeall na plandaí óga, ansin chuir muid féir bainte os a chionn sin arís, ach gan é a bheith buailte ar ghasanna na bplandaí. Chlúdaigh muid an rud go léir le eangach.  D’éirigh thar cionn leis an triall seo. Níl mórán fadhbanna againn le salachar agus níl aon rud ite ag péist ná ag an gcolúr.
 
Fátaí sa mbarréille! 
Ceithre fhata atá curtha gar do bhun an bharréille briste seo sa bpictúir thuas.  De réir mar atá na gasanna ag fás, tá muid á líonadh suas le créafóg agus compost.  De réir na leabhair, beidh an barréille go léir lán le fátaí. An mbeidh? B’fhéidir go mbeidh fhios againn an chéad mhí eile. 

Is your garden growing?
 There is still plenty of time to plant some vegetables. Broad agus Runner Beans grow tall and as a result there is very little problem with weeds. You should plant plenty of each because they are very easy to freeze for the winter.
There are lost of plants on sale in the shops at the moment and its warm enough now to plant everything outside.  Plant Scallions and Radishes now. Lettuce seed can be sown now but plants are also available in the shops. Beetroot and short Carrots can also be planted. 
There are lost of tomatoes plants, courgettes and cucumbers on sale in the shops at present. They can all be planted outside now. Put a mulch of grass cuttings over the ground after planting. The tomatoes and cucumber will need support at least 4' above the ground. 

Plant now for the winter:  
Remember that you can plant winter veg at this time of the year and they are on sale at present: Plant Swedes and Swiss Chard seeds now. These will stand the winter with just a little protection for the Swiss Chard. 

Buy plants now:  
Winter Cabbage, Winter and Spring Broccoli, Sprouts, Kale and Leeks are all available now in gardening shops.

 Mulching works very well.
We put slug pellets around the plants and covered the ground with grass cuttings to keep down weeds. We kept the grass a little back from the stalk of the plants. We then covered all with a green net and this has worked very well. We have very little problem with weeds and neither slugs nor pigeons have destroyed the plants. 

 A barrel of spuds! 
Only four potato seeds were planted near the bottom of this broken barrel.  As the stalks grow, we kept adding more soil and compost.  According to the gardening magazines, we will have a barrel full of spuds next month?  Well let you know how we get on.

Seanchas Mheithimh - Oíche Fhéile Tine Sheáin  /  June Folklore - St. Johns Night

Tá na t-eolas sa sliocht seo a leanas tógtha as leabhar de chuid Kevin Danaher darbh ainm ‘The Year in Ireland.’ Scríbhneoir ar an seanchas den scoth ab ea Kevin Danaher.  Is dócha gurbh é an leabhair is cáiliúla dá chuid ná ‘Gentle Places and Simple Things,’ Is fiú go mór é a léamh.

The information in this article is taken from ‘The Year in Ireland,’ by the great writer and folklorist Kevin Danaher. His most famous book is ‘Gentle Places and Simple Things.’ Its well worth a read.  

Sa lá atá inniu ann, lastar na tinte cnámha ar an 23 Meitheamh nuair atá an ghrian ag dul faoi ach bhí áiteanna in Éirinn ann fadó inár lásadh na tinte ar Mhaidin Fhéile Eoin.  Thug daoine An Síol Thine nó Tine Eoin ón tine mhór timpeall go dtí gach teach chun an tine a lasadh. D’fhanfadh na daoine ag tabhairt aire don tine go dtí théis meán oíche. Giolla an Tine a tugadh ar an té a bhíodh i gceannas ar an tine. 

Dúirt siad paidreacha ar mhaithe le grásta Dé agus barranna maithe a bheith acu an bhliain sin.  Bhí nós ann tinte ciorclacha a lasadh ag toibreacha beannaithe. Dúirt siad paidreacha do na mairbh agus ina dhiaidh sin a thosaigh an cheol, damhsa agus cluichí. 

 ‘’In onóir do Dhia agus do Naomh Eoin
Agus chun toraidh agus chun tairbhe ar ár gcuid saothar
In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spiorad Naomh.’

 Bhí nós ann fadó freisin an luatha a scaipeadh ar na páirceanna.  Chaití an tsalachair is measa a bhí ag fás ar a  gcuid talaimh nó sa ghairdín ar an tine.  Cheap siad nach  mbeadh fadhb an tsalachair chomh dona an bhliain sin dá ndéanfaí cuid acu a dhódh. 

 In áiteanna i Luimneach bhí nós ag na daoine snámh trasna na habhann ar Lá Fhéile Eoin – cheap siad go mbeidís sábháilte ón mbá go brách dá bharr  – ná bainigí triall as an gceann seo le bhúr dtoil.

  Má bhí sé de mhíádh ort go raibh do theach tógtha ar ‘chosán sídhe,’ lasadh tinte bheaga ar a gcosán an oíche sin.  Dhóidís rudaí áirithe sa tine chun an mhí-ádh agus piseoga a cheansú. Dhóití sean-scapular, nó sean-paidríní. Chaitheadh an duine is sinne nó an duine is óige uisce coisricthe ar an ábhar tine i dtosach sular lasadh é.

 I mbailte áirithe bhíodh tine mhór amháin ann don phobal nó don pharóiste uilig. Bhíodh ceiliúradh mhór ceol agus damhsa acu.  Théidís ó theach go teach ag lorg ábhar don tine. Bhíodh na fir óga ag tarraingt maidí lasta amach as an tine agus a gcaitheamh san aer chomh hard is a bhí siad in ann.

 In áiteanna eile bhíodh tine bheag ag gach teaghlach nó ar gach fheirim.   Is ar mhaithe leis an fheirim a chosaint a las siad siad na tinnte seo. 

  Bhíodh na daoine óga ag léim thar tine aitinn ar mhaithe le: 

  • aistir fada a dhéanamh go sábháilte

  • glanadh roimh phósadh

  • roimh rud contúirteach a dhéanamh

  • chun fir chéile maithe a fháil

  • i ndeisceart cúige Laighean, léimeadh cailín agus buachaill thairis agus iad i ngreim lámh lena chéile

  • Léimidís thar na tine ar mhaithe le sláinte, fad saoil, bheith sábháilte ó thimpistí, ó thinnis agus ó ghalair thógálacha

 Cheap na daoine freisin gur shábháil an tine iad ón ‘ndroch shúl.’  Fainic thú fhéin ar an ndroch shúl

 Céard a bheas ar siúl go h-áitiúil i mbliana? 

   Beidh ceiliúradh Oíche Fhéile Tine Sheáin ar siúl ar an 21 Meitheamh i Ráth Chairn. Beidh tine, ceol, amhránaíocht agus damhsa taobh amuigh den Áras Pobal.

 Bíonn an lá patrúin go dtí Tobar Eoin i Warrenstown i gCo. na Mí ar an Domhnach is gaire d’Fhéile Naomh Eoin atá ar an 23 Meitheamh. Ciallaíonn sin gur ar an 27 Meitheamh a bheidh an patrúin i mbliana.   Féach nuachtlitir na bliana seo chaite:

http://www.athbui.com/Nuachtlitir%20Meitheamh%202008.htm

 

In modern times the bonfires are lit at sundown on the 23 June but there were places in Ireland long ago where the fires were lit on the morning of St. Johns Day.  ‘Johns Fire’ was taken from the bonfire to ever house to lite the 'hearth fires.'  The people would stay at the bonfire until after midnight.  The man in charge of the fire was called ‘Giolla an Tine’ or the servant of the fire.

They said prayers for the grace of God and a good harvest that season.  There was a tradition of lighting fires in a circle around holy wells.  Prayers were said for the dead, after which the celebrations, music’ dancing and games began. 

In honour of God and St. John,  and for a good result for our labour, in the name of The Father, Son, and holy Ghost.

There was a tradition of spreading the ash from the fire on the fields and they would also throw some of their most troublesome garden and farm weeds onto the fire.  They believed that if some of these weeds were burned in Johns Fire, they would not be as troublesome in the coming year.

In parts of Limerick there was a tradition of swimming across the river on St. Johns Day – they believed that it would protect them from drowning for ever- please don’t try it.

If you were unlucky enough that your house was built on a ‘fairy path,' small fires were lit on the path on John's Night.  They would burn items such as an old scapular or old rosary beads against bad luck and ‘piseoga.’ The youngest or the oldest in the family would sprinkle holy water on the sticks before they were lit.

In some districts there was one big bonfire for the community with music and dancing.  They would go from house to house gathering material for the fire.  Young men would pull lighting sticks from the fire and throw them as high in the air as the could. 

In other areas a smaller fire was lit by each family on each farm.  These smaller fires were to protect the farm

 The young people would jump over fires of furze:

  • for a safe journey
  • before marriage
  • before undertaking something dangerous
  • to find a good husband
  • in South Leinster,  boys and girls would hold hands and jump over the fire. 
  • they jumped the fire for good health, long life, to be safe from accidents and sickness.

People also believed the fire would protect them from ‘an drochshúl,’ or ‘evil eye.’  Be careful of the ‘drochshúl.’

What will be happening locally this year? 

 The festival and BBQ will be held this year on Sunday 21 June at the Áras Pobal in Ráth Chairn. There will be music, singing and dancing around the fire. 

The St. Johns Well Pattern Day in Warrenstown in Co. Meath is held on the Sunday nearest to the 23 June, St. Johns Day.  This means that the pattern will take place this year on the 27 June.

Féach nuachtlitir na bliana seo chaite:

http://www.athbui.com/Nuachtlitir%20Meitheamh%202008.htm

 

 

Ranganna Gaeilge  /  Irish Conversation Classes

Ranganna Gaeilge an Fhómhair in Áth Buí
Cúrsa Chomhrá Gaeilge do Dhaoine Fásta. Meán Fómhair 2009
Siollabas bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge www.teg.ie  Féach  - http://www.athbui.com/1_ranganna_gaeilge1.htm 
Irish Conversation Classes in Athboy, Autumn 2009
Conversational Courses in Irish for Adults 10 Consecutive Tuesday Nights September 2009
Syllabus - European Certificate in Irish www.teg.ie 
See - http://www.athbui.com/1_ranganna_gaeilge1.htm 
 

Dea-Scéal an dátheangachas á chraoladh ag Comhluadar!


Tugtar cuireadh duit breathnú ar léargas ar obair Chomhluadar agus buntáistí an dátheangachas sa chéad chlár den sraith ‘Cén Teanga?’.
Cliceál ar an nasc le féachaint ar Chlár 1 de ‘Cén Teanga?’
http://www.vimeo.com/4723818     
Tá Comhluadar i mbun taifead a dhéanamh ar sraith de cheithre clár le DCTV.
Díreoidh na cláracha ar sheirbhísí na heagraíochta, buntáistí an dátheangachas in Éirinn agus eispéireas teaghlaigh le Gaeilge.
Sa chéad chlár labhrann Nicole Ní Cheallaigh le Stiúrthóir Chomhluadar, Feargal Ó Cuilinn, tá léirmheas ag Sadhbh Devlin ar an dtreoirleabhar ‘Ag Tógail Clainne le Gaeilge’ agus labhrann Clann Uí Nuallain faoi thábhacht an Ghaeilge agus an rogha teanga atá déanta acu súid.
Is le cúnamh ón BCI a cuireadh an sraith le chéile mar chuid de ‘Community in the Studio’. Tá DCTV ar fáil ar  Chorus/NTL 802.

 

Raidió Fáilte is broadcasting a new series of Irish language classes

Raidió Fáilte is broadcasting a new series of Irish language classes that are an updated version of the iconic Buntús Cainte course.

The classes are aimed at teaching all levels, from the absolute beginners to those who speak some Irish and want to either develop their knowledge of the language, or just brush up on their conversational skills.
The new course starts today (Monday, 18 May) 2pm-3pm, and there will be a new lesson broadcast every Monday and repeated on Wednesday’s at 9pm, and at other times throughout the week, as detailed on the Raidió Fáilte website. You can tune in to Raidió Fáilte 107.1fm or listen online at www.raidiofailte.com  
 

Ciorcal Comhrá Ráth Chairn agus Átha Buí
Beidh Ciorcal Comhrá ar siúl san Áras Pobal i Ráth Chairn ar an 11 Meitheamh ag a 9.00in.  Fáilte roimh gach duine

 

Coiste:  Cathaoirleach: Antaine Ó Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De Faoite.  Máire Ní Dhonnchú. Nollaig Ó Maonaigh. Alan Ó hEadhra.  Pádraig Ó Standúin.   info@athbui.com 

Back / Siar