Back / Siar

 

 

Nuachtlitir   Newsletter

Craobh Uí Ghramhnaigh 

Baile Átha Buí

Meitheamh / June 2008

 San Eagrán seo / In this issue:

Aililiú na Gamhna - Amhráin Tradisiúnta
Teacht le Chéile Banna Cheoil Uí Ghramhnaigh
Fleadh na Mí 2008
Oíche Fhéile Eoin
Tobar Naomh Eoin i Warrenstown
Ranganna Gaeilge an Fhómhair

Irish songs on the Internet
O'Growney Céilí Band Reunion
Meath Fleadh 2008
St. John’s Night
St. Johns Well, Warrenstown
Autumn Irish Classes

 

Amhráin i nGaeilge ar an idirlíon / Songs in Irish on the internet   Féachaigí ar an suíomh álainn seo:      – Look at this beautiful website:

Aililiú the calves

The pretty calves

Aililiú the calves

I loved them the best

Aililiú the calves

The fine pretty calves

Dancing in the meadow

On a clear summer's morning

(tradisiúnta)  

 

Banna Cheoil Uí Ghramhnaigh / Ó Growney Céilí Band

Teacht le Chéile / Reunion

Bhí slua mór i láthair in Óstán an Darnley le haghaidh oíche mhór cheoil agus ceiluiúradh don 'teacht le chéile 50 bliain' a bhí ag Banna Cheoil Uí Ghramhnaigh.  A large crowd attended the Ó Growney Céilí Band 50th reunion which was held in the Old Darnley Lodge Hotel in Athboy on the 15 May. 
Des White Mick Connell Jim Harte

 

Ceoltóir chairdín darbh ainm Michael Connell as Bhaile Mháirtín a chur tús leis an mbanna le cúigear ceoltóirí eile as Baile Átha Buí, Deasún De Faoite ar an gcairdín chomh maith, Séamas Ó hAirt agus Alfie McConnell ar veidhlíní,  Des Doherty ar an bpianó agus PJ Connell, nach maireann, ar na drumaí.

Chuir siad isteach ar chomórtas Bhanna Céilí an Tóstal i nDroim an tSean Bhó i gContae Liatroma, cúig mhí i ndiaidh dóibh teacht le chéile i dtosach, agus bhí siad thuas in aghaidh 14 banna ó gach cearn den tír. Ar ndóigh, d’éirigh go hiontach leo sa gcomórtas agus thug siad leo Corn an Tóstail abhaile go hÁth Buí, corn a raibh an-tóir air ag an am. Bá mhór an ceiliúradh a bhí ann ar an lá agus ar feadh roinnt mhaith seachtainí ina dhiaidh sin.

Ba é an duais seo níos mó na aon rud eile a chruthaigh clú agus cáil don bhanna chéilí nua seo, banna a bhí cheanna féin i mbéal an phobal ag Céilithe timpeall na tire.

Dár le na léirmheasanna sa Meath Chronicle agus sa Drogheda Independent a foilsíodh  an tseachtain dar gcionn, go raibh clú agus cáil ar an seisear ceoltóir óg seo, a thug an t-onóir leo ar ais chuig a mbaile dhúchais, Baile Átha Bui. Mar atá scríofa sa Meath Chronicle,-  IS LÉIR GO BHFUIL BUA AS AN GHNÁCH AG NA FIR ÓGA SEO AGUS BEIDH SIAD PÁIRTEACH I SAOL AN PHOBAL AGUS NA TÍRE UILE SNA BLIANTA ÁTÁ ROMHAIN.

Formed in 1958 by Michael Connell (Martinstown) on accordion with 5 other musicians from Athboy, namely Des White on second accordion, Jim Harte and Alfie McConnell on fiddles, Des Doherty on piano and the late PJ Connell on drums. 

Five months after its formation the band entered An Tóstal Céilí Band competition in Drumshambo, Co. Leitrim and competing against 14 other Céilí Bands from the four corners of Ireland.  Needles to say the lads won the competition hands down to bring the coveted Tóstal Shield to their native Athboy.  They created great excitement on the day and for several weeks thereafter.

The annexation of the trophy helped to establish a young band that were already well on the way to being a household name at Céilithe in many parts of the country.

The reviews in the Meath Chronicle and the Drogheda Independent the following week bare testimony to the popularity of the six young musicians that brought great honour to their hometown of Athboy.  A quote from the Meath Chronicle read, ‘THE BOYS MUST POSSESS A RARE TALENT AND SHOULD FEATURE PROMINENTLY IN THE LOCAL AND NATIONAL SPHERE IN YEARS TO COME.’

Maicó Ó Mealóid, Micheál Potterton, Alan Byrne, Tom King, agus Lúc Ó Mathúna agus a bhean ag éisteacht go géar leis an gceol.

Emer Harte, iníon le Jim atá ina cheoltóir cumasach í fhéin.

 

Fleadh na Mí 2008 

 

Bhí Fleadh Cheoil na Mí ar siúl i mBaile Átha Troim ar an 17 Bealtaine.  D'éirigh go h-iontach leis an bhFleadh i mbliana agus comhghairdeas mór do gach duine a ghlac páirt ann.  Sna pictúirí thuas tá ceoltóirí óga de chuid Chraobh Dhún Doire.  Tá na torthaí ar fad le féiceáil ar shuíomh Chomhaltas Ceoltóirí Éireann Dhún Doire, lean an nasc seo thíos.    
The Meath County Fleadh was held in Trim on the 17 May. It was a very successful Fleadh this year and congratulations to all who took part. The result sheet for the Fleadh can be seen on the the Comhaltas Ceoltóirí Éireann  Dún Doire site, follow this link -

Results / Torthaí Fleadh na Mí 2008

Oíche Fhéile Eoin 23ú Meitheamh  

St. John’s Night   23 June    

Tá Oíche Fhéile Eoin ar cheann de na féilte is ársa in Éirinn; téann sí chomh fada siar sin nach fios cathain go díreach a ceiliúradh don chéad uair í.  Lastar tinte cnámh fós i roinnt áiteanna in Éirinn chun an fhéile a cheiliúradh.  Ceiliúrtar Oíche Fhéile Eoin ar an 23 Meitheamh, seachas ag grianstad an tsamhraidh a thiteann ar an 21 Meitheamh.  Is féile réamh-Chríostaí í ach, mar a tharla le féilte págánacha eile, tá sí tar éis athrú le himeacht ama agus tá tionchar na Críostaíochta le feiceáil inti sa lá atá inniu ann.  Mar shampla, is nós é, le linn na féasta, uisce beannaithe a chroitheadh agus paidreacha a rá chun Naomh Eoin chun go mbeadh rath ar an obair agus ar na barra.  Sliocht ón leabhar scoile, An Stair Mór Thimpeall Orm

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

The festival and BBQ will be held this year on Saturday 21 June at the Áras Pobal in Ráth Chairn. There will be music, singing and dancing around the fire and a BBQ.  Beidh ceiliúradh Oíche Fhéile Tine Sheáin ar siúl ar an 21 Meitheamh i Ráth Chairn. Beidh tine, ceol, amhránaíocht agus damhsa taobh amuigh den Áras Pobal. Beidh greim le n-ithe ann chomh maith.

St. John’s Night is one of Irelands oldest festivals. It is so old that its origins have been lost in the mists of time and nobody knows when it was first celebrated. Fires are still lit in parts of Ireland to celebrate this festival. St. John’s Night is celebrated on the 23rd of June instead of the 21st of June, the summer solstice.  It is a pre-Christian festival but as happened with many other pagan festivals, it has changed with the passing of time and the influence of Christianity are to be seen in the modern festival. For example, it is tradition to shake holy water and say prayers to St. John for a good harvest. 

 

Tobar Eoin Warrenstown  / St. Johns Well, Warrenstown 

 Bíonn an lá patrúin go dtí Tobar Eoin i Warrenstown i gCo. na Mí ar an Domhnach is gaire d’Fhéile Naomh Eoin atá ar an 23 Meitheamh. Ciallaíonn sin gur ar an 29 Meitheamh a bheidh an patrúin i mbliana. Tá an tobar suite i gcoill bheag ar thailte an Choláiste Gairneoireachta agus tá leigheas an ailse luaite leis an tobar seo le fada an lá. Tá radharc bhreá trasna uaidh ar Chaisleán Chillian. Bhí cáil mhór ar an Athair Francis McDonagh a bhí ann sa chéad leath den chéad seo chaite agus bhí ardmheas ag an lucht siúil air ag an am.  Cuir an lucht siúil dealbh suas ina chuimhne in aice leis an tobar beannaithe agus tagann siad ann ó chéin ‘is ó chóngar ó shin.
The St. Johns well pattern day in Warrenstown in Co. Meath is held on  the Sunday nearest to the 23 June, St. Johns Day.  This means that the pattern will take place this year on the 29 June. The well is situated in a small wood on the lands of Warrenstown Horticultural College and a cure for cancer has been attributed to its waters for a long time. There is a lovely view across from the well to Kileen castle.  A Warrenstown priest named Fr. Francis McDonagh became very well known in the first half of the last century. He became chaplain to the travelling people at that time. The travellers erected a statue in his memory and since that time they come to the well from all over Ireland.
Sa bpictiúr seo tá Seán Fay as Chill Bhríde ag líonadh buidéal leis an uisce beannaithe.  Tá nós ag daoine chomh maith boinn beannaithe agus airgead a bhualadh isteach sa sceach gheal atá ag fás in aice leis an tobar.  In the picture is Seán Fay from Kilbride filling a bottle with the holy water from the well.  There is also a tradition of hammering holy medals and coins into a whitethorn which grows beside the well. 

 

 Ranganna Gaeilge an Fhómhair in Áth Buí

Cúrsa Chomhrá Gaeilge do Dhaoine Fásta. Meán Fómhair 2008

Siollabas bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge www.teg.ie

Irish Conversation Classes in Athboy, Autumn 2008

Conversational Courses in Irish for Adults  10 Consecutive Tuesday Nights  September 2008

Syllabus - European Certificate in Irish www.teg.ie

Féach / see - http://www.athbui.com/1_ranganna_gaeilge1.htm

 

Áth Buí le Gaeilge:  Cathaoirleach: Antaine Ó Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De Faoite. Coiste: Máire Ní Dhonnchú, Nollaig Ó Maonaigh.