Ag Obair leis an bPobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Meitheamh / June 2010
San Eagrán seo /
In this issue:

Fleadh na Mí

Aonach Dhún Doire

Na Beacha ar an gCraobh



Meath Fleadh

A Fair Day at the Fort of the Oak Wood

A Swarm of Bees in May
is Worth a Load of Hay

Fleadh na Mí 2010

County Meath Fleadh Cheoil 2010

Bhí slua mór i láthair ag Fleadh Cheoil na Mí i gCill Dheagláin i mbliana agus d’éirigh thar cionn le Craobh Thlachtga. Comhghairdeas do gach duine a bheas ag dul ar aghaidh go dtí Fleadh Laighean i nDún Léire i gCo. Lú i Mí Iúil. Tá na duaiseanna a bhain Craobh Tlachtga amach le feiceáil ach brú ar an nasc seo thíos.

A great crowd attended the Meath Fleadh in Ashburn this year. The Tlachtga branch did extremely well and congratulations to all who will be going on to compete in the Leinster Fleadh in Dunleer in July. Craobh Tlachtga successes can be viewed from this link.

Fleadh na Mí


Aonach Dhún Doire

Dunderry Fair

Nach raibh tú riamh ag an Aonach i nDún Doire?
Ná chaill é an bhliain seo chugainn mar sin. Bíonn chuile shórt ann – beithígh, caiple, lachain agus geabha, damhsa céilí, ceol ar an tsráid, gabh ag cuir cruife ar chapall – níl an leathanach sách fada chun cur síos a dhéanamh ar gach a mbíonn ann.
Mura raibh tú ann, tá beagán de le feiceáil anois ar Youtube athbui.com.

Were you never at the Dunderry Fair?
If not, don’t miss it next year. You will see everything and anything there. Cows, horses, ducks and geese, céilí dancing, music on the streets, a blacksmith shoeing a horse – This page isn’t long enough to write down all that there is to see and do.
If you missed it, you can view a little bit of the fair here on youtube athbui.com.

Imithe le Saithe

A Swarm of Bees in May is Worth a Load of Hay

Bhí David Attenborough ag bun Cnoc Thleachta an lá cheana.
David Attenborough was at the bottom of Tlachta the other day.
Bhí sé sa tóir ar saithe beacha. Beacha! Nach dtugann siad sin ga duit?
He was following a swarm of bees. Bees! Don’t they sting?
Bhuel, ní raibh aon fhaitíos ar David rompu.
Well, David wasn’t afraid of them.
An raibh fhios agat go bhfuil Gaeilge ag David Attenborough?
Did you know that David Attenborough can speak Irish?

''Sin an chéad sáith mbeachain na bliana seo
Tá siad breá, réasúnta mór.
Níl siad uilig cruinnithe anois ar an ngéag ansin go fóill, tá go leor acu fós san aer.
Níl aon veil orm anois ach ar éigean a theastaíonn sé, mar bíonn siad an-socair, saithe mbeachain mar sin.
Tá siad breá socair, tá siad breá íseal ar an ngéag, so beidh sé éasca iad a fháil.''

This is the first swarm of bees this year. They are a fine, reasonably big swarm.
They are not all gathered on the branch yet, many are still in the air.
I'm not wearing a veil, but its hardly needed, swarms are gentle enough.
They are quiet, low on the branch so it will be easy to get them.''

David:
''Anois Simon céard tá tú dhul a dhéanamh anseo?
Tá mé ag dhul braon uisce a chur orthu i dtosach.
Agus cén fáth go ndéanfá é sin?
Chun iad a choinneáil le chéile.
An bhfliuchann sé sin na sciatháin ab ea?
Yeah, Beagán. Déanfaidh sé cineál meall díobh agus fanfaidh siad le chéile.
B’fhéidir go gcuireann sé drogall orthu ansin eitilt, ab ea?
Sin atá mé ag iarraidh …. Sin a tharlaófas. Yeah.
Agus nuair a bheas sé sin déanta agat ansin, céard atá i gceist agat a dhéanamh?
Tá mé ag dhul iad a chur isteach sa mbosca seo.
Seo é an rud a dtugann siad an ‘swarm box’ air.

Right.
Tá an ceann seo déanta go h-álainn. Cormac McKenna as Robinstown a rinne é sin.


Cén chaoi bhfuil fhios agat go bhfaighfaidh tú uilig iad?
Ní bhfaighfidh mé uilig iad, ach, mura bhfliuchfainn i dtosach iad ní bhfaighinn leath an oiread. Now, tá rud amháin eile uaim anseo ar fhaitíos go gcaithfidh mé an ghéag seo a ghearradh.
An gcuirfidh tú isteach go tobann iad, nó….?
Go han-tobann. Aon craitheadh amháin más féidir.
An bhfuil siad istigh agat?
Tá. Now, caithfidh mé breathnú anseo ar an ngéag go bhfeicfidh mé an bhfuil mórán fanta.
An bhfuair tú uilig iad?
Bhuel, fuair mé …… tá cúpla doiseana san aer, ach an contúirt atá ná go bhfeadfadh an bhanríon a bheith ar cheann acu.
An bhfuair tú í meas tú?
Ah tá chuile sheans go bhfuil sí faighte, ach, mura bhfuil sí faighte, is gearr go mbeidh fhios againn é.
Tá fhios agam. Bhuel ní fhanfaidh siad mar sin ab ea?
No. Níl siad in ann a thíocht amach as an mbosca seo anois, tá mé a dhul é a chur isteach in áit dorcha fuar go fóill, all right.
''


Anois an bhfuil tú ag iarraidh breathnú isteach ansin?

Caitheann an beachaire an sáith amach ar bhraillín bán ag doras na coirceoige nua agus siúlann na mbeachainn isteach sa gcoirceog iad féin – radharc draíochtúil é seo, nár athraigh leis na cianta, chomh fada siar is atá siar ag dul.

Now, would you like to look into the swarm box?

The beekeeper shakes out the swarm unto a white sheet at the entrance of an empty beehive. The bees will walk up into the new hive themselves – a magical sight that hasn’t’ changed for millennia.

David:
''Anois ní fhaca mise é seo ariamh cheanna, ach séard tá tarlaithe ná gur thógamar an bosca lán le beacha, na beacha a bhí tar éis an choirceog a thréigeann ar maidin, agus chuir muid braillín bán ag doras na coirceoige nua agus chuireamar síos go talamh é. D’iompaíomar an bosca a bhí lán le beacha ar an bhféar agus tá siad fhéin ag siúl amach agus ag siúl isteach sa gcoirceog nua as a stuaim fhéin.''


I never saw the likes of this before, what is happening is that we took the swarm box full of bees that had left the hive that morning, and we put a white pillowcase at the entrance of the new hive, placing it from the entrance down to the ground.
We turned over the box full of bees and shook them unto the grass (pillowcase) and now they are walking up into the new hive by themselves.

Tá na beacha go léir ag leanacht an bhanríon isteach.

Séard a chonaic sibh anseo ná an bealach atá ag na beacha chun cuasnóg nua a dhéanam chuile bhliain, díreach mar a bhíonn lao ag bó. Imíonn an tseanbhanríon amach as an gcoiriceog le saithe nuair atá banríon óg nua tógtha sa gcoiriceog chun a h-áit a thógáil. Lorgaíonn an saith áit nua chun cur futhu, poll i gcrann nó i ndíon tí. Sin mar atá life-cycle na beacha.

An mhí seo chugainn beidh físeán den bhanríon againn daoibh.

All the bees are following the queen into the new hive.

What you saw today is the the way that a colony of bees reproduces itself every summer, same as a cow has a calf, a colony of bees has a swarm. The old queen leaves the hive with half of the bees when a new queen is about to be born in the hive. The new queen will mate and head the colony. The swarm and the old queen will search for a new home, in a hole in a tree, or in a roof and set up a new colony of honeybees. This is the life-cycle of the honeybee.

Next month we will show you video footage of the queen bee.

Do bharúil / Comments info@athbui.com

Coiste:  Cathaoirleach: Antaine Ó Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De Faoite.  Máire Ní Dhonnchú. Nollaig Ó Maonaigh. Alan Ó hEadhra.  Pádraig Ó Standúin.   info@athbui.com