|
Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh
forógra amach ó Chéasar Agustus an domhan uile
a chlárú. B’é seo an chéad chlárú a rinneadh
nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an
tSuír. Agus chuaigh cách chun
a gcláraithe, gach aon duine go dtí a
chathair féin. Agus chuaigh Iósaef freisin
suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go
hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar
Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de
threabhchas Dháiví é féin, chun a chláraithe
mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag
iompar clainne. Agus tharla, le linn dóibh
bheith ann, gur tháinig a hionú, agus rug sí
a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail
é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach
raibh slí dóibh san ósta. Lucas 2:1 |
|
|
Now at this time Caesar
Augustus issued a decree for a census of the
whole world to be taken. This census - the
first - took place while Quirinius was
governor of Syria, and everyone went to his
own town to be registered. So Joseph set
out from the town of Nazareth in Galilee and
travelled up to Judea, to the town of David
called Bethlehem, since he was of David's
house and line, in order to be registered
together with Mary, his bethrothed, who was
with child. While they were there,
the time came for her to have her child, and
she gave birth to her firstborn son. She
wrapped him in swaddling clothes and laid
him in a manger, because there was no room
for them in the inn. Luke 2:1-8 |
|
Abairtí le
haghaidh do Chartaí Nollag
Irish
sentences for your Christmas cards
Nollaig faoi shéan ‘is faoi mhaise duit.
Nollaig shona duit (daoibh)
Happy Christmas to you (ye)
Le gach Deá-Ghuí i
gcomhair na Nollag is na hath bhliana
With every good wish for Christmas and the
new year
Síocháin na Nollag inár
measc
May the peace of Christmas be among us
Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise
Happy Christmas and a prosperous new year
Guímid Nollaig Shona
agus Athbhliain faoi mhaise dár gcustaiméirí
go léir.
We pray that you will have a happy Christmas
and a prosperous new year to all our
customers.
|
|
Iomainn
agus Dánta Nollag |
Le
coinnle na nAingeal
Le
coinnle na nAingeal tá an spéir amuigh breactha,
Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ó’n gcnoc.
Adaigh an tine ‘gus téir chun na leapan.
Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.
Fágaidh an doras ar leathadh ‘na coinne,
An Mhaighdean a thiocfaidh ‘s a Naí ar a hucht.
Deonaigh do shuaimhneas a ghlacadh a Mhuire,
Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.
Bhí soilse ar lasadh sa tigh sin na haíochta
Cóiriú gan caoile, bia agus deoch,
Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda
Ach luífidh Mac Dé ins an dtigh seo anocht. |
Dá
mbeadh mileoidean agamsa
Dá mbeadh mileoidean agamsa
Ní bheadh Críost gan cheol anocht
Is é ag teacht ó áras bán a fhlaitheasa
Chuig an mainséar bocht
Do sheinnfinn ceol do chuirfeadh gliondar ar
a chroí
Ceol nár chualathas riamh
Ag píobaire sí
Ceol ‘chuirfeadh na réaltaí ag rince i
spéartha na hoích’
Eoghan Ó Tuairisc
|
Oíche Chiúin
Oíche chiúin, oíche Mhic Dé.
Cách ‘na suan, dís araon,
Dís is dílse, ‘faire le spéis,
naíon beag gnaoi gheal ceananntais caomh,
Críost ‘na chodladh go séimh,
Críost ‘na chodladh go séimh.
Oíche Chiúin, Oíche Mhic Dé,
Aoirí ar dtús chuala ‘n scéal;
Alleluia aingeal ag glaoch,
Cantain suairc i ngar is i gcéin,
Críost ár Slánaitheoir féin,
Críost ár Slánaitheoir féin. |
Don
Oíche Úd i mBeithil
Don oíche úd i
mBeithil, beidh tagairt faoi ghrian go brách,
Don oíche úd i mBeithil go dtáinig an
Briathar slán;
Tá gríosgrua ar spéartha ‘s an talamh ‘na
chlúdach bán;
Féach Iósagán sa chléibhán, ‘s an Mhaighdean
a dhiúl le grá.
Ar leacain lom an tsléibhe go nglacann na h-aoirí
scáth,
Nuair in oscailt gheal na spéire tá
teachtaire Dé ar fáil;
Céad glóire ‘nois don Athair i
bhFlaitheasibh thuas go h-ard!
Is feasta fós ar talamh d’fheara deá-mhéin ‘síocháin!
|
|
|
Coiste Átha Buí le Gaeilge:
Cathaoirleach: Antaine Ó
Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De
Faoite. Coiste: Máire Ní Dhonnchú, Nollaig Ó Maonaigh.
Teagmháil / Contact:
info@athbui.com
|
|