Ag Obair leis an bPobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Mí na Nollag 2011
Nollaig Mhór Mhaith dár léitheoirí go léir.

Christmas 2011
A happy and a peaceful Christmas to all our readers.

Carúl Loch Garman
Ó, tagaigí is adhraigí
An leanbh cneasta sa chró 'na luí
Is cuimhnígí ar ghrá an Rí
A thug dár saoradh anocht an Naí.

'S a Mhuire Mháthair i bParthas Dé,
Ar chlann bhocht Éabha guigh 'nois go caomh,
Is doras an chró ná dún go deo
Go n-adhraim' feasta Mac Mhuire Ógh.

I mBeithil thoir i lár na hoích’
Ba chlos an dea-scéal d'aoirí,
Go follas don tsaol ón spéir go binn
Bhí aingil a’ canadh ó rinn go rinn.

"Gluaisigí' go beo," dúirt Aingeal Dé,
‘Go Beithil sall is gheobhaidh sibh É
‘na luí go séimh i mainséar tuí,
Siúd é an Prionsa, Mac Óg an Rí.’

A phobal tá ag féile Chríost,
Cuimhnímis go beacht ‘s go cruinn
Ar dhein ár n-athair go fial dúinn,
A aonmhac dílis do sheoladh chugainn.

Le Muire Naofa guímid chun
Dia le cion ar fhéile Chríost
I mBeithil úd an oíche fhuar
gur rugadh dúinn ár Slánaitheoir

An oíche roimh an eachtra úd,
An Mhaighdean uasal mhór faoi bhrón,
Le Iósaef séimh anonn ‘s anall
Ag lorg lóistín oíche dhóibh.

Ó éistigí ar chual’ an scéal,
Do ruaigeadh iad an bheirt araon,
Go bhfuair siad scáth ón oích’ monuar,
Ar thaobh an chnoic i gcró bocht fuar.

Traidisiúnta


Journey of the Magi

Dia do bheatha, a Naí anocht
Dia do bheatha, a Naí anocht,
Do ghabh id' Dhiagacht daonnacht,
Dár saoradh a Chnú chroí,
A Bhrú mhaoth-ghlan Mhaighdine

Íseal ann do bhí ár bhFlaith
I gcró cúng an asail
Fáilte roimh a theacht Dá thoil
Nuair a d’fhág sé Neamh um Nollaig

Tréana thoil, a thrua ‘s a ghean,
Thug Dia a Mhac 'na fhír-fhear
Dár gcosaint ó gleann na gciach,
A Rí, a Athair, A Aon-Dia.
Aodh Mac Aingil 1571-1626

Coinneal na Nollag
Lasfaidh mé coinneal na Nollag
Agus cuirfidh mé í san fhuinneog,
Ag fáiltiú roimh Mhuire is an leanbh
A rugadh sa stábla fadó

 


Geertegen Tot Sint Jans 1490

Oíche Chiúin
Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
Cách 'na suan, dís araon,
Dís is dílse ‘faire le spéis,
Naí beag gnaoigheal ceananntais
caomh
Críost ‘na chodladh go séimh,
Críost ‘na chodladh go séimh.

Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
Aoirí ar dtús chuala an scéal,
"Aililiú" aingil ag glaoch
Cantain Suairc i ngar is i gcéin
Críost ár Slánaitheoir féin,
Críost ár Slánaitheoir féin.

 

 

 



Brontanas Nollag! Céard faoi Leabhair Gaeilge ? Give a present of a book in the Irish Language this Christmas.
Hundreds and hundreds of books in Irish for Adults, Children of all ages, learners etc are on sale this Christmas. Unfortunately, the majority of Irish people are totally unaware of this fact. Very very few high street shops stock books in Irish. However, all of the main publishers of Irish books will sell to you on-line. Click on these links below and open your Súil Eile.
Ceannaigí leabhair do do pháistí agus do chairde i mbliana:-
Oscail do Shúl Eile!

Conradh na Gaeilge have a fantastic irish language Bookshop at No 6 Harcourt St. just up from St. Steven's Green.
Tabhair cuiart ar an Siopa Leabhar.
6 Sr. Fhearchair. BÁC.

 

Litríocht.com

An Siopa Leabhar
 
Coiscéim

Cló Mhaigh Eo

Cló Iar Chonnachta

Máire Breathnach - Leabhair do Pháistí

Glór na nGael

Futa Fata Féach Facebook 

Údar.ie 

Gaelchultúr  

Cúpla Focal

Leabhar Breac

Coiste Átha Buí le Gaeilge:  Cathaoirleach: Antaine Ó Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De Faoite.  Máire Ní Dhonnchú. Nollaig Ó Maonaigh. Alan Ó hEadhra.  Pádraig Ó Standúin.   info@athbui.com