|
 |
Nuachtlitir
Newsletter
Craobh
Uí Ghramhnaigh
Baile
Átha Buí
Mí na Samhna
/ November 2008
|

Eoghan Ó Gramhnaigh
Laoch na Gaeilge
|
|
Ag Obair leis an bPobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn
Working with the Community to Promote the Irish Language |
|
San
Eagrán seo / In this issue: |
|
Tlachta na
nDraoithe
Websites with
audio Irish lessons
Féile na Mí
Naomh
Oilibhéar Pluincéad
Uachtarán nua
ar Chonradh na Gaeilge
|

Tlachta of the Druids
Websites with audio Irish lessons
Féile na Mí
St. Oliver Plunkett
New President of Conradh na Gaeilge |
|
|
|
Tlachta na
nDraoithe |
|
 |
Cé nach bhfuil mórán cáil ar an
gcnoc seo sa lá atá inniu ann, áit bheannaithe ab ea
Cnoc Tlachta d'ár shinsir fadó. Ón mbarr tá
feiceáil ar mhachairí na Mí, ó dheas chomh fada le
sléibhte Bhaile Átha Cliath agus ó thuaidh chomh
fada le Sléibhte Cuaille i gCo. Lú. 390 troigh ar
airde atá Cnoc Tlachta agus tá sé suite idir Bhaile
Átha Buí agus Gaeltacht Ráth Chairn.
Suíomh polaitiúil a bhí i gCnoc
na Teamhrach fadó ach bhain Tlachta le reiligiúin na
nDraoithe. Is ar Thlachta a thosaigh Féile na
Samhna i bhfad siar, féile atá á cheiliúradh sa lá
atá inniu ann ar fud an domhain. |
|
Long ago,
Tlachta was a holy place for our ancestors.
Overlooking the plains of Meath, one mile east of
Athboy, Tlachta is the least known of all ancient
sites in the country. Tlachta stands 390 feet above
sea level and commands fine views of the surrounding
countryside.
The Hill of Tara was the political capital but
Tlachta was the main religious centre. This is the
birth place of a festival which is celebrated in
most countries in the world today – Halloween.
|
|
Anseo a lastaí an
tine bheannaithe roimh fhéasta mhór
na Teamhrach. Múchadh gach uile tine
in Éirinn ar an oíche sin. Thugtaí
an tine bheannaithe uaidh Thlachta,
go dtí Teamhair na Rí, aistir 12
míle.
Sa bhliain 2000,
cheap Joe Conlon, Cathaoirleach
Fhóram Fhorbartha Átha Buí, go
ndéanfaidh athbheochan ar an bhFéile
ársa seo, agus go dtiocfadh slua le
chéile ar an gCnoc gach oíche
Shamhna. Dhá bhliain ina dhiaidh
sin, thosaigh Teampall Chaillí na Mí
ag glacadh páirt ann. Féile an-suimiúil
atá anois ann. Bíonn searmanais agus
feistis álainn orthu agus léiríonn
siad, b’fhéidir, conas mar a bhí
Cnoc Thlachta i gCo. na Mí 2000
bliain ó shin. Is fiú go mór cuairt
a thabhairt ar an gcnoc ar Oíche
Shamhna.
Tuilleadh Eolas:
http://www.iolfree.ie/~tlachtga/
|
|
It was here on the festival of
Samhain that the sacred fire was
kindled as a prelude to the Feast of
Tara. All the fires in Ireland were
quenched on this night. The fire was
then brought on the 12 mile journey
to Tara of the Kings.
Back in 2000 Joe Conlon Chairman of
the Athboy Heritage Forum decided to
bring the festival back to the hill.
That year in was just a small
gathering on top of the hill on
Halloween night. Two years later,
Teampall Chaillí na Mí took part in
the festival. With there beautiful
costumes and ceremonies they give an
insight to what it may have been
like on the hill 2000 years ago. It
is a beautiful night to be enjoyed
by people of all ages, and all are
welcome to come and join in and see
for themselves.
More Information:
http://www.iolfree.ie/~tlachtga/
|
|
|
 |
Using the Internet to
learn Irish -
These sites have audio
Irish lessons. You can start learning from the
comfort of your computer. |
|
|
|
|
Féile
na Mí 2008 |
|
Aoine 7ú Samhain
Oscailt Oifigiúil le Nollag Ó Diompsaigh T.D.
7.15i.n i nGrianstad na hUaimhe
7.45i.n Lainseáil Leabhar Sheanchais Thomáis Uí
Mhunghaile, údar,
‘Ó Bharr Thrámh go Baile Ghib’
Le Irene Ní Nualláin TG4.
Ceolchoirm a chur i láthair ag
An tOllamh Mícheál Ó Súilleabháin,
Ollscoil Luimnigh, Mel Mecier agus ceoltóirí ó Ráth
Chairn.
8.00i.n Ticéid €25.00
Is féidir ticéid a chur in airithe don cheolchoirm
ag 046 9092300/oifig an
Chomharchumainn 046 9432381/9432068.
Satharn 8 Samhain
Aifreann na Féile,
Séipéal Naomh Oilibhéir,
An Uaimh 6.00i.n
Dé Máirt 11 Samhain
Bronnfar Fáinní Gaeilge ar dhaltaí i Scoil Bhaile
Ghib agus Scoil Éanna,
An Uaimh.
Céadaoin 12 Samhain
Tráth na gCeist, Coláiste Pobail Áth Buí, 8.00i.n
Aoine 14 Samhain
Comórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós do dhaoine óga
7.00i.n
**********************************
|
Comórtas Bodhrán do dhaoine ós cionn 16 bliana déag
9.00i.n., in ómós do
Martin Kerrane
Oíche Cheoil in ómós Bhrian Uí Bhroin 10.00i.n
Na Galtees-Scadán Rua
*********************************
Satharn 15 Samhain
Ceardlann Bodhráin 12.00 le Stiofán Ó Broin
Comórtas Damhsa ar an Sean-Nós do Dhaoine Óga Faoi
3.00i.n.
*******************************
Comórtas Damhsa ar an Sean-Nós do Dhaoine Fásta
4.30i.n
Duaiseanna airgid 1. €400 2. €250 3. €150
*******************************
Comórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós do dhaoine
fásta 8.00i.n
1 áit €600, 2 .€400, 3.€200
Ceol: Éamon & Micheál
Domhnach 16 Samhain
Seisiún mhór ceoil, amhránaíochta agus rince. Áras
Pobail, Ráth Chairn.
Máirt 18 Samhain
Léacht i gCeanannas Mór
Óstán Headford 8pm.
Déardaoin 20 Samhain
Dinnéar na Féile 8.00i.n
Dunderry Lodge
Bronnfar Gradam Uí Ghramhnaigh agus Gradam
Chultúrtha na Gaeltachta le linn na hócáide.
(Ticéid ar fail do Dhinnéar na Féile ó oifig an
Chomharchumainn
(046) 9432068/9432381,
Máire Uí Fhearghusa (046) 9240407
Satharn 22 Samhain
Dámh na Mí
Scéalaíocht le Gearóidín Bhreathnach 7.30i.n Áras
Pobal Ráth Chairn.
Domhnach 23 Samhain
Lainseáil Dlúth Dhiosca Ghaeltachtaí na Mí
Ráth Chairn agus Baile Ghib
4.00i.n Áras Pobal Ráth Chairn |
|
|
Naomh
Oilibhéar Pluincéad /
Saint Oliver
Plunkett
Archbishop & Martyr
a rugadh ar an 1ú Samhain
1625 / born on the
first of November 1625 |
 |
Rugadh
Oilibhéar Phluincéid ar an 1ú Samhain 1625 i Loch
Craobh, in aice le Sliabh na Caillí, An
Seanchaisleán i Co. na Mí. Clann Angla-Normannach
mór le rá a bhí i muintir Phluincéid. Thug sé
aghaidh ar Choláiste na nGael sa Róimh sa bhliain
1647 agus ornaíodh ina shagairt é sa bhliain 1654.
D’iarr sé cead fanacht sa Róimh chun chos ar bolg
Chromail a sheachaint. Déanadh ollamh diaganta de sa
bhliain 1657.
Le h-imeacht ama, laghdaigh géarleanúint na
gCaitliceach agus ceapadh é ina ardeaspag ar Ard
Mhacha sa bhliain 1669. Thosaigh sé ag cur ord agus
eagair ar an Eaglais a bhí i ndroch chaoi. Thóg sé
scoileanna do pháistí agus don chléir chomh maith, a
cheap sé a bhí aineolach i gcúrsaí diaganta. Thug sé
faoi fhadhb an óil a bhí i measc an chléir ag rá,
'Let us remove this defect from an Irish priest,
and he will be a saint.’
|
|
Plunkett
(or Plunket) was born into an influential
Anglo-Norman family on 1 November 1625 at Loughcrew,
near Oldcastle, Co Meath. In 1647, he travelled to
the Irish College in Rome, and was ordained a priest
in 1654. To avoid Cromwellian persecution, Plunkett
petitioned to remain in Rome, and in 1657 became a
professor of theology.
In time anti-Catholicism eased, and in 1669 Plunkett
was appointed archbishop of Armagh. He set about
reorganising the ravaged Church, and built schools
both for the young and for clergy whom he found
'ignorant in moral theology and controversies'.
He tackled drunkenness among the clergy, writing
'Let us remove this defect from an Irish priest, and
he will be a saint.' |
|
Sa
bhliain 1670, thug sé comhdháil na n-easpag
le chéile i mBaile Átha Cliath agus thug sé
sionaid go leor le chéile ina ard-dheoise
féin. Bhí easaontas idir é fhéin agus Peter
Talbot, Ardeaspag Bhaile Átha Cliath áfach,
faoi cé acu a chóir a bheith mar Phríomháidh
na hÉireann. Chuir sé as do na Proinsiasaigh
de bharr gur thaobhaigh sé le na Doiminicigh
ina n-éadan in aighneas a bhain le maoine.
Nuair a cuireadh tús le géarleanúint na
gCaitliceach arís sa bhliain 1673, b’éigean
don Phluincéadach dul i bhfolach ar feadh
tamaill. Dhiúltaigh sé clárú ag calafort
agus fanacht ansin nó go bhfaigheadh sé
bealach chun na mór-Roinne. Sa bhliain 1678
tharla tuilleadh géarleanúint ar Chaitlicigh
de bharr an ‘Popish Plot,’ bréag a bhí
cumtha ag fear darbh ainm Titus Oates.
Gabhadh an t-Ardeaspag Talbóid agus chuaigh
an Phluincéadach i bhfolach arís. Dúradh
leis an Rí-Chomhairle i Londain ag an am go
raibh baint aige le ionradh ón bhFrainc a
phleanáil
I Nollag na bliain 1679, cuireadh an
Phluincéadach i bpríosún i gCaisleán Bhaile
Átha Cliath, áit ar thug sé maithiúnas don
Easpag Talbóid ar leaba a bháis. Tugadh as
sin go Londain é agus ciontaíodh é le h-ardtréas
i Meitheamh na bliana 1681. Ciontaíodh é le
fianaise bréagach ó bheirt Phroinsiasaigh.
Ba é Oilibhéar Phluincéid an mairtíreach
deireanach a cuireadh chun báis ar chnoc
Tyburn i Sasana ar an 1ú Iúil 1681. Crochadh
é, baineadh amach a phutóga, agus déanadh
ceithre chuid dó. Déanadh Oilibhéar
Phluincéid Beannaithe de sa bhliain 1920
agus ornaíodh ina naomh é sa bhliain 1975,
an chéad naomh Éireannach le beagnach 700
bliain. |
In 1670, he summoned an
Episcopal conference in Dublin, and later
held numerous synods in his own arch
diocese. However, he had a long standing
difference with the archbishop of Dublin,
Peter Talbot, over their rival claims to be
primate of Ireland. He also antagonised the
Franciscans, particularly when he favored
the Dominicans in a property dispute.
With the onset of new
persecution in 1673, Plunkett went into
hiding for a time, refusing a government
edict to register at a seaport and await
passage into exile. In 1678, the so-called
Popish Plot concocted in England by Titus
Oates led to further anti-Catholicism.
Archbishop Talbot was arrested, and Plunkett
again went into hiding; the privy council in
London was told he had plotted a French
invasion.
In
December 1679, Plunkett was imprisoned in
Dublin Castle, where he gave absolution to
the dying Talbot. Taken to London, he was
found guilty in June 1681 of high treason,
largely on perjured evidence from two
disaffected Franciscans. On 1 July 1681,
Plunkett became the last Catholic martyr in
England when he was hanged, drawn and
quartered at Tyburn. He was beatified in
1920 and canonised in 1975, the first new
Irish saint for almost seven hundred years.
Sliocht aistrithe ó:
http://www.irelandseye.com/irish/people/famous/oplunkett.shtm
Féach:
http://www.loughcrew.com/st_oliver_plunkett.htm
|
|
|
|
Uachtarán Nua-thofa Chonradh na Gaeilge |
 |
Tá Pádraig Mac Fhearghusa ó
Chraobh Thrá Lí tofa mar Uachtarán ar Chonradh na
Gaeilge. Is Cathaoirleach ar Chraobh Thrá Lí é
Mac Fhearghusa mar aon le ball gníomhach de
Bhuanchoiste agus de Choiste Gnó an Chonartha le
tamall maith de bhlianta. Is eagarthóir cumasach na
hirise míosúla FEASTA é faoi chúram Clódhanna
Teoranta, comhlacht foilseacháin an Chonartha.
Go n-éirí leat sa bpost nua a Phádraig. |
|
Pádraig Mac Fhearghusa from Craobh
Thrá Lí, has been elected president of Conradh
na Gaeilge for the period 2008-2009. Mac Fhearghusa is the chairperson of
Craobh Thrá Lí, as well as being an active member of
Conradh na Gaeilge's permanent agus business
committees, for many years. Mac Fhearghusa is the
accomplished editor of the monthly magazine Feasta,
under the auspices of Clódhanna Teoranta, Conradh na
Gaeilge's publishing house.
|
|
|
Coiste Átha Buí le Gaeilge: Cathaoirleach: Antaine Ó
Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De
Faoite. Coiste: Máire Ní Dhonnchú, Nollaig Ó Maonaigh.
Teagmháil / Contact:
info@athbui.com |