|
 |
Nuachtlitir / Newsletter
Craobh Uí Ghramhnaigh
Baile Átha Buí
Mí na Nollag / December 2008
Beidh Nuachtlitir na Nollag ag
teacht an t-seachtain seo chugainn.
Special Christmas Newsletter coming next week.
|

Eoghan Ó Gramhnaigh
Laoch na Gaeilge
|
|
Ag Obair leis an bPobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn
Working with the Community to Promote the Irish Language |
|
San
Eagrán seo / In this issue: |
|
Comhaltas Ceoltóirí Éireann
Seirbhís Aistriúcháin don Phobal na Nollag
Féile na 2008
Cumann Dramaíochta Átha Buí
Cúrsaí Pobail - Comhghairdeas le Co. Co. na Mí
Ranganna Gaeilge
|
C.C.É. - AGM chooses new name for Branch
Christmas Community Translation Service
Féile na 2008
Athboy Drama Group
Community Matters - Meath Co. Co. Bilingual Newsletter
Irish classes |
|
Comhaltas Ceoltóirí
Éireann - C.C.É. Tlachtga
C.C.É. - AGM decides new name for Branch
|
 |
Bhí slua deas i
láthair in Ostán an Darnley le h-aghaidh Cruinniú
Cinn Bhliana de C.C.É. I measc na rudaí a pléadh,
bhí Cóisir na Nollag. Beidh sé ar siúl i Lóiste Dhún
Doire ar an Déardaoin, 11 Nollaig. Tá ticéid ar fáil
ó Ena McKiernan ar 086 3140507.
Beidh Ceolchoirm na Nollag i Halla Naomh Séamus in
Áth Buí ar an 14 Nollaig ag a 3 a chlog. Bíonn an
cheolchoirm seo fíor spéisiúla i gconaí mar tugtar
cuireadh do gach páiste dhul ar an ardán . Is ócáid
mhór í seo do na gasúir agus a ngaolta.
Beidh Turas Ceolmhar go Londain ar an 14,15,16ú Feabhra don
deireadh seachtaine . Níl na pleananna go
léir socraithe fós ach beidh seó agus seisiúin i
gceist san Ionad Ghaelach i Hammersmith. Má tá suim
agat ann, cuir glaoch ar Ena 0863140507 nó ar
Chaitríona 087 9471323.
Leanfaidh na céilithe mar is gnáth ar an tríú
deireadh seachtaine den mhí agus rang damhsa seite
gach Déardaoin sa halla i nDún Doire.
Beidh Rang Sean-Nóis gach Mháirt i Halla Naomh
Seamus Áth Buí.
Beidh Ranganna Ceoil agus amhránaíochta gach Luain
agus Aoine sa bPobal Scoil in Áth Buí.
Rinneadh cinneadh mór ar an oíche go n-athrófaí ainm
na Craoibhe chun aitheantas a thabhairt don líon mór
gasúir atá ag freastal ar ranganna ón gceantar
máguaird. 'Sé an t-ainm nua ná: C.C.É. Tlachtga, Co na
Mí. Ar ndóigh, is áit fíor stairiúil í Tlachtga. |
There was a good attendance at the Comhaltas
Ceoltóirí Éireann A.G.M. in the Darnley Hotel. Among
the items discussed were:
Cóisir na Nollag (Christmas Party) which will be held in
11th Dec in Dunderry Lodge. Tickets are available
from Ena ar 086 3140507.
Ceolchoirm na Nollag (Christmas Concert) will be
held in St. James Hall on the 14 Dec. at 3.00pm.
This is a very interesting concert ever year because
all the children are asked to perform on stage. It
is a big event for the
children and their relations.
There will be a musical tour to London on the 14,
15, 16th February. Plans are not yet finalised for
this tour but there will be a session in the
Irish Centre in Hammersmith. If you are interested
in going on this tour contact Ena on 0863140507 or
Caitríona on 087 9471323.
Céilithe will be held as usual on the third weekend
of the month and set dancing classes every Thursday
in Dunderry hall.
Sean -Nós classes will be held every Tuesday in St.
James Hall.
Music and singing classes will take place every
Monday and Friday in the Community School.
A big decision was made on the night to change the
name of the branch in order to take into account the
large numbers of children attending classes from the
surrounding area. The branch will now be known as
C.C.É. Tlachtga, Co. na Mí, taking the name of the
historic hill in centre of this area. |
|
|
Seirbhís Aistriúcháin
don Phobal le haghaidh na Nollag
Christmas Community Translation Service
|
Tá Seirbhís Aistriucháin don Phobal ar fáil saor in
aisce do shiopadóirí agus grúpaí pobail sa bparóiste.
Níl ort ach teacsáil chuig 086
1533479 nó r-phost a sheoladh chuig
info@athbui.com
|
| Baile Átha Buí le Gaeilge are providing a free
translation service to local shops and community
groups in the parish this Christmas.
Text 086 1533479 or e-mail
info@athbui.com
|
|
|
Féile na 2008
DVD seolta ag MFG na Mí / DVD produced by MFG na Mí
Gradam Uí Ghramhnaigh / Gradam Cultúrtha na Gaeltachta |
|



Comhghairdeas do Mheitheal
Forbartha na Gaeltachta agus bainisteoir Mheitheal
na Mí, Gearóid Breathnach as ucht an dlúthdhíosca
agus DVD a sheoladh de cheoltóirí agus amhránaithe ó
Ghaeltachtaí na Mí. Tá ocht nóiméad ag tús an DVD ar
stair Ghaeltachtaí na Mí, agus roghnaíodh na h-amhránaithe
agus na ceoltóirí ó Bhaile Ghib agus ó Ráth Chairn.
Is fiú go mór é a cheannach mar Bhronntanas Nollag.
Bronnadh Gradamacha Fhéile na Mí ag
Dinnéar na Féile ar an 20ú Samhain i Lóiste Dhún Doire.
Bronnadh Gradam Cultúrtha na Gaeltachta ar Leo Mac
Oireachtaigh as Dún Doire. Tá blianta fada caite ag
Leo ag obair ar son an Chonartha. Is tábhairneoir i nDún Doire
é agus tá an teach tábhairne seo ag muintir ‘Geraghty’ le trí glúin
anuas. Labhair Leo ar a mhí na meala a chaith sé fhéin
agus a bhean i nGaeltacht Chiarraí agus ar na
cuairteanna a thug siad ar an gceantar sin ó shin i
leith.
Bronnadh Gradam Uí Ghramhnaigh ar Simon Ó Cróinín ar
son a chuid oibre le h-Áth Buí le Gaeilge agus as
ucht an obair atá déanta aige ag eagrú ranganna
Gaeilge do dhaoine fásta sa gceantar. Labhair Simon
ar an n-gá atá le deiseanna chainte a eagrú le h-aghaidh
foghlaimeoirí. Mhol sé an scéim ‘Cara
le Gaeilge’ atá ar bun i Ráth Chairn mar shampla
an-mhaith chun dul chun cinn a dhéanamh. |
|
Congratulations to Meitheal
Forbartha na Mí and to their manager Gearóid
Breathnach on the launch of a new CD and DVD of
singers and musicians from the Meath Gaeltachtaí.
There is an 8 minute doc/drama at the start of the
DVD on the history of the Meath Gaeltachtaí and the
singers and musicians were all from Ráth Chairn
and Baile Ghib. Well worth it for a nice Christmas
present.
The Féile na Mí Awards were
presented on the 20th Nov. at Dinnéar na Féile in
Dunderry Lodge. Leo Geraghty from Dún Doire received
the Gradam Chultúrtha na Gaeltachta award. Leo has
been active in Conradh na Gaeilge for many years. He
is a publican in Dún Doire and his pub has been in the Geraghty
family for three
generations. He spoke of his honeymoon in the Kerry
Gaeltacht and of the many holidays he and his wife
have spent in that region.
Simon Ó Cróinín received Gradam Uí Ghramhnaigh for
his work with Áth Buí le Gaeilge and organising
Irish language classes for adults. He spoke of the
need to create opportunities for learners to speak
Irish in the company of fluent speakers. He
praised the ‘cara le Gaeilge’ initiative in Ráth
Chairn as a very good example of how to make
progress. |
|
|
Cumann Dramaíochta Átha
Buí ag dul ó neart go neart
Athboy Drama group go from strength to strength
|
|
 |
Tá trí léiriú den scoth déanta
ag Cumann Drámaíochta Átha Buí den dráma
'The Field,' a cheaptar a bheith ar cheann de na
dráma is fearr a scríobh John B. Keane.
Tá an cumann drámaíochta ar an bhfód anois le sé
bliana agus tá
an-tacaíocht faighte acu ón bpobal do gach dráma a
cuireadh ar an stáitse i
rith na mblianta sin.
Tá pleananna ag Fóram Fhorbartha Átha Buí chun
tuileadh oibre a dhéanamh ar
an halla, go mór mór ar an stáitse. Go n-éirí go geal
leo. |
Athboy Drama
Society staged three fantastic performances of John
B. Keane's
'The Field,' considered to be one of his finest
plays featuring the famous
and iconic character , The Bull McCabe. The Athboy
Drama Society is now six
years in existence and has received great local
support for all its
productions over the years.
Athboy is lucky to have a local hall whish is very
suitable for amateur
productions such as this one. Athboy Development
Forum has plans under way
for more development on the stage and backstage
area. Go n-éirí go geal
leo. |
|
|
Cúrsaí Pobail -
Comhghairdeas le Comhairle Contae na Mí
Community Matters - Congrats to Meath County Council on
Bilingual Newsletter |
 |
Comhghairdeas leis An Rannóg Pobail agus
Fiontair de Chomhairle Contae na
Mí as ucht an chéad eagrán dhátheangach den iris
'Cúrsaí Pobail,' eagrán
Fhómhair / Gheimhridh, a scaipeadh ar chuile theach
sa gContae le gairid.
Tá an t-iris iomlán dhátheangach agus thar a bheith
suimiúil.
B'fhiú r-phost molta a sheoladh acu.
Seol r-phost chuig;
eolas@meathcoco.ie
Nó scríobh chuig: An Rannóg Pobail agus Fiontair,
Comhairle Conte na Mí, An
Uaimh. |
 |
Congratulations to The
Community & Enterprise Section of Meath County
Council which has produced its first bilingual
edition of
Community Matters, which has been delivered to all
homes in the County.
This bilingual edition is a very interesting and
informative publication.
The magazine is in the tumble-book or back-to-back
style,
which is widely used in Wales and in other bilingual
countries.
If you would like to congratulate them on their
first bilingual edition,
send your e-mail to: info@meathcoco.ie
Or write to:
The Community & Enterprise Section, Meath Co. Co.
Navan. Co. Meath. |
|
|
Ranganna Gaeilge faoi
lán seoil
Irish classes in full swing |
Tá na ranganna Gaeilge do dhaoine fásta ag
dul ar aghaidh faoi láthair i Ráth Chairn agus i
mBaile Átha Buí. Beidh sraith eile ranganna ag tosú
i Ráth Chairn tar éis na Nollag. Má tá suim agat ann
cuir glaoch ar Ann ar 046 9432381.
Ní raibh sé riamh chomh h-éasca ranganna a eagrú do
dhaoine fásta ó tháinig An Teastas Eorpach de chuid
OÉ Mhaigh Nuad ar an saol.
Tá an t-ábhar theagaisc do mhúinteoirí agus
foghlaimeoirí, eagraithe de réir topaicí na
siollabas agus ar fáil anois ar
http://www.teg.ie/gaeilge/teagasc.htm
Tá treoracha, script agus FUAIM
ar fáil ar an suíomh i gcomhair 3 leibhéal. A1, A2
agus B1. |
Irish classes for adults
are in full swing at the moment in Ráth Chairn and
Athboy. Another series of classes will begin after
Christmas in Ráth Chairn. If you are interested,
contact Ann on 046 9432381
It has never been so easy to organise classes as it
is since the European Cert. Syllabus from NUI
Maynooth has been developed.
The teaching and learning materials are available on
http://www.teg.ie/gaeilge/teagasc.htm
which includes, directions, scripts and
AUDIO for levels A1, A2 and
B1. |
|
|
Coiste Átha Buí le Gaeilge:
Cathaoirleach: Antaine Ó
Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De
Faoite. Coiste: Máire Ní Dhonnchú, Nollaig Ó Maonaigh.
Teagmháil / Contact:
info@athbui.com
|