Beannachtaí na Féile oraibh - Christmas Greetings |
Le gach Dea-Ghuí i gcomhair na Nollag is na hath bhliana
With every good wish for Christmas and the new year
Nollaig faoi shéan ‘is faoi mhaise duit.
Nollaig shona duit (daoibh) Happy Christmas to you (ye)
Síocháin na Nollag inár measc May the peace of Christmas be among us
Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise Happy Christmas and a prosperous new year
Guímid Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise dár gcustaiméirí go léir.
We pray that you will have a happy Christmas and a prosperous new year to all our customers.
|
Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agustus an domhan uile a chlárú. B’é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír. Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin. Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin, chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. Agus tharla, le linn dóibh bheith ann, gur tháinig a hionú, agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta. Lucas 2:1
|
Now at this time Caesar Augustus issued a decree for a census of the whole world to be taken. This census - the first - took place while Quirinius was governor of Syria, and everyone went to his own town to be registered. So Joseph set out from the town of Nazareth in Galilee and travelled up to Judea, to the town of David called Bethlehem, since he was of David's house and line, in order to be registered together with Mary, his bethrothed, who was with child. While they were there, the time came for her to have her child, and she gave birth to her firstborn son. She wrapped him in swaddling clothes and laid him in a manger, because there was no room for them in the inn. Luke 2:1-8
|
Cuireadh do Mhuire
An eol duit, a Mhuire,
Cá rachair i mbliana
Ag iarraidh foscaidh
Do do Leanbh Naofa,
Tráth a bhfuil gach doras
Dúnta ina éadan
Ag fuath is uabhar
An chine dhaonna?
Deonaigh glacadh
Le cuireadh uaimse
Go hoileán mara
San Iarthar cianda:
Beidh coinnle geala
I ngach fuinneog lasta
Is tine mhóna
Ar theallach adhainte
Máirtin Ó Direáin a scríobh ar Inis Mór, Oileán Árainn, i Mí na Nollag, 1940 |
An Invitation to Mary
Do you know Mary where you will go this year
Looking for shelter for your holy infant
A time when every door is closed in your face
By hate and pride
Of the human race
Wanderer, accept
An invitation from me
To an island in the sea
Far away in the west
There will be bright candles
In every window lit
And a turf fire
Burning on the hearth
Written by Máirtín Ó Direáin on Inis Mór, Arran Islands, Christmas 1940
|
Oíche Nollag
Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh beachta,
Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc,
Adaigh an tine is téir chun leapan,
Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht
Fágfaidh an doras ar leathadh ina coinne,
An mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,
Deonaigh do shuaimhneas a ligint, a Mhuire,
Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht
Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,
Cóiriú gan caoile, bia agus deoch,
Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda,
Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht
Máire Mhac an tSaoi
|
Christmas Eve by Máire Mhac an tSaoi
With candles of angels the sky is now dappled,
The frost on the wind from the hills has a bite,
Kindle the fire and go to your slumber
Jesus will lie in this household tonight.
Leave all the doors wide open before her,
The Virgin who comes with the child on her breast;
Grant that you'll stop here tonight, Holy Mary,
That Jesus tonight in this household may rest.
The lights were all lighting in that little hostel,
There were generous servings of victuals and wine
For merchants of silk, for merchants of woolens,
But Jesus will lie in this household tonight.
|
| Coiste: Cathaoirleach: Antaine Ó Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De Faoite. Máire Ní Dhonnchú. Nollaig Ó Maonaigh. Alan Ó hEadhra. Pádraig Ó Standúin. info@athbui.com |
|