Nuachtlitir   Newsletter

Craobh Uí Ghramhnaigh 

Baile Átha Buí

Aibreán / April 2009

Eoghan Ó Gramhnaigh

Laoch na Gaeilge

Ag Obair leis an bPobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Working with the Community to Promote the Irish Language

San Eagrán seo / In this issue:

 Paráid Átha Buí
An Caoladóir
Audio Links  'Is féidir Linn'
www.teg.ie 
Webtext

 

Athboy Parade
The Basket Maker
Audio Links - 'Yes We Can' 
www.teg.ie 
Webtext service

Paráid Átha Buí 2009 

Bhí slua mór arís i mbliana ag paráid Átha Buí ar Lá Fhéile Pádraig.
Mar chuid den fhéile, d’eagraigh Conradh na Gaeilge Comórtas Fuinneoga le duais don siopa is fearr a léirigh úsáid na Gaeilge. I mbliana bhí an bua ag an Siopa Éadaí Melama ar an bPríomhshráid. 
Comhghairdeas mór leo agus le gach duine a ghlac páirt sa gComórtas. 

A large crowd attended the St. Patrick's Day Parade in Athboy. As part of the festival, Conradh na Gaeilge organised a Window display Competition for the shop that best displayed the Irish language.  Congratulations to this year’s winner, the ladies clothes shop Melama and to all who took part in the competition. 

 

        Caoladóir Chill Bhríde agus a Ghairdín Saileach
The Basketmaker from Kilbride and his Sally Garden 


 

Thug muid cuairt ar ghairdín Sheáin Uí Laoire atá ina chónaí len a bhean chéile Nóra i gCill Bhríde idir Baile Átha Buí agus Baile Átha Troim. As Chiarraí do Sheán ó thús ach tá sé anseo i gCo. na Mí le fada an lá. Fear mór cheoil agus damhsa é agus tá baint mhór aige le CCÉ leis na mblianta. Tá suim mhór aige sa gcaoladóireacht agus le roinnt blianta anuas tá sé ag fás a chuid slatrachaí seile féin. Rinne sé roinnt chúrsaí caoladóireachta le Joe Hogan, caoladóir ghairmiúil i gConamara. Fásann na slatrachaí tuairim is ocht dtroithe in aon séasúr amháin agus baintear iad sa gheimhridh nuair atá na duilleoga titithe. Fágann sé na slatrachaí ina seasamh in uisce chun iad a dhéanamh níos boige sula dtosaíonn sé ag déanamh ciseán. Tá sé an-tábhachtach na sean cheirdeanna ar nós an chaoladóireacht a choinneáil beo agus iad a mhúineadh don ghlúin óig.
We visited the garden of Seán Ó Laoire who lives in Cill Bríde between Áth Buí and Áth Troim. Seán is from Kerry but has been living in Co. Meath for many years now. He has a great interest in traditional music and dancing and is an active member of Comhaltas Ceoltóirí Éirinn for many years. He is very interested in basket weaving and for the last number of years he has been growing his own sallies. He has done several basket weaving courses with Joe Hogan, a professional basket maker from Conamara. The sally rods grow to a height of about eight feet in a season and they are harvested in the winter when the leaves fall. The rods are put standing in water to soften them before the weaving begins. It is very important that these old skills of the countryside live on into the future and are taught to the next generation.

Chaith mé cúpla uair a chloig leis ag féachaint agus ag foghlaim.  D'inis sé dom go bhfuil  uncail leis darbh ainm Pádraig Ó Duinnín a bhfuil conaí air sa Ráth Mhór i gCiaraí ina shár-chaoladóir chomh maith.  D'fhreastal siad beirt ar chúrsa leis an maistir Joe Hogan, i Loch na Fuai i gConamara.  Mhínigh sé go dtógann sé píosa maith de lá chun ciseán amháin mar é seo a dhéanamh agus a chríochnú i gceart.  Tá an scil uilig san ordóg adeir sé.  Tá súil aige triail a bhaint as an chléibh mhór oibre, an ceann cearnógach, sar i bhfad. Sin í a bhíodh crochta ar thaobh an asail fadó ach tá siad in úsáid anois chois na tine mar chiseáin mhóna.  (cibé cén fhad eile a bhéas cead againn móin a bhaint). Deir Seán,  'má thugann tú aire ceart don chléibh / ciseán, d'fhéadfadh sí seasamh suas le dhá scór bliain, agus is féidir caoi a chur air nuair is gá.' Ní cheapaim go bhfuil aon bhuicéad plaistic an aois sin ag aon duine agaibh timpeall an tí!

Na slatracha a d'fhás sé féin istigh sa scioból.

I spent a few hours with him, looking and learning. He told me that he has an uncle named Pádraig Ó Duinnín who lives in Ráth Mhór in Ciarraí who is a great basket maker also. They both attended a basketry course with the master basket-maker Joe Hogan in Loch na Fuaí in Conamara. He explained to me that it can take most of the day to finish one good basket properly. Most of the skill is in the thumbs he says. He hopes soon to make the old square working basket. That’s the old turf basked that hung on both sides of the donkey and is now used for the turf at the fireside, (that’s if we are allowed to cut turf any more).

He says that 'if a basket is minded properly, it can last for up to forty years and can be repaired when necessary.'  I don’t think you’ll find any plastic buckets of that age around your house!

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An ghairdín saileach nuair atá na slatracha bainte.

Nascanna chun an Ghaeilge a Fhoghlaim /  Links for Learning Irish 

Click Here -  Audio Links for learning Irish

''Is Féidir Linn''

Baile Átha Buí le Gaeilge has assembled a page of 7 links to various on-line Irish language lessons. These lessons vary from simple lessons for beginners, improvers and for people who are nearing fluency.  Some of the links speak with an Ulster accent, some with a western accent and others have no specific accent. Find the one that suits you best, and 'Is Féidir Leat, Yes You Can.'

 Gaeltacht - bookings  for students

Coláistí Gaeilge - An bhfuil áit curtha in áirithe do do dhéagóirí i mbliana. Mura bhfuil, lean an nasc seo -

http://www.athbui.com/6%20Colaisti%20Gaeilge.htm

Go hiondúil is i Mí Eanáir / Feabhra a dhéantar na socruithe chun freastal ar cheann de na Coláistí Gaeilge atá suite ar fud na Gaeltachta. Má tá suim agat freastal ar chúrsa i mbliana, tá súil againn go gcabhróidh an leathanach seo leat. Bhí tuairisc ar Radio na Gaeltachta le gairid ag rá go bhfuil roinnt spásanna fós ar fáil sna Choláistí i mbliana, mar sin níl sé ró-mhall go fóill chun iarratas a dhéanamh.
 

Coláiste Gaeilge – Have you book your teenagers into an ‘Irish College’ this summer? If not follow this link-

http://www.athbui.com/6%20Colaisti%20Gaeilge.htm

January / February is usually the month when thousands of young people apply to attend the scores of Irish language Summer Colleges which are in all our Gaeltacht areas. If you are interested in attending a college this summer, we hope that this page will be of assistance. Radio na Gaeltachta has reported that there are still places available in Irish colleges this year so it is not too late to apply.

Teastas Eorpach na Gaeilge 2009 www.teg.ie 


Spriocdhátaí d’iarratais / Deadline for applications
Is iad na spriocdhátaí d’iarratais ná: Applications must be received on or before the following dates:

A1 20 Márta 2009     A1 20 March 2009
A2 27 Márta 2009      A2 27 March 2009
B1 9 Aibreán 2009      B1 9 April 2009
B2 17 Aibreán 2009       B2 17 April 2009


Tuilleadh eolais / Further information
Ta an fhoirm iarratais agus tuilleadh eolais maidir leis na scrúduithe ar fáil ag an nasc seo:
The application form and other information pertaining to TEG exams are available at this link:
http://www.teg.ie/gaeilge/foirm_iarratais.htm

Cuir foirmeacha iarratais chuig an seoladh seo / Send applications to this address:

Ionad na dTeangacha,                              The Language Centre,
Ollscoil na hÉireann,                           National University of Ireland,
Má Nuad,                                           Maynooth,
Co. Chill Dara,                                   Co. Kildare,
Éire.                                                    Ireland.

Nó glaoigh ar / or call: 00353 (0)1 708 6417 / 708 3737.

 

 Webtext - O2 text service

Tá Áth Buí le Gaeilge ag cur seirbhís Webtext ar bun chun teagmháil rialta a dhéanamh le Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí i mBaile Átha Buí. Más mian leat go mbeidh d’uimhir ar an liosta seo, téacsáil an focal ‘Gaeilge’ le d’ainm chuig 086 1533479 nó seol r-phost chuig info@athbui.com  nó bígí i dteagmháil le duine den choiste. Áth Buí le Gaeilge are organising a Webtext service to Irish speakers and learners in Áth Buí. If you would like to be on this list, text the word ‘Gaeilge’ and your name to 086 1533479 or e-mail info@athbui.com  or contact any of the committee.
Coiste:  Cathaoirleach: Antaine Ó Duinnshléibhe. Rúnaí: Simon Ó Cróinín. Cisteoir: Deasún De Faoite.  Máire Ní Dhonnchú. Nollaig Ó Maonaigh. Alan Ó hEadhra.  Pádraig Ó Standúin.   info@athbui.com 

Back / Siar

 

 B 09